Maitiú 1

1
CAIBIDIOL I.
Geinealach Chríost: do gabhadh agus do rugadh é ó mhaighdin.
1Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid #1:1 mic Ábrahaim .i. de shliocht Ábrahaim.mic Ábrahaim.
2Do ghein Ábraham Isaac. Agus do ghein Isaac Iácób, agus do ghein Iácób Iúdás agus a dhritháracha. 3Agus do ghein Iúdás Pháres agus Sára ó Thámar. Agus do ghein Pháres Esron. Agus do ghein Esron Aram. 4Agus do ghein Aram Aminadab. Agus do ghein Aminadab Naasson. Agus do ghein Naasson Salmon. 5Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus do ghein Boos Obed ó Rút. Agus do ghein Obed Iesse. Agus do ghein Iesse Dáibhid an rí. 6Agus do ghein Dáibhid, an rí, Salomón ó’n mnaoi a bhí ag Urias. 7Agus do ghein Salomón Robóam. Agus do ghein Robóam Abia. Agus do ghein Abia Asa. 8Agus do ghein Asa Iósaphat. Agus do ghein Iósaphat Ióram. Agus do ghein Ióram Ósias. 9Agus do ghein Ósias Ióatam. Agus do ghein Ióatam Achas. Agus do ghein Achas Esecias. 10Agus do ghein Esecias Manasses. Agus do ghein Manasses Amon. Agus do ghein Amon Iosias. 11Agus do ghein Iosias Iechonias agus a dhritháracha i ndaor-bhruid na Babilóine. 12Agus tar éis daor-bhruide na Babilóine do ghein Iechonias Salatiel. Agus do ghein Salatiel Sorobabel. 13Agus do ghein Sorobabel Abiud. Agus do ghein Abiud Eliacim. Agus do ghein Eliacim Asor. 14Agus do ghein Asor Sadoc. Agus do ghein Sadoc Achim. Agus do ghein Achim Eliud. 15Agus do ghein Eliud Eleásar. Agus do ghein Eleásar Matan. Agus do ghein Matan Iácób. 16Agus do ghein Iácób Ióseph, #1:16 Ver. 16. céile Mhuire — Thug an Soisgéalaidhe dhúinn geinealach N. Ióseiph amháin, gan trácht ar gheinealach na Maighdine, do réir nóis na n-Eabhrach. Ach ó bhí gaol gairid eatartha taisbeánann geinealach dhuine acu geinealach an duine eile.céile Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost.
17D’á bhrígh sin na geinealacha go léir ó Ábraham go dtí Dáibhid is cheithre glúine déag iad. Agus ó Dháibhid go dtí daor-bhruid na Babilóine cheithre glúine déag. Agus ó dhaorbhruid na Babilóine go dtí Críost cheithre glúine déag.
18Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. #Lúc. 1:27.Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naomh. 19Ach ó ba dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh a gan fhios. 20Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici. 21Agus béarfaidh sí mac, #Lúc. 1:31.agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh. 22Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé: 23#Isáias 7:14.Féach, beidh gein’n-a broinn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabharfaid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluigheann an ainim sin, Dia linn. 24Agus nuair a dh’eirigh Ióseph as a chodla do dhein sé mar a dh’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhan-chéile; 25Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air.#1:25 Ver. 25. go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein — Ó sna focalaibh sin, deir Heluidius agus eiriceadaidhthe eile go diamhasluightheach, go raibh ag an Maighdin Muire tuille clainne i n-éaghmais Chríost: Ach taisbeánann Ierom naomtha, le mórán samplaí ná raibh ins na focalaibh sin an tSoisgéalaidhe ach nós cainte ameasg na n-Eabhrach, agus ná raibh de bhrígh leis an rádh “go dtí” ac ’ghá chur i gcéill cad é an nídh nár deineadh, agus ná raibh aon bhaint ag an rádh leis an aimsir a bhí le teacht. Deirtear, Gen. 8:6 agus 7, gur “chuir Nóé amach fiach, agus gur imthigh an fiach amach agus nár fhill sé go dtí gur thriomuigh na h-uisgeacha ar an dtalamh.” B’é sin le rádh, nár fhill sé i n-aon chor. Agus deir Isáias 46:4. “Deir Dia: ‘Táimse ann go dtí go mbeir aosta.’” Cia a leómhfidh a rádh ná raibh Dia le bheith ann ’n-a dhiaidh san! Mar an gcéadna, i leabhar a h-aon de sna 1 Macabhéibh. 5:54, tá so: Agus chuadar suas go cnuc Sióin, fé áthas agus fé aiteas, agus dheineadar ídhbirtha, toisg nár marbhuigheadh aoinne acu go dtí go rabhdar tagaithe abhaile i síthcháin. B’é sin le radh nár marbhuigheadh aoinne acu sar a dtánadar abhaile. Deir Dia le h-Aon Mhac Dé: “Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid mar stól fé d’chosaibh.” An amhlaidh ná bheidh se ’n-a shuidhe ann ’n-a dhiaidh san? Beidh, agus ar feadh na síoruídheachta. Taisbeánann Ierom Naomhtha, leis, go dtugtí “céad-ghein” ar aon-ghein mhic, gan aon mhac eile theacht ’n-a dhiaidh, óir, do réir na dlighe do coisrictí chun Dé gach céad-ghein mhic, “Coisric chúghamsa,” adeir an Tighearna, “gach céad-ghein a dh’osgalann an bhruinne ameasg clainne Israéil,” ⁊rl., Exod. 13:2.

Nu markerat:

Maitiú 1: POL

Märk

Dela

Kopiera

None

Vill du ha dina höjdpunkter sparade på alla dina enheter? Registrera dig eller logga in