Logotipo da YouVersion
Ícone de Pesquisa

Eoin 3

3
Niocadaemas
1Bhí ar na Fairisínigh duine darbh ainm Niocadaemas, uachtarán ar na Giúdaigh. 2Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá a fhios againn, a Raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.” 3Dʼfhreagair Íosa:
“Áiméan, Áiméan,” ar sé leis,
“mura nginfear duine athuair
ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
4Dúirt Niocadaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina shean-duine ? An amhlaidh a dʼfhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?” 5Dʼfhreagair Íosa:
“Go deimhin féin, deirim leat,
mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad,
ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
6An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í;
an ghin ón Spiorad is spiorad í.
7Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat:
‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’
8Séideann an ghaoth mar is áil léi.
Is clos duit a glór,
ach ní heol duit cad as di ná cá ngabhann sí.
A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”
9Dʼfhreagair Niocadaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis.
10Dʼfhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin!
11Go deimhin féin, deirim leat,
an ní is eol dúinn is air a labhraimid,
agus an ní a chonaiceamar is air a thugaimid fianaise,
ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
12Má dʼinis mé nithe talmhaí daoibh,
agus nach gcreideann sibh,
cén chaoi a gcreidfidh sibh,
má insím nithe neamhaí daoibh?
13Níl aon duine a chuaigh suas ar Neamh,
ach an té a tháinig anuas ó Neamh,
Mac an Duine atá ar Neamh.
14Faoi mar a dʼardaigh Maois an nathair nimhe sa bhfhásach,
sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú,
15i dtreo, gach duine a chreideann ann,
go mbeidh an bheatha shíoraí aige.
16Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin
gur thug sé a Aonghin Mhic uaidh
i dtreo, gach duine a chreideann ann,
nach gcaillfear é ach go mbeidh an bheatha shíoraí aige.
17Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol
a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol
ach chun go slánófaí an saol tríd.
18An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,
ach an té nach gcreideann ann,
tá daorbhreith tugtha air cheana féin,
mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.
19Agus an daorbhreith, is mar seo í:
mar gur tháinig an solas isteach sa saol,
agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas
de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.
20Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc,
bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas,
le heagla go gcáinfear a ghníomhartha.
21Ach an té a dhéanann an fhírinne,
tagann sé chun an tsolais,
chun go dtaispeáinfear gur i nDia
a rinneadh a ghníomhartha.”
Fianaise Dheiridh Eoin
22Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus dʼfhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste. 23Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad. 24Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair.
25Dʼéirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdaigh faoin íonghlanadh. 26Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A Raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.” 27Dʼfhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó é ó Neamh. 28Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’
29An té a bhfuil an nuachar aige, sin é an céile;
ach cara an chéile,
atá ina sheasamh ag éisteacht leis,
tagann racht áthais air de bharr ghuth an chéile.
An t-áthas mar sin atá orm-sa, tá sé iomlán.
30Ní foláir dó-san méadú, ach ní foláir dom-sa laghdú.
31An té ar anuas a thagann, tá sé os cionn cách.
An té ar den talamh é is den talamh dó
agus is dá réir a labhraíonn sé.
An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách.
32An rud a chonaic sé agus a chuala sé,
déanann sé fianaise air,
ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise.
33An té a ghlacann a fhianaise
chuir sé a shéala leis gur fírinneach é Dia.
34Óir an té a chuir Dia uaidh,
labhraíonn sé briathra Dé;
mar ní de réir tomhais a thugann Dia an Spiorad.
35Tá grá ag an Athair don Mhac
agus tá gach uile ní tugtha ina lámh aige dó.
36An té a chreideann sa Mhac
tá an bheatha shíoraí aige.
Ach an té nach gcreideann sa Mhac,
ní fheicfidh sé an bheatha,
ach tá fearg Dé socair air.”

Atualmente Selecionado:

Eoin 3: ABN2012

Destaque

Compartilhar

Copiar

None

Quer salvar seus destaques em todos os seus dispositivos? Cadastre-se ou faça o login