Eóin 16
16
CAIBIDIOL XVI.
Críochnú cainte Chríost le n-a dheisgiobulaibh.
1D’innseas na neithe seo dhaoibh ionus ná glacfadh sibh sgannal. 2Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun bhais sibh go mbeidh onóir aige ’á thabhairt do Dhia. 3Agus déanfaid siad na neithe sin libh-se toisg gan aithne bheith acu ar an Athair, ná orm-sa. 4Ach táid na neithe seo innste agam daoibh i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-am dóibh, go gcuimhneóchaidh sibh ar mé ’ghá n-innsint daoibh. 5Ach níor innseas na neithe seo dhaoibh ó thusach, mar bhíos i nbhúr bhfochair. Agus anois táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé, agus ní’l aoinne agaibh ’ghá fhiafraighe dhíom: Cá bhfuilir ag imtheacht?
6Ach toisg gur labhras na neithe seo libh do líon bhúr gcroidhe de dhólás. 7Ach táim-se ag innsint na fírinne dhaoibh: Isé bhúr leas mé dh’imtheacht; óir mura n-imthighead ní thiocfaidh an Sólásaidhe chúghaibh; ach má imthighim, cuirfead chúghaibh é. 8Agus nuair a thiocfaidh sé sin déanfaidh sé an domhan do dhaoradh i dtaobh an pheactha, agus i dtaobh cirt, agus i dtaobh breitheamhantais:#16:8 Ver. 8. i dtaobh an pheactha, nuair a tháinig an Spioraid Naomh do thug sé mílte chun a thuisgint cad é an peaca a bhí acu ’á dhéanamh tré gan Críost d’admháil; chun cirt Chríost do thuisgint, agus é n-a shuídhe anois ar dheasláimh a Athar; agus chun a thuisgint cad í an daor-bhreith atá i gcóir na ndaoine atá ag gabháil le Sátan, agus Sátan féin fé dhaor-bhreith anois. 9I dtaobh peactha, toisg ná creidid siad ionam-sa; 10I dtaobh cirt, óir táim ag dul chun an Athar, agus ní fheicfidh sibh mé feasda. 11Agus i dtaobh breitheamhantais, óir tá breitheamhantas tabhartha cheana féin ar priúnsa an domhain seo.
12Tá mórán eile neithe agam le rádh libh, ach ní féidir daoibh iad a bhreith libh anois. 13Ach nuair a thiocfaidh an Spioraid úd na fírinne, múinfidh sé dhaoibh an uile fhírinne. Óir ní h-uaidh féin a labharfaidh sé, ach labharfaidh sé gach a gcloisfidh sé; agus neósfidh sé dhaoibh-se na neithe atá le teacht.#16:13 Ver. 13. múinfidh sé dhaoibh an uile fhírinne. Feic an nóta ar 14:26. 14Tabharfaidh sé sin glóire dhómh-sa, óir is de m’ chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se. 15Gach uile nídh atá ag an Athair is liom-sa é. Uime sin iseadh adubhart: Is de m’ chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se.
16Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus ansan tamall beag airís, agus chífidh sibh mé; mar táim ag dul ag triall ar an Athair.
17Ansan dubhairt cuid d’á dheisgiobulaibh le n-a chéile: Cad é seo adeir sé linn? Tamall beag, agus ní fheicsidh sibh mé; agus tamall beag airís, agus chífidh sibh mé; agus, Mas táim ag dul ag triall ar an Athair? 18Agus dubhradar: Cad é seo adeir sé, Tamall beag? Ní fheadramair cad ’deir sé.
19Agus bhí fhios ag Íosa gur mhian leó é cheistiú; agus dubhairt sé leó: Táthaoí ag ceistiúchán eadraibh féin i dtaobh an fhocail sin adubhart: Tamall beag, agus ní fheicsidh sibh mé; agus, tamall, beag airís, agus chífidh sibh mé. 20Go deimhin, deimhin, adeirim libh, go ndéanfaidh sibh caoi agus gol, agus go mbeidh áthas ar an saoghal; agus go mbeidh sibh-se buartha, ach iompófar bhúr mbrón chun áthais. 21Nuair a bhíonn an bhean i mbreóiteacht clainne, bíonn buaireamh uirthi, toisg a h-am a bheith tagaithe; ach nuair a bheireann sí an mac, ní bhíonn cuimhne aici ar an dtein-neas, mar gheall ar an áthas, toisg duine bheith tagaithe ar an saoghal. 22Sin mar atá buaireamh oraibh-se anois, ach chífead-sa sibh airís, agus beidh áthas ar bhúr gcroidhe; agus ní bhainfidh aoinne bhúr n-áthas díbh. 23Agus ní fhiafróchaidh sibh aon nídh dhíom-sa an lá san. #Mait. 7:7; 21:22; Marc. 11:24; Lúc. 11:9; supra 14:13; Séam. 1:5.Go deimhin, deimhin, adeirim libh, má iarrann sibh aon rud ar an Athair am’ ainim tabharfaidh sé dhaoibh é. 24Go dtí so níor iarrabhair aon nídh am’ ainim: Iarraidh, agus gheobhaidh sibh, ionus go mbeadh bhúr n-áthas iomlán.
25Do labhras na neithe seo libh i bhfuirm soluídí. Tá an t-am ag teacht nuair ná labharfad libh feasda i soluídibh, ach neósfad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar. 26Sa lá san iarrfaidh sibh am’ ainim-se; agus ní deirim libh go nguidhfead an t-Athair an bhúr son; 27Óir tá grádh ag an Athair féin daoibh, toisg grádh bheith agaibh dómh-sa agus gur chreideabhair gur ó Dhia do ghluaiseas. 28Do ghluaiseas amach ó’n Athair, agus do thánagh ar an saoghal; táim ag fágáilt an tsaoghail airís, agus ag dul ag triall ar an Athair.
29Dubhairt a dheisgiobuil leis: Féach, anois taoí ag labhairt go soiléir, agus ní h-aon tsoluíd atá agat d’á labhairt. 30Tá fhios againn anois go bhfuil fios gach uile nídh agat, agus nách gádh dhuit aoinne bheith ’ghad’ cheistiú: as so creidimíd gur ó Dhia a ghluaisís. 31D’fhreagair Íosa iad: An gcreideann sibh anois? 32#Mait. 26:31; Marc. 14:27.Féach, tá an tráth ag teacht, agus tá sé tagaithe cheana féin, ’n-a sgaipfar sibh, gach duine chun a choda féin, agus ’n-a bhfágfaid sibh mise am’ aonar; ach ní’lim am’ aonar, mar tá an t-Athair am’ fhochair. 33Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh síothchain agaibh ionam-sa. Beidh trioblóid sa tsaoghal agaibh; ach glacaidh misneach, tá buaidhte agam-sa ar an saoghal.
historic text maintained by the Bible Society.