Lúcas 13

13
Caibidil XIII
Riachtanas na h-aithrighe. An crann fíge neamh-thorthach. Leigheas na mná breoidhte, &c.
1Agus bhí i láthair san am chéadna sin daoine áirithe a d’innis dó fá na Gaililéigh ar mheasc Pioláit a gcuid fola le n-a n-íodhbartha.
2Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: An síleann sibh gur mhó na peacaigh na Gaililéigh seo ná an chuid eile de mhuinntir na Gailile, de bhrígh gur fhulaing siad a leithéidí sin?
3Níor mhó, deirim libh; acht muna ndéanaidh sibh aithrighe, scriosfar sibh uilig mar an gcéadna.
4Amhail an t-ochtar déag ar thuit an túr ortha i Siloe, gur mharbh iad, an síleann sibh gur mhó na fiachamhnaigh iad ná na daoine eile go léir a bhí ina gcómhnaidhe i n-Ierusalem?
5Níor mhó, deirim libh; acht muna ndéanaidh sibh aithrighe, scriosfar sibh uilig mar an gcéadhna.
6Agus labhair sé an tsamhlaoid seo fosta: Bhí crann fíge ag duine áirithe curtha ina fhíonghort, agus tháinic sé a chuartughadh tortha air, agus ní fhuair sé.
7Agus dubhairt sé le saothruightheoir an fhíonghuirt: Féach, le trí bliadhna tá mé ag teacht a chuartughadh tortha ar an chrann fíge seo, agus ní fhaghaim é; gearr anuas é, dhá bhrígh sin: cad chuige a bhfuil sé ag cumhangladh ar an talamh?
8Agus deir seisean leis, ghá fhreagairt: A Thighearna, leig dó an bhliadhain seo fosta, go dtí go rómhraidh mé thart fá dtaoibh de, agus go gcuiridh mé aoileach leis,
9Agus má bheir sé toradh uaidh: acht muna dtugaidh, gearrfaidh tú anuas ina dhiaidh sin é.
10Agus bhí sé ag teagasc ina sineagóig ar an tsabóid.
11Agus féach, bhí bean ann, a raibh spiorad éagcruadhais inntí le h-ocht mbliadhna déag, agus bhí sí crom, agus ní raibh sí ábalta amharc suas ar chor ar bith.
12Agus nuair a chonnaic Íosa í, ghoir sé chuige í, agus dubhairt léi: A bhean, tá tú scartha le d’éagcruadhas.
13Agus chuir sé a lámha uirthí, agus ar an bhomaite dhírigh sí, agus thug glóir do Dhia.
14Agus mar go raibh fearg ar uachtarán na sineagóige, as siocair go ndearna Íosa leigheas ar an tsabóid, d’fhreagair sé, agus dubhairt leis an tsluagh: Tá sé laethe ann, ar ar ceart obair a dhéanamh: gurab ortha sin, ar an adhbhar sin, a thiocfas sibh agus leigheas d’fhagháil, agus nárab ar lá na sabóide.
15Agus d’fhreagair an Tighearna é, agus dubhairt: A bhréag-chráibhtheacha, nach scaoileann gach aoinneach agaibh a dhamh nó a asal ó’n mhainséar, agus nach dtreoruigheann sé amach é le deoch uisce d’ól, ar an tsabóid?
16Agus inghean Abrahaim seo, a bhí faoi cheangal ag Satan, féach, le h-ocht mbliadhna déag, nár chóir í scaoileadh ó’n cheangal sin ar lá na sabóide?
17Agus nuair a dubhairt sé na neithe sin, bhí náire ar gach aoinneach dá raibh ag cur ina aghaidh, agus bhí lúthgháir ar an phobal uilig fá gach nídh glórmhar dá ndearna sé.
18Dubhairt sé, ar an adhbhar sin: Cá leis ar cosamhail ríoghacht Dé, nó cá leis a samhlóchaidh mé í?
19Is cosamhail í le gráinnín de shíol mustáird#Mait. 13, 31; Marc. 4, 31. a ghlac duine gur chuir ina gharrdhadh é, agus d’fhás sé, agus d’éirigh sé ina chrann mhór, agus chómhnuigh éanacha an aeir ina ghéaga.
20Agus dubhairt sé arís: Cá leis a samhlóchaidh mé ríoghacht Dé a bheith cosamhail?
21Is cosamhail í le deascaidh#Mait. 13, 33. a ghlac bean gur fholuigh sí é i dtrí pheice mine, go dtí go raibh an t-iomlán ina dheascaidh.
22Agus chuaidh sé fríd na cathracha agus na bailte ag teagasc, agus é ag cur an bhóthair de go h-Ierusalem.
23Agus dubhairt duine áirithe leis: A Thighearna; an beag iad a shlánuightear? Acht dubhairt seisean leo:
24Déanaigidh bhur ndícheall dul isteach ar an gheafta chumhang:#Mait. 7, 13. óir deirim libh, go mbéidh mórán ag iarraidh#13, 24 Go mbéidh mórán ag iarraidh, &c. Béidh siad ag iarraidh a n-anam a shábháil, acht mar nach ndearna siad a ndícheall, agus nach raibh siad dá ríribh, ní éireochaidh leo. dul isteach, agus ní bhéidh sé ar a gcumas.
25Acht nuair a rachas fear an tighe#Mait. 25, 10. isteach, agus druidfidh sé an doras, toiseochaidh sibh a sheasamh amuigh, agus a bhualadh ar an doras, ag rádh: A Thighearna, foscail dúinn. Agus déarfaidh seisean libh, bhur bhfreagairt: Ní fhuil a fhios agam cá h-as díbh.#Mait. 7, 23.
26Annsin toiseochaidh sibh-se a rádh: D’itheamar agus d’ólamar ós do chómhair, agus thug tú teagasc ar ár sráideacha.
27Agus déarfaidh sé libh: Ní fhuil a fhios agam cá h-as díbh; imthighigidh uaim uilig, a lucht déanta na h-urchóide.#Sailm 6, 9; Mait. 25, 41.
28Annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal, nuair atchífidh sibh Abraham agus Isaac agus Iacób, agus na fáidhe go h-uile, i ríoghacht Dé, agus sibh féin bhur dteilgean amach.
29Agus tiocfaidh siad anoir agus aniar, adtuaidh agus andeas, agus suidhfidh siad i ríoghacht Dé.
30Agus féach, an mhuinntir a bhéas i dtoiseach tá siad ar deireadh, agus an mhuinntir a bhéas ar deireadh, tá siad i dtoiseach.#Mait. 19, 30, agus 20, 16; Marc. 10, 31.
31An lá céadna sin tháinic cuid de na Fairisínigh chuige a rádh leis: Imhthigh agus fág an áit seo, óir is mian le h-Ioruadh thú a mharbhadh.
32Agus dubhairt seisean leo: Imthighigidh, agus abraigidh leis an tsionnach úd: Féach, teilgim amach deamhain, agus ghním leigheasanna, indiu agus i mbárach, agus ar an treas lá béidh deireadh liom.
33Cidheadh, is éigean damh siubhal indiu agus i mbárach agus i n-órthar, óir ní féidir do fháidh bás d’fhagháil taobh amuigh de Ierusalem.
34A Ierusalem, a Ierusalem,#Mait. 23, 37. a mharbhas na fáidhe, agus a ghabhas do chlocha ionnta sin a chuirtear chugat, cad é a mhinicighe a ba mhian liom do chlann a chruinniughadh, mar chruinnigheas an t-éan a h-éilín faoi n-a cuid eiteog, agus dhiúltuigh tú.
35Féach, fágfar bhur dteach ina fhásach agaibh. Agus deirim libh, nach bhfeicfidh sibh mé, go dtí go dtigidh an t-am nuair a déarfaidh sibh: Is beannuighthe an té atá ag teacht i n-ainm an Tighearna.

Šiuo metu pasirinkta:

Lúcas 13: ASN1943

Paryškinti

Dalintis

Kopijuoti

None

Norite, kad paryškinimai būtų įrašyti visuose jūsų įrenginiuose? Prisijunkite arba registruokitės