Maitiú 16
16
Caibidil XVI
Diúltann Críost cóṁarṫa ó neaṁ a ṫaisbeáint do na Fairisíniġ. Ġeiḃ Peadar luaċ saoṫair a adṁála, agus ḃeir Críost aċṁusán dó as siocair gur ċuir sé i n-aġaiḋ na páise. Caiṫfiḋ luċt leanaṁna Ċríost go léir diúltaḋ dóiḃ féin.
1Agus ṫáinic na Fairisíniġ agus na Sadducaiġ ċuige a ċur féaċála air:#Marc. 8, 11. agus d’iarr siad air cóṁarṫa ó neaṁ a ṫaisbeáint dóiḃ.
2Agus duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt:#Lúc. 12, 54. Nuair a ḃíos sé ina ṫráṫnóna, deir siḃ: Béiḋ soineann ann, óir tá an spéar dearg:
3Agus ar maidin: Béiḋ stoirm ann indiu, óir tá an spéar ġruamḋa ag deargaḋ.
4Is eol díḃ, mar sin, gnúis na spéire a ḃreaṫnuġaḋ: an é naċ dtig liḃ cóṁarṫaí na linne d’aiṫne? Iarrann droċ-ġlúin aḋaltrannaċ cóṁarṫa, aċt ní ṫaḃarfar cóṁarṫa dí, aċt cóṁarṫa Iónais, fáiḋ.#Ión. 2, 1. Agus d’ḟág sé iad agus d’imṫiġ sé.
5Agus nuair a ṫáinic a ḋeisciobail trasna na mara, ḃí dearmad déanta acu arán a ṫaḃairt leo.
6Agus duḃairt seisean leo: Taḃairigiḋ aire agus seaċnaigiḋ deascaiḋ na ḃFairisíneaċ agus na Sadducaċ.#Marc. 8, 15; Lúc. 12, 1.
7Aċt ṫoisiġ siad-san a ṁaċtnaṁ ina n-aigne, ag ráḋ: Mar naċ dtugamar arán linn.
8Aċt ḃí a ḟios sin ag Íosa, agus duḃairt: A luċt an ċreid im ḃig, cad ċuige a ḃfuil siḃ ag maċtnaṁ i ḃur n-aigne, mar naċ ḃfuil arán agaiḃ?
9Naċ dtuigeann siḃ go fóill, agus naċ cuiṁin liḃ na cúig h-aráin do’n ċúig ṁíle duine, agus cá ṁéad bascáid a ṫóg siḃ?#Eoin 6, 9.
10Ná na seaċt n-arám do’n ċeiṫre ṁíle duine, agus cá ṁéad cliaḃ a ṫóg siḃ?
11Cad ċuige naċ dtuigeann siḃ nár i dtaoiḃ arám a duḃairt mé liḃ: Seaċnaigiḋ deascaiḋ na ḃFairisíneaċ agus na Sadducaċ?
12Annsin ṫuig siad nár ḋuḃairt sé gurḃ é deascaiḋ an aráin a ḃí le seaċnaḋ, aċt teagasc na ḃFairisíneaċ agus na Sadḋucaċ.
13Agus ṫáinic Íosa go críoċa Ċaesarea Ṗilip,#Marc. 8, 27. agus ċeistiġ sé a ḋeisciobail, ag ráḋ: Cé a deir na daoine is Mac an Duine?
14Agus duḃairt siad-san:#Marc. 8, 28; Lúc. 9, 19. Cuid acu Eoin Baiste, agus cuid eile Elías, agus cuid eile Ieremías, nó duine de na fáiḋe.
15Deir Íosa leo: Aċt cé a deir siḃ-se is mé?
16D’ḟreagair Síomon Peadar, agus duḃairt:#Eoin 6, 70. Is tú an Críost, Mac an Dé Ḃí.
17Agus d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leis: Is beannuiġṫe ṫu, a Ṡíomoin, mac Ióna; óir ní feoil agus fuil a d’ḟoillsig sin duit, aċt m’Aṫair atá ar neaṁ.
18Agus deirim-se leat gur tusa Peadar#16, 18 Gur tusa Peadar, ⁊c. Do réir mar d’ḟoillsiġ Dia do Naoṁ Peadar, adṁuiġeann sé go sollaṁanta annseo a ċreideaṁ i ndiaḋaċt Ċríost. Mar luaċ saoṫair ar son a ċreidiṁ agus a adṁála, dearḃann Ċríost dó gurab é a ṫoil gradam árd a ḃronnaḋ air. Ṫug sé Peadar mar ainm air ċeana féin, ainm a ċialluiġeas carraig. (Eoin 1, 42.) Béiḋ Peadar ina ṫaca ḋo-ċlaoiḋte faoi’n eaglais atá le tógail, aṁail agus carraig ṡár-ḃuan faoi ṫeaċ. Is é Críost an ṗríoṁ-ċloċ ḃuin, aċt ina ḋiaiḋ sin, is é Peadar an duḃṡraiṫ de ḃríġ gurab é an t-aoḋaire cinn, an t-uaċṫarán agus an rialtóir é. Tá iomlán cuṁaċta le ḃeiṫ aige san Eaglais, rud a ċialluiġeas eoċraċa ríoġaċt na ḃflaiṫeas.,#Eoin 1, 42. agus is ar an ċarraig sin#16, 18 Ar an ċarraig sin, ⁊c. Briaṫra seo Ċríost, a laḃair sé i dteangaiḋ na n-lúdaċ, b’ionann iad agus dá n-abraḋ sé i nGaeḋilg: Is carraig tusa, agus is ar an ċarraig sin a ṫógfas mé m’eaglais. Dá ḃríġ sin, do réir ċiall nádúrṫa na ḃfocal, deirtear annseo gurab é Peadar an ċarraig ar a dtógfar an Eaglais. Ḃunuiġ Críost an Eaglais, agus is é, mar sin, an ṗríoṁ-ḋuḃṡraiṫ é. Ag tógail a Eaglaise ar ċarraig dó, ḃeir Críost deiṁniuġaḋ dúinn naċ mbogann stoirm ná tuile a ċoiḋċe í: ṫóg Críost a Eaglais mar a ṫóg an fear críonna a ṫeaċ. (Mait. 7, 24-25.) a ṫógfas mé m’eaglais, agus ní ḃéarfaiḋ geaftaí ifrinn#16, 18 Geaftaí ifrinn, ⁊c. Is é sin le ráḋ, daingean ifrinn, nó cuṁaċt an diaḃail. Saṁailtear an Eaglais mar ṫiġ, nó daingean, tógṫa ar ċarraig; mar an gcéadna saṁailtear cuṁaċtaí ifrinn mar ḋaingean. Dá ṁéid a mbéiḋ an diaḃal ábalta a ḋéanaṁ le congnaṁ na ndeaṁan agus na ndroċ-ḋaoine ní ḃéarfaid sé buaiḋ ar an Eaglais, caṫair Ċríost. Is eol dúinn ó’n ġeallaṁaint sin naċ bfuiġiḋ íoḋalaḋraḋ, éirse, ná earráid ar biṫ eile a ċoiḋċe buaiḋ ar Eaglais Ċríost. buaiḋ uirṫí.
19Agus ḃéarfaiḋ mé duit eoċraċa ríoġaċt na ḃflaiṫeas.#Isaias 22, 22. Agus cibé níḋ a ċeanglóċas tú ar talaṁ, béiḋ sé ceangailte ar neaṁ: agus cibé níḋ a scaoilfeas tú ar talaṁ#16, 19 A scaoilfeas tú ar talaṁ. Ḃeirtear loġa ar an scaoileaḋ a ġeiḃ duine ó’n ṗionós ṡealadaċ a ḃíos tuillte aige mar ġeall ar a ṗeacaiḋe. Tá cuṁaċt na loġann dá talḃairt annseo do Ṗeadar., béiḋ sé scaoilte ar neaṁ.#Eoin 20, 23.
20Annsin d’aiṫin sé dá ḋeisciobail gan innse d’aoinneaċ gurḃ é féin Íosa, an Críost.
21Ó’n am sin amaċ ṫoisiġ Íosa a léiriuġaḋ dá ḋeisciobail go gcaiṫfeaḋ sé dul go h-Ierusalem, agus mórán neiṫe d’ḟulang ó na seanóirí, agus ó na Scríoḃaiḋṫe, agus ó uaċtaráin na sagart, agus bás d’ḟulang, agus éirġe arís ar an treas lá.
22Agus ṫug Peadar i leaṫ taoiḃ é#16, 22 Ṫug Peadar i leaṫ taoiḃ é. As uċt a ġráḋa agus a urraime do’n Tiġearna, agus as uċt a ḋíograise ċun onóir a Ṁáiġistir, ṫoisiġ Peadar a ċur ina aġaiḋ agus a ḋéanaṁ gearáin: A Ṫiġearna, nár leigiḋ Dia go mbéiṫeá-sa ag fuilstin báis. Aċt duḃairt an Tiġearna le Peadar: Siar mo ḋiaiḋ leat, a Ṡatain (23). D’ḟéadfaḋ na briaṫra sin an ċiall seo a ḃeiṫ leo: Imṫiġ siar uaim. Aċt ḃeir Aiṫreaċa Naoṁṫa na h-Eaglaise a ṁalairt de ċéill dóḃṫa, i.e. Tar mo ḋiaiḋ, nó lean mé. Dá réir sin, ḃí an Tiġearna ag taḃairt cuiriḋ do Ṗeadar é leanaṁaint ar ḃealaċ na péine agus na croise, agus gan a ḃeiṫ ag cur i n-aġaiḋ ṫoil Dé le n-a iomardaḋ. San Eaḃrais cialluiġeann Satan arḋḃeirseoir, nó neaċ a ċuireas i d’aġaiḋ., agus ṫoisiġ sé a iomardaḋ, ag ráḋ: Gura fada uait é, a Ṫiġearna; ní ṫiocfaiḋ sin ort-sa.
23Aċt ṫionntuiġ seisean, agus duḃairt le Peadar:#Marc. 8, 33. Siar mo ḋiaiḋ leat, a Ṡatain, is scainneal daṁ ṫú: óir ní h-iad na neiṫe a ḃaineas le Dia a ṫaitneas leat, aċt na neiṫe a ḃaineas le daoine.
24Annsin duḃairt Íosa le n-a ḋeisciobail:#Lúc. 9, 23, agus 14, 27. Má’s áil le h-aoinneaċ teaċt mo ḋiaiḋ-se, diúltaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.
25Óir cibé ar mian leis a anam a ṡáḃáil,#Lúc. 17, 33; Eoin 12, 25. caillfiḋ sé é: agus an té a ċaillfeas a anam ar mo ṡon-sa, ġeoḃaiḋ sé é.
26Óir cad é is feárrde duine, dá ngnóṫuiġeaḋ sé an doṁan uilig, agus a anam féin a ċailleaṁaint? Nó cad é ḃéarfas duine i n-éiric a anama?
27Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar maille le n-a aingle: agus annsin ḃéarfaiḋ#Gníoṁ. 17, 31; Róṁ. 2, 6. sé do gaċ duine do réir a ġníoṁarṫa.
28Amén adeirim liḃ,#Marc. 8, 39; Lúc. 9, 27. tá cuid dá ḃḟuil ina seasaṁ annseo naċ mblaisfiḋ bás go dtí go ḃfeiciḋ siad Mac an Duine ag teaċt ina ríoġaċt.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland