Lúcas 14
14
Caibidil XIV
Leigheasann Críost fear a raibh an íorpais air. Fáithscéal an tsuipéir. Tá sé riachtanach gach nídh a thréigin agus Críost a leanamhaint.
1Agus thárla, nuair a chuaidh Íosa isteach i dtigh uachtaráin áirithe de chuid na bhFairisíneach, ar an tsabóid, le h-arán a chaitheamh, choimhéad siad é.
2Agus féach, bhí duine áirithe ina láthair a raibh an íorpais air.
3Agus ar fhreagairt do Íosa, labhair sé leis na dlightheoirí agus na Fairisínigh, ag rádh: An bhfuil sé dlisteannach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid?
4Acht d’fhan siad-san ina dtost. Acht rug seisean air, leigheas sé é, agus chuir sé ar shiubhal é.
5Agus ghá bhfreagairt, dubhairt sé: Cé agaibh a dtuitfeadh a asal nó a dhamh isteach i bpoll nach dtarraingeochadh amach ar an bhomaite é lá na sabóide?
6Agus ní tháinic leo freagair a thabhairt dó ar na neithe seo.
7Agus labhair sé fáithscéal fosta leis na daoine a fuair cuireadh, ag tabhairt fá dear na dóighe ar thogh siad na chéad suidheacháin ag an tábla, ag rádh leo:
8Nuair a gheobhas tú cuireadh chun bainfheise, ná suidh san áit is áirde, ar eagla go bhfuair duine níos onóraighe ná thú cuireadh uaidh,
9Agus go dtigeadh an té a thug cuireadh duit-se agus dó-san, agus a rádh leat: Tabhair áit do’n fhear seo; agus annsin toiseochaidh tú fá náire a ghlacadh na h-áite is ísle.
10Acht nuair a gheobhas tú cuireadh, téigh, agus suidh san áit is ísle: ionnas, nuair a thiocfas an té a thug cuireadh duit, go n-abraidh sé leat: A charaid, gabh suas giota eile.#Sean-fh. 25, 7. Annsin béidh glóir agat i láthair a mbíonn ag an tábla leat.
11Óir gach duine a árduigheas é féin, ísleochar é:#Mait. 23, 12. agus an té a ísligheas é féin, árdóchar é.
12Agus dubhairt sé fosta leis an té a thug cuireadh dó: Nuair a ghní tú dinnéar nó suipéar, ná goir dó cháirde, ná do bhráithre, ná do ghaolta, ná do chómharsanaigh saidhbhre, ar eagla go dtabharadh siad-san cuireadh thar ais duit-se, agus go mbéadh a aisíoc agat.
13Acht nuair a ghní tú féasta, goir na bochta,#Tob. 4, 7; Sean-fh. 3, 9. na daoine ciothramacha, na bacaigh agus na daill.
14Agus béidh tú beannuighthe, de bhrígh nach mbíonn sé ar a gcumassan cúiteamh a dhéanamh leat; óir dhéanfar cúiteamh leat i n-eiséirghe na bhfíréan.
15Agus ar a chluinstin sin do dhuine áirithe a bhí ina shuidhe ag an tábla ina chuideachta, dubhairt sé leis: Is beannuighthe an té a íosas arán i ríoghacht Dé.
16Acht dubhairt seisean leis:#Mait. 22, 2; Taidhbh. 19, 9. Rinne duine áirithe suipéar mór, agus thug sé cuireadh do mhórán,
17Agus ag am suipéir chuir sé a sheirbhíseach chuig an méid a fuair cuireadh le rádh leo teacht, óir bhí na h-uile neithe réidh anois.
18Agus thoisigh siad uilig i n-aoinfheacht a dhéanamh leithscéil. Dubhairt an chéad duine leis: Cheannuigh mé feirm, agus caithfidh mé dul amach, agus é d’fheiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.
19Agus dubhairt duine eile: Cheannuigh mé cúig chuingir damh, agus tá mé ag dul le h-iad d’fhéacháil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.
20Agus dubhairt duine eile: Phos mé bean, agus, ar an adhbhar sin, ní thig liom teacht.
21Agus ar philleadh do’n tseirbhíseach, d’innis sé na neithe sin dá thighearna. Annsin bhí fearg ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach: Gabh amach go tapaidh fá shráideacha agus fá chabhsaí na cathrach, agus tabhair isteach annseo na bochta, agus na donáin, na daill, agus na bacaigh.
22Agus dubhairt an seirbhíseach: A thighearna, rinneadh mar d’órduigh tú, acht tá áit ann go fóill.
23Agus dubhairt an tighearna leis an tseirbhíseach: Gabh amach fá na bóithre agus fá na fáltaí, agus tabhair ortha a theacht isteach, ionnas go líontar mo theach.
24Acht deirim libh nach mblaisfidh aon duine de na fir a fuair cuireadh mo shuipéar-sa.
25Agus bhí sluaighte móra ag dul i n-aoinfheacht leis, agus ag tionntódh thart dó, dubhairt sé leo:
26Má thig aoinneach chugam-sa,#Mait. 10, 37. agus gan fuath aige#14, 26 Gan fuath aige, &c. Ní cheaduigheann dlighe Chríost dúinn fuath a bheith againn fiú ar ár náimhde, gan trácht ar ár dtuismightheoirí. Is é rud a chialluigheas an chainnt seo, gur chóir dúinn ár n-intinn a bheith socair againn scaramhaint le gach neach agus nídh, dá annsacht linn iad, dá mbéadh siad ina dtoirmisc againn i leanamhaint Chríost. ar a athair, agus ar a mháthair, agus ar a mhnaoi, agus ar a chloinn, agus ar a dhearbhráithre, agus ar a dheirbhsheathracha, agus fosta fiú ar a anam féin, ní féidir dó a bheith ina dheisciobal agam.
27Agus an té nach n-iomchrann a chros,#Mait. 10, 38, agus 16, 24; Marc. 8, 34. agus nach dtig mo dhiaidh-se, ní féidir dó a bheith ina dheisciobal agam.
28Óir cé agaibh, agus mian aige túr a thógáil, nach suidheann síos ar dtús leis an chostas a bhíos riachtanach a chunntas, féachaint an bhfuil go leor aige le n-a chríochnughadh,
29Ar eagla, i ndiaidh an dubhshraith a leagan, agus gan é ábalta a chríochnughadh, go dtoisigheadh gach duine dá bhfeicfeadh é a mhagadh faoi,
30Ag rádh: Thóisigh an duine seo a thógáil tighe, agus ní raibh sé ábalta a chríochnughadh.
31Nó cé’n rí ar tí cogadh a chur ar rígh eile, nach suidheann síos ar dtús a mhachtnamh, má’s féidir dó le deich míle dul i n-aghaidh an té a bhíos ag teacht d’ionnsaidhe air le fiche míle?
32Nó, ar bheith dó-san go fóill i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaireacht chuighe a thrácht ar cheist síothchána.
33Mar an gcéadna, dá bhrígh sin, gach duine agaibh nach dtréigeann a bhfuil aige, ní féidir dó a bheith ina dheisciobal agam.
34Is maith an rud salann;#Mait. 5, 13; Marc. 9, 49. acht má chailleann an salann a bhrígh, cá leis a gcuirfear blas air?
35Ní bhíonn maith ann do’n talamh, ná do’n charn aoiligh, acht caithfear amach é. An té a bhfuil cluasa chun éisteachta air, éisteadh sé.
Šiuo metu pasirinkta:
Lúcas 14: ASN1943
Paryškinti
Dalintis
Kopijuoti
Norite, kad paryškinimai būtų įrašyti visuose jūsų įrenginiuose? Prisijunkite arba registruokitės
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: