Eoin 4
4
Caibidil IV
Laḃrann Críost leis an ṁnaoi ó’n tSamáire. Leiġeasann sé mac an taoisiġ.
1Ar an aḋḃar sin, nuair a ḃí a ḟios ag Íosa gur ċuala na Fairisíniġ go raiḃ ní ba ṁó deisciobal dá ndéanaṁ agus dá mbaisteaḋ ag Íosa ná ag Eoin,
2(Giḋ nárḃ é Íosa, aċt a ḋeisciobail, a ḃaisteaḋ.)
3D’ḟág sé Iudaia, agus d’imṫiġ sé arís ċun na Gailile.
4Agus b’éigean dó dul fríd an tSamáire.
5Ar an aḋḃar sin tig sé go caṫair de ċuid na Samáire, dá ngoirtear Siċar; i n-aice leis an talaṁ a ṫug Iacób dá ṁac,#Gein. 33, 19, agus 38, 22; Iosue 24, 32. Ióseṗ.
6Agus ḃí tobar Iacóib annsin. Dá ḃríġ sin, mar go raiḃ Íosa tuirseaċ de’n aistear, ṡuiḋ sé mar sin ar an tobar. Ḃí sé tuairim agus an seiseaḋ h-uair.
7Tig bean de ċuid na Samáire a ṫarraingt uisce. Deir Íosa léi: Taḃair deoċ daṁ.
8Óir ċuaiḋ a ḋeisciobail ċun na caṫraċ a ċeannaċ biḋ.
9Deir an ḃean úd ó’n tSamáire leis, dá ḃríġ sin: Cad é mar iarras tusa, agus tú i d’Iúdaċ, deoċ orm-sa, ar bean Ṡamáiriteánaċ mé? Óir ní ṫéid na h-Iúdaiġ i gcóṁluadar leis na Samáiriteánaiġ.
10Duḃairt Íosa léi, ġá freagairt: Dá mb’eol duit tioḋlacaḋ Dé, agus cé h-é a deir leat: taḃair deoċ daṁ; b’ḟéidir gur tusa a d’iarrfaḋ air-sean, agus go dtaḃarfaḋ sé uisce beo duit.
11Deir an ḃean leis: A ḋuine uasail, ní ḟuil caoi ṫarraingṫe agat, agus tá an tobar doṁain: cá ḃfuil, mar sin, an t-uisce beo agat?
12An mó ṫú ná ár n-aṫair, Iacób, a ṫug dúinn an tobar, agus a d’ól as é féin, agus a ċlann, agus a ċuid beiṫiḋeaċ?
13D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt léi: Gaċ aoinneaċ dá n-ólfaiḋ an t-uisce seo, béiḋ tart air arís: aċt an té a ólfas an t-uisce a ḃéarfas mise dó, ní ḃéiḋ tart air a ċoiḋċe;
14Aċt an t-uisce a ḃéarfas mise dó, éireoċaiḋ sé istiġ ann ina ṫobar uisce ag scárdaḋ suas ċun na beaṫa síorraiḋe.
15Deir an ḃean leis: A ḋuine uasail, taḃair daṁ an t-uisce seo, ċun naċ raiḃ tart orm, agus naċ dtigim annseo a ṫarraingt.
16Deir Íosa léi: Imṫiġ, goir ar do ḟear, agus tar annseo.
17D’ḟreagair an ḃean, agus duḃairt: Ní ḟuil aon ḟear agam. Deir Íosa léi: Is maiṫ a duḃairt tú é: Ní ḟuil aon ḟear agam:
18Óir ḃí cúig fir agat, agus anois, an té atá agat, ní h-é do ḟear é: duḃairt tú seo go fírinneaċ.
19Deir an ḃean leis: A ḋuine uasail, tċím gur fáiḋ ṫú.
20Rinne ár n-aiṫreaċa aḋraḋ ar an tsliaḃ seo#4, 20 An tsliaḃ seo. Garizim, man a raiḃ a dteampall siosmaċ ag na Samáiriteánaiġ., agus ḋeir siḃ-se gur i n-Ierusalem atá an áit i n-ar cóir aḋraḋ a ḋéanaṁ.#Deut. 12, 5.
21Deir Íosa léi: A ḃean, creid mise, go ḃfuil an uair ag teaċt nuair naċ ar an tsliaḃ seo, ná i n-Ierusalem, a ḋéanfas siḃ an t-Aṫair ḋ’aḋraḋ.
22Aḋrann siḃ-se an níḋ naċ eol díḃ: aḋramuid-ne an níḋ is eol dúinn,#4 Ríġ. 17, 41. óir is ó na h-Iúḋaiġ atá an slánuġaḋ.
23Aċt tá an uair ag teaċt, agus is anois é, nuair a ḃéarfas na fíor-aḋarṫóirí aḋraḋ do’n Aṫair i spioraḋ agus i ḃfírinne. Óir iarrann an t-Aṫair fosta a leiṫéidí sin ċun é d’aḋraḋ.
24Is spiorad Dia:#1 Cor. 3, 17. agus iad sin a aḋras é, is cóir dóiḃ é d’aḋraḋ i spiorad agus i ḃfírinne.
25Deir an ḃean leis: Tá a ḟios agam go ḃfuil Messías (dá ngoirtear Críost) ag teaċt, agus dá ḃríġ sin, nuair a ṫiocfas seisean, innseoċaiḋ sé na h-uile neiṫe dúinn.
26Deir Íosa léi: Is mise é, atá ag cainnt leat.
27Agus le n-a linn sin ṫáinic a ḋeisciobail: agus ḃí iongantas orṫa as siocair go raiḃ sé ag cainnt le mnaoi. Aċt níor ḋuḃairt aoinneaċ: Cad é tá tú a iarraiḋ, ná cad ċuige a ḃfuil tú ag cainnt léi?
28Ar an aḋḃar sin, d’ḟág an ḃean a soiṫeaċ uisce, agus d’imṫiġ sí ċun na caṫraċ, agus deir sí leis na daoine,
29Taraigiḋ, agus feicigiḋ an duine a d’innis daṁ gaċ níḋ dá ndearna mé: an é naċ é seo an Críost?
30Ċuaiḋ siad, dá ḃríġ sin, amaċ as an ċaṫair, agus ṫáinic siad ċuige.
31San am ċéadna ġuiḋ a ḋeisciobail é, ag ráḋ: A Rabbi, iṫ.
32Aċt deir seisean leo: Tá biaḋ le h-iṫe agam-sa naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ-se.
33Duḃairt na deisciobail, dá ḃríġ sin, eatorṫa féin: An féidir go dtug aoinneaċ rud éigin le h-iṫe ċuige?
34Deir Íosa leo: Is é is biaḋ daṁ-sa, toil an té a ċuir uaiḋ mé a ḋéanaṁ, ċun go dtaḃrainn a obair ċun críċe.
35Naċ n-abrann siḃ féin go ḃfuil ceiṫre ṁí ann go fóill sul a dtigiḋ an fóġṁar? Féaċ, deirim liḃ: Tógaigiḋ suas ḃur súla, agus dearcaigiḋ ar na dúiṫċe, óir tá siad ċeana féin geal ċun fóġṁair.#Mait. 9, 37; Lúc. 10, 2.
36Agus an té a ḃuaineas, ġeiḃ sé tuarastal, agus cruinniġeann sé toraḋ ċun na beaṫa síorraiḋe: ċun go raiḃ lúṫġáir ar an té a ċuireas agus ar an té a ḃuaineas i n-aoinḟeaċt.
37Óir san níḋ seo is fíor an focal: go gcuireann duine aṁáin, agus go mbuaineann duine eile.
38Ċuir mise siḃ-se a ḃuain an níḋ nár ṡaoṫruiġ siḃ: daoine eile a ṡaoṫruiġ, agus ċuaiḋ siḃ-se isteaċ ina saoṫar.
39Agus ċreid mórán de Ṡamáiriteánaiġ na caṫraċ sin ann mar ġeall ar ḟocal na mná a ṫug an ḟiaḋnaise: D’innis sé daṁ gaċ níḋ dá ndearna mé.
40Ar an aḋḃar sin, nuair a ṫáinic na Samáiriteánaiġ ċuige, d’iarr siad air fanaċt annsin. Agus d’ḟan sé annsin ḋá lá.
41Agus ċreid mórán ní ba ṁó acu ann mar ġeall ar a ċainnt féin.
42Agus deireaḋ siad leis an ṁnaoi: Ní mar ġeall ar do ċuid cainnte-se a ċreidimíd anois: óir ċualamar féin é, agus tá a ḟios againn gurab é seo go fíor Slánuiġṫeoir an doṁain.
43Agus i gcionn ḋá lá d’imṫiġ sé as sin: agus ċuaiḋ sé ċun na Gailile.
44Óir ṫug Íosa é féin fiaḋnaise naċ ḃfaġann fáiḋ onóir ina ḋúṫaiġ féin.#Mait. 13, 57; Marc. 6, 4; Lúc. 4, 24.
45Ar an aḋḃar sin, nuair a ṫáinic sé ċun na Gailile,#Mait. 4, 12; Marc. 1, 14; Lúc. 4, 14. ġaḃ muinntir na Gailile ċuca é, de ḃríġ go ḃfaca siad gaċ níḋ dá ndearna sé i n-Ierusalem lá na féile: óir ṫáinic siad-san fosta ċuig an ḟéile.
46Ṫáinic sé aṫuair, dá ḃríġ sin, go Cána na Gailile, mar a ndearna sé fíon de’n uisce. Agus ḃí taoiseaċ áiriṫe ann, a raiḃ a ṁac tinn i gCaṗarnaum.
47Nuair a ċuala seisean go dtáinic Íosa ó Iudaia go dtí an Ġailile, ċuaiḋ sé ċuige, agus ġuiḋ sé é a ṫeaċt anuas agus a ṁac a leiġeas: óir ḃí sé i rioċt an ḃáis.
48Ar an aḋḃar sin, duḃairt Íosa leis: Muna ḃfeiciḋ siḃ míorḃailte agus iongantaisí, ní ċreideann siḃ.
49Deir an taoiseaċ leis: A Ṫiġearna, tar anuas sul a ḃfaġaiḋ mo ṁac bás.
50Deir Íosa leis: Imṫiġ leat, tá do ṁac beo. Ċreíd an fear an focal a duḃairt Íosa leis, agus d’imṫiġ sé.
51Agus ag dul síos dó, casaḋ a ṡeirḃísiġ air, agus ṫug siad scéala dó, ag ráḋ go raiḃ a ṁac beo.
52D’ḟiafruiġ sé díoḃ, dá ḃríġ sin, an uair ina ḃfuair sé biseaċ. Agus duḃairt siad leis: Indé, ar an seaċtaḋ h-uair, d’ḟág an fiaḃras é.
53Bí a ḟios ag an aṫair, mar sin, gurḃ í sin an uair i n-ar ḋuḃairt Íosa leis: Tá do ṁac beo: agus ċreid sé féin, agus a ṫeaġlaċ go h-uile.
54B’í seo arís an dara míorḃail a rinne Íosa ar ṫeaċt ó Iudaia ċun na Gailile dó.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland