1
Lúcás 17:19
Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Agus dubhairt sé leis: Eirigh agus imthigh leat, óir do shlánuigh do chreideamh thú.
Paghambingin
I-explore Lúcás 17:19
2
Lúcás 17:4
Agus má dheineann sé beart ad’ choinnibh seacht n-uaire sa lá, agus má iompuigheann sé chúghat seacht n-uaire sa lá agus go ndéarfaidh sé, Tá cathú orm: maith dhó.
I-explore Lúcás 17:4
3
Lúcás 17:15-16
Ach bhí duine acu agus nuair a chonaic sé go raibh sé glan, d’fhill sé thar n-ais agus é ag moladh Dé go h-árd, Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabhail a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é.
I-explore Lúcás 17:15-16
4
Lúcás 17:3
Tugaidh aire dhaoibh féin. Má dheineann do dhritháir beart ad’ choinnibh, cas leis é; agus má bhíonn cathú air, maith dhó é.
I-explore Lúcás 17:3
5
Lúcás 17:17
Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt: Nár glanadh deichniúbhar? Agus an naonbhúr eile, cá bhfuil siad?
I-explore Lúcás 17:17
6
Lúcás 17:6
Agus dubhairt an Tighearna: Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh.
I-explore Lúcás 17:6
7
Lúcás 17:33
Pé duine bheidh a d’iarraidh a anama shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é.
I-explore Lúcás 17:33
8
Lúcás 17:1-2
Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do theacht, ach is léanmhar do’n t-é tré n-a dtagaid siad. B’ fhearra dhó gur bró mhuilinn a curfaí ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige ’ná go dtabharfadh sé sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so.
I-explore Lúcás 17:1-2
9
Lúcás 17:26-27
Agus mar a thárla i laethibh Nóe iseadh bheidh i laethibh Mhic an Duine. Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag pósadh ban agus ag tabhairt ban le pósadh, go dtí an lá ’n-ar chuaidh Nóe isteach sa n-áirc; agus tháinig an díle agus do bháidh sí iad go léir.
I-explore Lúcás 17:26-27
Home
Biblia
Mga Gabay
Mga Palabas