Eoin 1
1
Caibidil I
Diaḋaċt Ċríost agus a lonċolnuġaḋ. Ḃeir Eoin fiaḋnaise fá dtaoiḃ de. Toisiġeann sé a ġairm a ċuid deisciobal.
1Ḃí an Briaṫar ami i dtús, agus ḃí an Briaṫar i ḃfoċair Dé, agus ba Dia an Briaṫar.
2Bí seisean ann i dtús i ḃfoċair Dé.
3Is tríd a rinneaḋ gaċ uile níḋ: agus gan é ní ḋearnaḋ aon níḋ dá ndearnaḋ.
4B’annsan a ḃí beaṫa, agus b’é solus na ndaoine an ḃeaṫa:
5Soillsiġeann an solus san dorċadas, aċt níor ġlac an dorċadas leis.
6Ḃí duine a cuireaḋ ó Ḋia, arḃ ainm dó Eoin.#Mait. 3, 1; Marc. 1, 2.
7Ṫáinic seisean ċun fiaḋnaise, ċun fiaḋnaise a ṫaḃairt fá’n tsolus, ionnas go gcreideaḋ gaċ aoinneaċ tríd.
8Níorḃ eisean an solus, aċt ṫáinic sé ċun fiaḋnaise a ṫaḃairt fá’n tsolus.
9B’é sin an solus fíor, a ṡoillsiġeas gaċ duine dá dtig ar an tsaoġal seo.
10Ḃí sé ar an tsaoġal, agus ba tríd-sean a rinneaḋ an saoġal,#Eaḃ. 11, 3. aċt níor aiṫin an saoġal é.
11Ṫáinic sé ċun a ṁuinntire féin, aċt níor ġlac a ṁuinntir féin leis.
12Aċt an méid a ġaḃ ċuca é, ṫug sé cuṁaċt dóiḃ ċun ḃeiṫ ina gcloinn ag Dia, an méid sin a ċreideas ina ainm:
13An méid naċ síolruiġeann ó ḟuil, ná ó ṫoil na colna, ná ó ṫoil duine, aċt ó Ḋia.
14Agus rinneaḋ feoil de’n Ḃriaṫar,#Mait. 1, 16; Lúc. 2, 7. agus ċóṁnuiġ sé i n-ár measc: agus ċonnacamar a ġlóir, mar ġlóir aoin Ṁic an Aṫar, lán de ġrásta agus d’ḟírinne.
15Agus ḃeir Eoin fiaḋnaise faoi, agus laḃrann sé ós árd, ag ráḋ: B’é seo an té fá n-ar ḋuḃairt mé: An té atá le ṫeaċt i mo ḋiaiḋ, tá sé ar n-a ṁeas róṁam: de ḃríġ go raiḃ sé róṁam.
16Agus as a líonṁaireaċt-sean ġaḃamar uilig ċugainn,#1 Tim. 6, 17. agus grásta ar ġrásta.
17Óir tugaḋ an dliġe tré Ṁaoise, agus ṫáinic an grásta agus an ḟírinne tré Íosa Críost.
18Ní ḟaca aoinneaċ ariaṁ Dia:#1 Tim. 6, 16; 1 Eoin 4, 12. An t-Aon Ṁac, atá i n-uċt an Aṫar, is é a d’ḟoillsiġ.
19Agus is í seo fiaḋnaise Eoin, nuair a ċuir na h-Iúdaiġ sagairt agus leiḃítiġ ó Ierusalem ċun fiafruiġe de: Cé h-é ṫusa?
20Agus d’adṁuiġ sé, agus níor ṡéan sé, agus d’adṁuiġ sé: Ní mise an Críost.
21Agus d’ḟiafruiġ siad de: Cad é eile? An tú Elías? Agus duḃairt sé: Ní mé. An tú an fáiḋ? Agus d’ḟreagair sé: Ní mé.
22Duḃairt siad leis, dá ḃríġ sin: Cé h-é ṫú, ionnas go dtaḃramuid freagair ċuig an ṁuinntir a ċuir annseo sinn? Cad é deir tú fá dtaoiḃ díot féin?
23Duḃairt sé: Is guṫ duine mé ag glaoḋaċ san ḟásaċ:#Isaias 40, 3; Mait. 3, 3; Marc. 1, 3; Lúc. 3, 4. Déanaigiḋ sliġe an Tiġearna a ḋíriuġaḋ, mar aduḃairt Isaias, fáiḋ.
24Agus ba de na Fairisíniġ na teaċtairí.
25Agus ċuir siad ceist air, agus duḃairt leis: Cad ċuige, mar sin, a ndéan tú baisteaḋ, muna tú an Críost, ná Elias, ná an fáiḋ?
26Duḃairt Eoin leo, ġá ḃfreagairt: Ġníṁ-se baisteaḋ#Mait. 3, 11. le h-uisce: aċt ḃí duine ina ṡeasaṁ i bur measc naċ n-aiṫneann siḃ.
27Sin é an té atá le ṫeaċt i mo ḋiaiḋ-se,#Marc. 1, 7; Lúc. 3, 16; Gníoṁ. 1, 5, agus 11, agus 19, 4. atá ar n-a ṁeas róṁam, agus naċ fiú mise go scaoilfinn iallaċ a ḃróige.
28Ṫárla na neiṫe seo i mBetánia, taoḃ ṫall de’n Iordáin, mar a mbíoḋ Eoin ag baisteaḋ na ndaoine.
29Lá ar n-a ḃáraċ ċonnaic Eoin Íosa ag teaċt ċuige, agus deir sé: Féaċ, Uan Dé, féaċ, an té a ṫógas peacaḋ an doṁain.
30Is é seo an té fá n-ar ḋuḃairt mé: Tá fear ag teaċt i mo ḋiaiḋ, atá ar n-a ṁeas róṁam: de ḃríġ go raiḃ sé róṁam.
31Agus ní raiḃ aiṫne agam-sa air, aċt ċun go noċtṫaí do Israél é, is ar an aḋḃar sin a ṫáinic mise ag baisteaḋ le h-uisce.
32Agus ṫug Eoin fiaḋnaise, ag ráḋ: Ċonnaic mé an Spiorad ag tuirling#Mait. 3, 16; Marc. 1, 10; Lúc. 3, 22. mar ċolmán ó neaṁ, agus ċóṁnuiġ sé air.
33Agus ní raiḃ aiṫne agam-sa air: aċt an té a ċum mé a ḃaisteaḋ le h-uisce, duḃairt sé liom: An té ar a ḃfeicfiḋ tú an Spiorad ag tuirling agus ag cóṁnuġaḋ, is é sin an té a ḃaistéas leis an Spiorad Naoṁ.
34Agus ċonnaic mise: agus ṫug mé fiaḋnaise gurab é seo Mac Dé.
35An lá ina ḋiaiḋ sin arís ḃí Eoin ina ṡéasaṁ, agus beirt dá ḋeisciobail,
36Agus ar ḟeiceáil Íosa ag siuḃal dó, deir sé: Féaċ, Uan Dé.
37Agus ċuala an ḃeirt ḋeisciobal é ag laḃairt, agus lean siad Íosa.
38Agus ag tionntóḋ ṫart do Íosa, tċí sé iad ġá leanaṁaint féin, agus deir sé leo: Cad é tá siḃ a iarraiḋ? Agus duḃairt siad-san leis: A Rabbi (rud a ċialluiġeas, ar a ṁíniuġaḋ, a Ṁáiġistir) cá gcóṁnuiġeann tú?
39Deir sé leo: Taraigiḋ agus feicigiḋ. Ṫáinic siad, agus ċonnaic siad cá gcóṁnuiġeaḋ sé agus d’ḟan siad aige an lá sin: agus ḃí sé tuairim agus an deiċeaḋ h-uair.
40Agus b’é Aindrias, dearḃráṫair do Ṡíomon Peadar, duine de’n dís a ċuala ó Eoin, agus a lean é.
41Ġeib sé seo ar dtús a ḋearḃráṫair Síomon, agus deir sé leis: Fuaireamar an Messías, (is é sin le raḋ, an Críost).
42Agus ṫug sé ċuig Íosa é. D’aṁarc Íosa air, agus duḃairt: Is tusa Síomon, mac Ióna: goirfear Ceṗas díot, is é sin le ráḋ, Peadar.
43Lá ar n-a ḃáraċ ba ṁian leis dul ċun na Gailile, agus ġeiḃ sé Pilip. Agus deir Íosa leis: lean mise.
44Agus b’as Beṫsaida, caṫair Aindriais agus Ṗeadair, Pilip.
45Ġeiḃ Pilip Natanael, agus deir sé leis: Fuaireamar an té ar ar scríoḃ Maoise#Gein. 49, 10; Deut. 18, 18. san dliġe, agus na fáiḋe,#Isaias 40, 10, agus 45, 8; Ier. 23, 5; Ecs. 34, 23, agus 37, 24; Dan. 9, 24, agus 25. Íosa, mac Ióseṗ, as Nasair.
46Agus duḃairt Natanael leis: An féidir do níḋ ar biṫ maiṫ a ṫeaċt ó Nasair? Deir Pilip leis: Tar agus feic.
47Ċonnaic Íosa Natanael ag teaċt ċuige, agus deir sé faoi: Féaċ, Israélíteaċ fíor naċ ḃfuil cealg ar biṫ ann.
48Deir Natanael leis: Cad é mar aiṫneas tú mé? D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leis: Sul ar ġoir Pilip ṫú, nuair a ḃí tú faoi’n ċrann fíge, ċonnaic mé ṫú.
49D’ḟreagair Natanael é, agus duḃairt: A Rabbi, is tú. Mac Dé, is tú rí Israéil.
50D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leis: De ḃríġ gur ḋuḃairt: mé leat: Ċonnaic ṁé ṫú faoi’n ċrann fíge, creideann tú: tċífiḋ tú neiṫe is mó ná iad seo.
51Agus deir sé leis: Amén, amén, adeirim lib, tċífiḋ siḃ an neaṁ ar foscailt, agus aingle Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Mac an Duine.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland