Na Sailm 13

13
Salm 13.
Usque quo, Domine?
1Cá fhad, a Thiarna, a ndéanfaidh tú síordhearmad orm: cá fhad a gceilfidh tú do ghnúis orm?
2Cá fhad a bheidh mʼanam ag cur comhairle, agus mo chroí faoin mbuaireamh seo: cá fhad a gheobhaidh mo naimhde mo bhua?
3Tugadh mo Thiarna Dia aire agus éisteadh sé liom: tugadh sé solas do mo shúile, ionas nach gcodlaí mé codladh an bháis.
4Ar eagla go ndéarfadh mo namhaid go bhfuair sé mo bhua: óir dá leagfaí go lár mé, chuirfeadh sin lúcháir ar lucht mo bhuartha.
5Ach bíonn dóchas agam as do thrócaire: is ábhar áthais do mo chroí do shlánú.
6Seinnfidh mé clú an Tiarna, ó ba ghrámhar a ghníomhartha liom: agus molfaidh mé Ainm an Tiarna, Ainm an Té is Airde.

선택된 구절:

Na Sailm 13: OC1965

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요