Biểu trưng YouVersion
Biểu tượng Tìm kiếm

Na Sailm 13

13
Salm 13.
Usque quo, Domine?
1Cá ḟad, a Ṫiarna, a ndéanfaiḋ tú síorḋearmad orm: cá ḟad a gceilfiḋ tú do ġnúis orm?
2Cá ḟad a ḃeiḋ mʼanam ag cur coṁairle, agus mo ċroí faoin mbuaireaṁ seo: cá ḟad a ġeoḃaiḋ mo naiṁde mo ḃua?
3Tugaḋ mo Ṫiarna Dia aire agus éisteaḋ sé liom: tugaḋ sé solas do mo ṡúile, ionas naċ gcodlaí mé codlaḋ an ḃáis.
4Ar eagla go ndéarfaḋ mo naṁaid go ḃfuair sé mo ḃua: óir dá leagfaí go lár mé, ċuirfeaḋ sin lúċáir ar luċt mo ḃuarṫa.
5Aċ bíonn dóċas agam as do ṫrócaire: is áḃar áṫais do mo ċroí do ṡlánú.
6Seinnfiḋ mé clú an Tiarna, ó ba ġráṁar a ġníoṁarṫa liom: agus molfaiḋ mé Ainm an Tiarna, Ainm an Té is Airde.

Tô màu

Chia sẻ

Sao chép

None

Bạn muốn lưu những tô màu trên tất cả các thiết bị của mình? Đăng ký hoặc đăng nhập