Lúcas 12
12
Caibidil XII
Iarrann Críost orainn sinn féin a choimhéad ar an bhréagchráibhtheacht, ar eagla roimh an tsaoghal, agus ar an tsainnt: agus cómhairligheann sé do gach aoinneach faire a dhéanamh.
1Agus nuair a bhí sluaighte móra ina seasamh thart, san chruth go raibh siad ag saltairt ar a chéile, thoisigh sé a rádh le n-a dheisciobail: Seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach,#Mait. 16, 6; Marc. 8, 15. ar bhréagchráibhtheacht é.
2Óir ní fhuil dadamh foluighthe, nach bhfoillseochar,#Mait. 10, 26; Marc. 4, 22. ná aon nídh fá cheilt, nach mbéidh fios air.
3Óir na neithe a dubhairt sibh san dorchadas, déarfar san tsolus iad, agus an rud a labhair sibh i gcogar ins na seomraí, dhéanfar é a chraobhscaoileadh ar mhullaigh na dtighthe.
4Agus deirim libh-se, a cháirde liom: Ná bíodh eagla oraibh rompa seo a mharbhas an corp, agus nach féidir leo níos mó a dhéanamh ina dhiaidh sin.
5Acht taisbeánfaidh mé díbh cé roimhe a mbéidh eagla oraibh: bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil cumhacht aige duine a chur go h-ifreann, i ndiaidh é a mharbhadh. Seadh, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe-sean.
6Nach ndíoltar cúig gealbháin ar dhá fheoirling? Agus ní dhéan Dia dearmad d’aon chionn amháin acu.
7Acht tá cómháireamh fosta ar ruibeacha bhur gcinn go h-uile. Ar an adhbhar sin, ná bíodh eagla oraibh: is feárr sibh-se ná mórán gealbhán.
8Agus deirim libh:#Mait. 10, 32; Marc. 8, 38; 2 Tim. 2, 12. cibé ar bith a admhóchas mise ós cómhair na ndaoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean fosta ós cómhair aingle Dé.
9Acht an té a shéanfas mise ós cómhair na ndaoine, séanfar é ós cómhair aingle Dé.
10Agus gach aoinneach a labhras focal i n-aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é,#Mait. 12, 32; Marc. 3, 29. acht ní mhaithfear do’n té a dhéanfas diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh.
11Agus nuair a bhéarfas siad isteach ins na sineagóga sibh, agus ós cómhair na n-uachtarán agus lucht cumhachta, ná bíodh imnidhe oraibh fá’n dóigh ná fá’n nídh a fhreagróchas sibh, ná cad é a déarfas sibh.
12Óir múinfidh an Spiorad Naomh díbh an uair chéadna sin cad é is cóir díbh a rádh.
13Agus dubhairt duine de’n tsluagh leis: A Mháighistir, abair le mo dhearbhráthair an oighreacht a roinn liom.
14Acht dubhairt seisean leis: A dhuine, cé thogh mise mo bhreitheamh nó mo roinnteoir oraibh?
15Agus dubhairt sé leo: Tabhairigidh aire agus seachnaigidh an uile shainnt, óir ní i bhflúirse na neithe a bhíos i seilbh duine atá a bheatha.
16Agus labhair sé samhlaoid leo, ag rádh: Thug talamh dhuine shaidhbhir áirithe toradh líonmhar uaidh.
17Agus mheabhruigh sé leis féin, ag rádh: Cad é dhéanfas mé? Óir ní fhuil áit agam le mo thortha a chruinniughadh.
18Agus dubhairt sé: Seo an rud a dhéanfas mé: Leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé cinn níos mó, agus cruinneochaidh mé na tortha uilig a d’fhás damh agus mo mhaoin isteach ionnta,
19Agus déarfaidh mé le m’anam: A anam, tá maoin mhór curtha i dtaiscidh agat i gcómhair mórán bliadhan;#Eccl. 11, 19. déan do scíste, ith, ól, agus bí súgach.
20Acht dubhairt Dia leis: A amadáin, anocht féin táthar ag iarraidh d’anama ort; agus cé aige a mbéidh na neithe a sholáthruigh tú?
21Is amhlaidh a bhíos an té a thaiscigheas dó féin, agus nach mbíonn saidhbhir chun Dé.
22Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail: Ar an adhbhar sin, deirim libh,#Sailm 54, 23; Mait. 6, 25; 1 Pead. 5, 7. ná bíodh cúram oraibh fá bhur mbeatha, cad é a íosas sibh, ná fá bhur gcorp, cad é a chuirfeas sibh oraibh.
23Is mó an t-anam ná an biadh, agus is mó an corp ná an t-éadach.
24Dearcaigidh ar na préacháin, óir ní chuireann siad, ná ní bhaineann siad, agus ní fhuil teach stóir ná scioból acu, agus beathuigheann Dia iad. Nach mó go mór is fiú sibh-se ná iad-san?
25Agus cé agaibh, le meabhrughadh, a dtig leis aon bhannlámh amháin a chur le n-a áirde?
26Ar an adhbhar sin, muna bhfuil an rud is lugha ar bhur gcumas, cad chuige a mbíonn cúram oraibh fá na neithe eile?
27Tabhairigidh fá dear mar a fhásas na lilí: ní shaothruigheann siad, ná ní shníomhann siad; agus deirim libh, nach raibh Salomon féin i n-iomlán a ghlóire cóirighthe mar chionn acu sin.
28Agus má chóirigheann Dia mar seo an féar atá indiu san ghort, agus a chaithtear isteach san oighean i mbárach: nach mó ná sin a dhéanfas sé díbh-se, a lucht an chreidimh bhig?
29Agus ná bígidh-se ag fiafruighe cad é íosas sibh, ná cad é ólfas sibh, agus ná bígidh imnidheach.
30Óir is iad na neithe seo uilig a iarras cinidheacha an domhain. Acht tá a fhiós ag bhur n-Athair go bhfuil na neithe sin do dhíth oraibh.
31Acht iarraigidh ar dtús ríoghacht Dé agus a fhíréantacht, agus bhéarfar díbh, le n-a chois sin, na neithe seo uilig.
32Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bhig, óir is é toil bhur n-Athar an ríoghacht a thabhairt díbh.
33Díolaigidh a bhfuil agaibh, agus tabhairigidh déirc uaibh;#Mait. 19, 21. déanaigidh díbh féin sparáin nach gcaitheann, stór nach laghduigheann ins na flaithis,#Mait. 6, 20. áit nach dtig gadaidhe ina gaobhar, agus nach milleann léadhmán.
34Óir mar a mbíonn bhur stór, is ann fosta a bhéas bhur gcroidhe.
35Bíodh bhur gcriosa fá bhur gcuim, agus na lampaí ar lasadh i bhur lámha,
36Agus sibh cosamhail le daoine ag feitheamh le n-a dtighearna go dtigeadh sé ó’n bhainfheis, ionnas, nuair a thiocfadh sé agus bhuailfeadh sé, go bhfoscladh siad láithreach dó.
37Is beannuighthe na seirbhísigh sin, a bhfuighidh a dtighearna ag déanamh faire iad, nuair a thiocfas sé; amén adeirim libh, go gcuirfidh sé a chrios air, agus bhéarfardh sé ortha suidhe chun bídh, agus ag dul thart dó, dhéanfaidh sé freastal ortha.
38Agus má thig sé san dara faire, nó má thig sé san tríomhadh faire, agus go bhfuighidh sé mar sin iad, is beannuighthe na seirbhísigh sin.
39Acht bíodh a fhios agaibh,#Mait. 24, 43. dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cad é an uair a thiocfadh an gadaidhe, is cinnte go ndéanfadh sé faire agus nach leigfeadh sé a theach a thochailt fríd.
40Bígidh-sé fosta ullamh, óir san uair nach síleann sibh is eadh a thiocfas Mac an Duine.#Taidhbh. 16, 15.
41Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne a deir tú an fáithscéal seo, nó le gach aoinneach mar an gcéadna?
42Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat, an stiubhard dílis críonna, ar chuir a thighearna ós cionn a theaghlaigh é, le n-a dtómhais cruithneachta a thabhairt dóibh i dtráth?
43Is méanar do’n tseirbhíseach sin, nuair a thiocfas a thighearna, má gheibh sé é ghá dhéanamh sin.
44Deirim libh go fírinneach, go gcuirfidh sé ós cionn a bhfuil aige é.
45Acht má deir an seirbhíseach sin ina chroidhe: Tá mo thighearna ag déanamh moille de theacht, agus toiseochaidh sé a bhualadh na mbuachaillí agus na gcailíní aimsire, agus a bheith ag ithe agus ag ól agus ar meisce:
46Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn sé ag dréim leis, agus ar uair nach eol dó, agus scoiltfidh sé é, agus bhéarfaidh sé a chuid dó imeasc na ndaoine gan chreideamh.
47Agus an seirbhíseach sin, a raibh a fhios aige toil a thighearna, agus nár ullmhuigh é féin, agus nach ndearna do réir a thola, gheobhaidh sé mórán buillí;
48Acht an té nach raibh a fhios aige, agus a rinne neithe a thuill buillí, buailfear beagán air. Agus gach aoinneach, dár tugadh mórán, éileochar mórán air, agus an té dá dtug siad mórán i dtaiscidh, iarrfaidh siad níos mó air.
49Tháinic mise a chur teineadh ar an talamh, agus cad é is toil liom acht go lasadh sí?
50Agus is éigean damh mo bhaisteadh le baisteadh, agus cad é mar tá mé i gcumhangas nó go gcríochnuightear é.
51An síleann sibh gur chun síothcháin a thabhairt ar an talamh a tháinic mé?#Mait. 10, 34. Ní h-eadh, deirim libh, acht scaramhaint.
52Óir san aon tigh feasta béidh cúigear scartha, triúr i n-aghaidh beirte, agus beirt i n-aghaidh triúir.
53Béidh an t-athair i n-aghaidh an mhic agus an mac i n-aghaidh a athar, an mháthair i n-aghaidh na h-inghine agus an inghean i n-aghaidh na máthar, an mháthair chéile i n-aghaidh bean a mic, agus an bhain-chliamhain i n-aghaidh máthair a fir.
54Agus dubhairt sé fosta leis na sluaighte:#Mait. 16, 2. Nuair atchí sibh néall ag éirghe as an áird thiar, deir sibh ar an bhomaite: Tá cioth ag teacht: agus is amhlaidh bhíos.
55Agus nuair atchí sibh an ghaoth andeas ag séideadh, deir sibh: Béidh teasbhach ann: agus bíonn.
56A bhréagchráibhtheacha, is eol díbh aghaidh na spéire agus an talaimh a bhreathnughadh, agus cad chuige nach mbreathnuigheann sibh an linn seo?
57Agus cad chuige nach mbreathnuigheann sibh uaibh féin an nídh atá cóir?
58Agus nuair a bhíos tú ag dul i n-aoinfheacht le d’eascaraid chuig an uachtarán,#Mait. 5, 25. déan do dhícheall thú féin a réidhteach uaidh ar an tslighe, ar eagla go dtabharadh sé suas do’n bhreitheamh thú, agus go dtabharadh an breitheamh suas do’n tsirriam thú, agus go gcuireadh an sirriam isteach i bpríosún thú.
59Deirim leat, ní rachaidh tú amach as sin, go dtí go ndíolaidh tú fiú an chianóg dheireannach.
Šiuo metu pasirinkta:
Lúcas 12: ASN1943
Paryškinti
Dalintis
Kopijuoti
Norite, kad paryškinimai būtų įrašyti visuose jūsų įrenginiuose? Prisijunkite arba registruokitės
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: