Biểu trưng YouVersion
Biểu tượng Tìm kiếm

Na Sailm 16

16
Salm 16.
Conserva mo, Domine.
1Cuṁdaiġ mé, a Ḋia: ós ionat a ċuir mé mo ḋóċas.
2A ṁʼanam, is é dúirt tú leis an Tiarna: is tú mo Ḋia, níl ní dá ḟeaḃas agam is fearr ná tú.
3Ní ḃíonn dúil agam aċ sna naoiṁ, a ḃíos ar an talaṁ: agus sa dream is fearr suáilce.
4Aċ an dream a ḃíos ag riṫ i ndiaiḋ Dé eile: is mór an buaireaṁ a ṫiocfas orṫu.
5Ní ṫairgfiḋ mé íobairtí fuilteaċa mar ḋéanas siad: ní luafaiḋ mo ḃéal a n‑ainmneaċa.
6Is é an Tiarna féin mo ċuid ranna, agus cuid mo ċailíse: cosnóiḋ tú féin mo ċeart.
7Ṫit mo ċrannsa ar ḟearann fíorálainn: ṫit oiḋreaċt ṡárṁaiṫ orm.
8Taḃarfaiḋ mé buíoċas don Tiarna go dtug sé raḃaḋ dom: bíonn mo ḋuáin ag cur smaċta orm san oíċe.
9Ḃínn i gcónaí do mo ċur féin i láṫair Dé: bíonn sé ar mo láiṁ ḋeas, agus ní ṫitfiḋ mé dá ḃrí sin.
10Mar sin bíonn lúċáir ar mo ċroí, agus áṫas ar mo ġlóir: agus beiḋ dóċas agam nuair a ṫéann mo ċolainn a luí.
11Agus cad ċuige? Ar an áḃar naċ ḃfágfaiḋ tú mʼanam in ifreann: agus naċ ligfiḋ tú do do naoṁ an truailliú a ḟeiceáil.
12Taispeánfaiḋ tú dom cosán na beaṫa: is lánsólás é aċ ḃeiṫ i do láṫair: agus is aoiḃneas síoraí a ḃeiṫ ar do láiṁ ḋeas.

Tô màu

Chia sẻ

So sánh

Sao chép

None

Bạn muốn lưu những tô màu trên tất cả các thiết bị của mình? Đăng ký hoặc đăng nhập