Gníoṁarṫa 10

10
Caibidil X
Glactar Cornélius isteaċ san Eaglais. Taiḋḃreaṁ Ṗeadair.
1Agus ḃí fear áiriṫe i gCaesarea, darḃ ainm Cornélius, ceanntúir na buiḋne dá ngoirtear an ḃuiḋean Iodáileaċ,
2Duine cráiḃṫeaċ, a raiḃ eagla Dé air féin agus ar a ṫeaġlaċ go h-iomlán, a ġníoḋ mórán ḋéirce ar na daoine, agus a ḃíoḋ de ṡíor ag guiḋe Dé.
3Tuairim ar an naoṁaḋ h-uair de’n lá, ċonnaic sé seo go soiléir i ḃfís aingeal le Dia ag teaċt isteaċ ċuige, agus ag ráḋ leis: A Ċornéliuis.
4Agus ag stánaḋ dó-san air, ġaḃ eagla é, agus duḃairt: Cad é sin, a Ṫiġearna? Agus duḃairt sé leis: Ċuaiḋ d’urnaiġṫe agus do ḋéirc suas ċun cuiṁne ort i láṫair Dé.
5Agus anois cuir fir go h-Ioppe, agus goir annseo duine áiriṫe, Síomon, ar cóṁainm dó Peadar:
6Tá sé ar aoiḋeaċt ag tonnadóir áiriṫe, darab ainm Síomon, a ḃfuil a ṫeaċ cois na fairrge: innseoċaiḋ sé seo duit cad é is cóir duit a ḋéanaṁ.
7Agus nuair a d’imṫiġ an t-aingeal a laḃair leis, ġoir sé beirt ṡearḃóntaí leis, agus saiġdiuir a raiḃ eagla an Tiġearna ann, de’n ṁuinntir a ḃí faoi.
8Agus nuair a d’innis sé gaċ uile níḋ dóiḃ, ċuir sé go h-Ioppe iad.
9Agus lá ar n-a ḃáraċ, nuair a ḃí siad-san ar a n-aistear, agus iad ag teaċt i n-aice na caṫraċ, ċuaiḋ Peadar suas ar ṁullaċ an tiġe a ḋéanaṁ urnaiġe timċeall na seiseaḋ h-uaire.
10Agus ó ḃí ocras air, ḃí fonn iṫte air. Agus le linn dóiḃ a ḃeiṫ ag ullṁuġaḋ, ṫáinic eacstais ar a aigne:
11Agus ċonnaic sé neaṁ ar foscailt, agus soiṫeaċ áiriṫe ag teaċt anuas, aṁail línéadaċ ṁór, a ċeiṫre coirnéil ceangailte, dá leigin anuas ó neaṁ go dtí an talaṁ,
12Ar a raiḃ beiṫiḋiġ ċeiṫre gcos de’n uile ċinéal, agus piasta an talaiṁ, agus éanaċa an aeir.
13Agus ṫáinic guṫ ċuige: Éiriġ, a Ṗeadair, marḃ, agus iṫ.
14Aċt duḃairt Peadar: Go mba i ḃfad uaim é, a Ṫiġearna, óir níor iṫ mé aon rud coitċeann ná neaṁġlan ariaṁ.
15Agus ṫáinic an guṫ ċuige arís an dara h-uair: Ná h-abair-se gur coitċeann an níḋ a ndearna Dia a ġlanaḋ.
16Agus ṫárla seo fá ṫrí: agus ar an ḃomaite tugaḋ an soiṫeaċ suas arís ar neaṁ.
17Agus tráṫ a ḃí Peadar i n-aṁras ina intinn féin fá ḃríġ na físe a ċonnaic sé: féaċ, na fir a ċuir Cornélius, agus a ḃí ag cuartuġaḋ teaċ Ṡíomoin, ḃí siad ina seasaṁ ag an doras.
18Agus nuair a leig siad scairt, d’ḟiafruiġ siad an raiḃ Síomon, ar ċóṁainm dó Peadar, ag baint faoi annsin.
19Agus le linn do Ṗeadar a ḃeiṫ ag smaoineaḋ ar an ḟís, duḃairt an Spiorad leis: Féaċ, tá trí fir do iarraiḋ.
20Éiriġ, dá ḃríġ sin, gaḃ síos agus imṫiġ i n-aoinḟeaċt leo agus gan aṁras ar biṫ ort: óir is mise a ċuir iad.
21Annsin ċuaiḋ Peadar síos ċuig na fir, agus duḃairt: Féaċ, is mise an té atá siḃ a ċuartuġaḋ: cad é an fáṫ fá dtáinic siḃ?
22Agus duḃairt siad: Tá, Cornélius, ceanntúir, fear cóir a ḃfuil eagla Dé ann, agus deiġ-ċliú aige ó ċineaḋ na n-Iúdaċ go léir, fuair sé freagair ó aingeal naoṁṫa cur fá do ċoinne-se ċun a ṫiġe féin, agus éisteaċt le briaṫra uait.
23Ġá ḋtaḃairt isteaċ dó, dá ḃríġ sin, ṫug sé aoiḋeaċt dóiḃ. Agus lá ar n-a ḃáraċ d’éiriġ sé agus ċuaiḋ sé leo: agus ċuaiḋ cuid de na bráiṫre as Ioppe i n-aoinḟeaċt leis.
24Agus an lá ina ḋiaiḋ sin ṫáinic sé isteaċ go Caesarea. Agus ḃí Cornélius ag fuireaċ leo, agus ġoir sé ċuige a ġaolta agus a ḋlúṫċáirde.
25Agus ṫárla, ag teaċt isteaċ do Ṗeadar, go ndeaċaiḋ Cornélius ina airicis, agus ġá ċaiṫeaṁ féin síos ag a ċosa, ṡléaċt sé dó.
26Aċt ṫóg Peadar suas é, ag ráḋ: Éiriġ, is duine mise fosta.
27Agus ċuaiḋ sé isteaċ, agus é ag cóṁráḋ leis, agus fuair sé mórán a ḃí cruinniġṫe i gcionn a ċéile:
28Agus ḋuḃairt sé leo: Tá a ḟios agaiḃ-se cad é mar is aindliġṫeaċ d’ḟear, arab Iúdaċ é, caidreaṁ a ḋéanaṁ le coiṁiġ-ṫeaċ, ná teaċt dá ċóṁair: aċt d’ḟoillsiġ Dia daṁ-sa gan duine coitċeann ná neaṁġlan a ṫaḃairt ar aoinneaċ ar biṫ.
29Ar an aḋḃar sin, táinic mé gan ṁainneaċtain nuair a cuireaḋ fá mo ċoinne. Fiafruiġim díḃ, dá ḃríġ sin, cad é an fáṫ fár ċuir siḃ fá mo ċoinne?
30Agus duḃairt Cornélius: Ceiṫre lá gus an uair seo ó ṡoin, ḃí mé ag guiḋe i mo ṫiġ ar an naoṁaḋ h-uair, agus féaċ, ṡeasuiġ fear ós mo ċóṁair i gculaiṫ ġil, agus duḃairt:
31A Ċornélius, h-éisteaḋ d’urnaiġe, agus tá do ḋéirc i gcuiṁne i láṫair Dé.
32Ar an aḋḃar sin, cuir go h-Ioppe, agus goir annseo Síomon, ar cóṁainm dó Peadar: tá sé ar aoiḋeaċt i dtiġ Ṡíomoin, tonn-aḋóir, cois na fairrge.
33Ar an aḋḃar sin ċuir mé scéala ċugat ar an ḃall: agus is maiṫ a rinne tú a ṫeaċt. Mar sin de, támuiḋ uilig annseo i d’ḟiaḋnaise ċun gaċ níḋ dár órduiġ an Tiġearna duit a ċluinstin.
34Agus ag fosclaḋ a ḃéil do Ṗeadar, duḃairt sé: Go deiṁin féin tċím, naċ ndearcann Dia ar ṗearsain daoine#Deut. 10, 17; 2 Par. 19, 7; Iób 34, 19; Eagna 6, 8; Eccl. 35, 15; Róṁ. 2, 11; Gal. 2, 6; Eṗ. 6, 9; Col. 3, 25; 1 Pead. 1, 17. ṫar a ċéile.
35Aċt san uile ċineaḋ#10, 35 San uile ċineaḋ ⁊c. Is é sin le ráḋ, bíonn ní aṁáin na h-Iúdaiġ, aċt ciniḋeaċa eile fosta, taitneaṁaċ i láṫair Dé, is cuma cé’n náisiún ar de iad, má ḃíonn eagla Dé ionnta, agus iad an níḋ is cóir a ḋéanaṁ. Aċt san uile ċás is éigean do ḋuine fíor-ċreideaṁ a ḃeiṫ aige ar dtús: óir deir Naoṁ Pól: Gan creideaṁ ní féidir a ḃeiṫ i dtaitneaṁ Dé. (Eaḃ. 11, 6) Mar sin de, seaċnaigiḋ earráid na ndaoine a ṫuigeas ó’n ċainnt sin ṫuas go mb’féidir do gaċ aicme creidiṁ a ḃeiṫ taitneaṁaċ i láṫair Dé. Ní féidir do ċreideaṁ ar biṫ aċt an creideaṁ fíor a ṫeaċt ó Ḋia: caiṫiḋ gur ó aṫair na mbréag ma h-aicmí eile, agus, dá ḃríġ sin, ní ṫaitneann siad ar ċor ar biṫ le Dia na fírinne., is taitneaṁaċ leis an té a mbíonn a eagla ann, agus a ġní an ċóir.
36Ċuir Dia an briaṫar ċuig cloinn Israéil, ag fuagraḋ síotċána tré Íosa Críost: (is é sin is Tiġearna ar gaċ aoinneaċ).
37Is eol díḃ an níḋ a ṫárla fríd Iudaia go h-uile; óir ṫoisiġ sé ó’n Ġailile i ndiaiḋ an ḃaistiḋ a ṡeanmóir Eoin,#Lúc. 4, 14.
38Íosa as Nasair: mar a rinne Dia é d’ungaḋ leis an Spiorad Naoṁ, agus le cuṁaċt, agus ċuaiḋ sé ṫart ag déanaṁ na maiṫe, agus ag leiġeas a mbíoḋ dá gcráḋaḋ ag an diaḃal, óir ḃí Dia leis.
39Agus tá sinne i n-ár ḃfiaḋnaisiġ ar gaċ uile níḋ dá ndearna sé i dtír na n-Iúdaċ, agus i n-Ierusalem, agus ċuir siad ċun báis é, ġá ċroċaḋ dóiḃ ar ċrann.
40Ṫóg Dia suas é seo ar an treas lá, agus ṫug sé é le foill-siuġaḋ,
41Ní do’n ṗobal uilig, aċt d’ḟiaḋnaisiġ a ḃí toiġte roiṁ ré ag Dia: dúinne ad’iṫ agus a d’ól ina ċuideaċta i ndiaiḋ a eiséiriġe ó ṁarḃaiḃ.
42Agus d’órduiġ sé dúinne seanmóireaċt a ḋéanaṁ do na daoine, agus fiaḋnaise a ṫaḃairt gurab é féin an té a ndearna Dia breiṫeaṁ ar ḃeoḋa agus ar ṁairḃ de.
43Ġní na fáiḋe uilig fiaḋnaise dó-san, gur tré n-a ainm a ġeiḃ gaċ aoinneaċ dá gcreideann ann maiṫeaṁnas peacaiḋe.#Ier. 31, 34; Miċeas 7, 18.
44Le linn do Ṗeadar a ḃeiṫ go fóill ag ráḋ na mbriaṫar sin, ṫuirling an Spiorad Naoṁ ar a raiḃ ag éisteaċt leis an ḃriaṫar.
45Agus ḃí iongantas ar ċreidṁiġ an timċeallġeárrṫa, a ṫáinic le Peadar, gur doirteaḋ grásta an Spioraid Naoiṁ amaċ ar na ciniḋeaċa fosta.
46Óir ċuala siad iad ag laḃairt le teangaċa, agus ag molaḋ Dé.
47Annsin d’ḟreagair Peadar: An féidir do ḋuine ar biṫ uisce a ṫoirmeasc, ċun naċ mbaistṫí iad seo a fuair an Spiorad Naoṁ cóṁ maiṫ linn féin?
48Agus d’órduiġ sé iad a ḃaisteaḋ i n-ainm an Tiġearna Íosa Críost. Annsin d’iarr siad air fanaċt acu seal laeṫe.

Podkreślenie

Udostępnij

Kopiuj

None

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj