Lúcas 15
15
Caibidil XV
Fáithscéal na caorach a cailleadh, agus fáithscéal an mhic dhrobhlasaigh.
1Agus tharraing na puibliocánaigh agus na peacaigh ar Íosa, le h-éisteacht leis.
2Agus rinne na Fairisínigh agus na Scríobhaidhthe monabhar, ag rádh: Glacann an fear seo peacaigh chuige, agus itheann sé ina gcuideachta.
3Agus labhair sé an fáithscéal seo leo, ag rádh:
4Cé’n duine agaibh a bhfuil céadh caora aige,#Mait. 18, 12. agus má chailleann sé ceann acu, nach bhfágann sé na naoi gcinn déag agus ceithre fichid san fhásach, agus nach dtéid i ndiaidh an chinn a cailleadh, nó go bhfaghaidh sé í?
5Agus nuair a gheibh sé í, nach gcuireann sé ar a ghuailne fá lúthgháir í,
6Agus ar theacht abhaile dó, nach ngoireann sé chuige a cháirde agus a chómharsain, ag rádh leo: Déanaigidh cómhgháirdeachas liom, óir fuair mé mo chaora a bhí caillte?
7Deirim libh, gur amhlaidh a bhéas lúthgháir ar neamh fá aon pheacach a ghní aithrighe, níos mó ná fá naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach mbíonn feidhm aithrighe ortha.
8Nó cé’n bhean a bhfuil deich bpíosaí tuistiúin aice, má chailleann sí tuistiún amháin, nach lasann coinneal, agus nach scuabann an teach, agus nach gcuartuigheann go dícheallach, nó go bhfaghaidh sí é?
9Agus nuair a gheibh sí é, nach ngoireann sí chuice a cáirde agus a chómharsain, ag rádh: Déanaigidh cómhgháirdeachas liom, óir fuair mé an tuistiún a bhí caillte agam?
10Mar sin, deirim libh, go mbéidh lúthgháir i láthair angle Dé#15, 10 I láthair angle Dé. Is léir ó’n chainnt seo go gcuireann na spioraid atá ar neamh suim ionainne atá ar an talamh, go mbíonn áthas ortha nuair a ghnímíd aithrighe, agus, dá bhrígh sin, go mbíonn fios acu air. fá aon pheacach a ghní aithrighe.
11Agus dubhairt sé: Bhí beirt mhac ag duine áirithe:
12Agus dubhairt an té a b’óige acu le n-a athair: A athair, tabhair damh an chuid de’n mhaoin atá ag tuitim liom. Agus roinn sé a mhaoin ortha.
13Agus i gcionn beagán laethe ina dhiaidh sin, ar chruinniughadh a choda go léir le chéile do’n mhac a b’óige, chuaidh sé ar an choigchrích go tír í bhfad i gcéin, agus scaip sé a mhaoin annsin ag caitheamh a shaoghail le drobhlas.
14Agus nuair a bhí a raibh aige caithte aige, thárla gorta mhór san tír sin, agus thoisigh sé a bheith i n-anfhás.
15Agus d’imthigh sé agus ghreamuigh de dhuine de mhuinntir na tíre sin. Agus chuir seisean go dtí a fheirm é, a bheathughadh muc.
16Agus bhíodh dúil aige a bholg a líonadh leis na folaigheoga a d’itheadh na muca, agus ní thabharadh aoinneach dó.
17Agus ag cuimhniughadh air féin dó, dubhairt sé: Cad é a bhfuil de lucht tuarastail i dtigh m’athar agus a sáith aráin acu, agus tá mise annseo ag fagháil bháis leis an ocras.
18Éireochaidh mé agus rachaidh mé chuig m’athair, agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacuigh mé i n-aghaidh neimhe agus ós do chómhair-se;
19Ní fiú mé anois do mhac a ghairm díom; déan mé mar dhuine de do lucht tuarastail.
20Agus d’éirigh sé agus tháinic ag triall ar a athair. Agus chonnaic a athair é, nuair a bhí sé go fóill i bhfad uaidh, agus bogadh le truaighe é, agus ag rith chuige dó, chrom sé fá n-a mhuinéal, agus phóg sé é.
21Agus dubhairt an mac leis: A athair, pheacuigh mé i n-aghaidh neimhe, agus ós do chómhair-se, agus ní fiú mé anois do mhac a ghairm díom.
22Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhísigh: Tabhairigidh amach annseo go tapaidh an chulaith is feárr, agus cuirigidh air í, agus cuirigidh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosa,
23Agus tabhairigidh an gamhain reamhar annseo, agus marbhaigidh é, agus ithimís agus bímís súgach;
24Óir bhí an mac seo liom marbh, agus d’éirigh sé beo arís; bhí sé caillte, agus fuarthas é. Agus thoisigh siad a bheith súgach.
25Acht bhí an mac a ba shine san ghort, agus nuair a bhí sé ag teacht agus tháinic sé i n-aice leis an tigh, chuala sé ceol agus rinnce,
26Agus ghoir sé chuige duine de na searbhóntaí, agus d’fhiafruigh de cad é ba chiall do na neithe sin.
27Agus dubhairt seisean leis: Tháinic do dhearbhráthair, agus mharbh d’athair an gamhain reamhar, de bhrígh go bhfuair sé thar ais slán é.
28Agus bhí fearg air-sean, agus dhiúltuigh sé dul isteach. Ar an adhbhar sin, tháinic a athair amach agus thoisigh sé ghá impidhe.
29Agus d’fhreagair seisean, agus dubhairt le n-a athair: Féach, an méid bliadhan atá mise ag déanamh seirbhíse duit, ní dheachadh mé ariamh thar do chómhairle, agus ní thug tú fiú mionnán damh le féasta a dhéanamh i gcuideachta mo charad;
30Acht nuair a tháinic an mac seo leat, a shlug a mhaoin i bhfochair méirdreach, mharbh tú an gamhain reamhar dó.
31Acht dubhairt seisean leis: A mhic, tá tusa i gcómhnaidhe i mo theannta, agus is leat a bhfuil agam;
32Acht ba chuibhe dúinn bheith súgach agus lúthgháireach, de bhrígh go raibh an dearbhráthair seo leat marbh, agus gur éirigh sé beo arís; go raibh sé caillte, agus go bhfuarthas é.
Šiuo metu pasirinkta:
Lúcas 15: ASN1943
Paryškinti
Dalintis
Kopijuoti
Norite, kad paryškinimai būtų įrašyti visuose jūsų įrenginiuose? Prisijunkite arba registruokitės
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: