1
Matha 10:16
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh.
ႏွိုင္းယွဥ္
Matha 10:16ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
2
Matha 10:39
Cibé duine gheobhas a anam caillfidh sé é; agus cibé chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, do‐gheobhaidh sé é.
Matha 10:39ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
3
Matha 10:28
Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann.
Matha 10:28ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
4
Matha 10:38
Agus an té nach dtógann a chros agus nach leanann im’ dhiaidh‐se, ní fiú liom é.
Matha 10:38ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
5
Matha 10:32-33
D’á bhrigh sin, gach duine admhóchas mise i láthair na ndaoine, admhóchad‐sa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh. Acht an té shéanfas mé i láthair na ndaoine, séanfadsa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh.
Matha 10:32-33ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
6
Matha 10:8
Leigheasaidh na h‐easláin, dúisighidh na mairbh, glanaidh na lobhair, caithidh amach na deamhain: i n‐aisce do fuarabhar, tabhraidh uaibh i n‐aisce.
Matha 10:8ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
7
Matha 10:31
Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin; is mó le rádh sibh‐se go mór ’ná mórán gealbhan.
Matha 10:31ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
8
Matha 10:34
Ná measaidh gur chum síothcháin do chur ar an dtalamh thánag‐sa: ní chum síothcháin do chur thánag, acht chum claidheamh do chur ann.
Matha 10:34ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
ပင္မစာမ်က္ႏွာ
သမၼာက်မ္းစာ
အစီအစဥ္မ်ား
ဗီဒီယိုမ်ား