Salm 14
14
Na hAmadáin
1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví.
Deir an t‑amadán ina chroí:
“Níl aon Dia ann.”
Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna;
níl aon duine maith ann.
2Breathnaíonn an Tiarna ó neamh
ar chlann na ndaoine
go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine
nó an iarrfaidh sé Dia.
3Chuaigh siad uile ar seachrán;
truaillíodh iad uile,
níl neach ann a dhéanann an mhaith:
níl oiread is duine.
4An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?
Slogann siad mo phobal
go díreach mar a shlogfaí arán.
Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.
5Beidh an dream sin ar crith le heagla,
óir tá Dia leis an bhfíréan.
6Ba mhian libh dóchas an bhochtáin a mhilleadh,
ach is é an Tiarna a dhídean.
7Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach!
Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal,
beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.
Currently Selected:
Salm 14: ABN2012
Qaqambisa
Share
Copy

Ufuna ukuba iimbalasane zakho zigcinwe kuzo zonke izixhobo zakho? Bhalisela okanye ngena
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Qaqambisa
Share
Copy

Ufuna ukuba iimbalasane zakho zigcinwe kuzo zonke izixhobo zakho? Bhalisela okanye ngena
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.