1
Eóin 10:10
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Ní ṫagann an biṫeaṁnaċ aċ ċun ḃeiṫ ag guid agus ag marḃú agus ag dísgiú. Ṫánag-sa ionus go mbeaḋ an ḃeaṫa acu, agus go mbeaḋ sí acu níos iomadaṁla.
Qhathanisa
Hlola Eóin 10:10
2
Eóin 10:11
Mise an t-aoḋaire fóġanta. Tugann an t-aoḋaire fóġanta a anam ar son a ċaoraċ.
Hlola Eóin 10:11
3
Eóin 10:27
Éistid mo ċaoíre-se le m’ ġlór, agus aiṫniġim-se iad, agus leanaid siad mé.
Hlola Eóin 10:27
4
Eóin 10:28
Agus tá an ḃeaṫa ṡíoruiḋe agam-sa ’á ṫaḃairt dóiḃ; agus ní caillfar go deó iad, agus ní ḋéanfaiḋ aoinne iad a ḋ’ḟuadaċ as mo láiṁ-se.
Hlola Eóin 10:28
5
Eóin 10:9
Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raġaiḋ duine isteaċ, saorfar é; agus geoḃaiḋ sé isteaċ agus amaċ, agus ġeoḃaiḋ sé an ḟosuiġeaċt.
Hlola Eóin 10:9
6
Eóin 10:14
Mise an t-aoḋaire fóġanta agus aiṫniġim mo ċuid féin, agus aiṫniġid siad-san mé.
Hlola Eóin 10:14
7
Eóin 10:29-30
Tá an níḋ a ṫug m’Aṫair dom níos mó ’ná gaċ uile níḋ; agus ní féidir d’aoinne fuadaċ as láiṁ m’Aṫar. Is aon mise agus an t-Aṫair.
Hlola Eóin 10:29-30
8
Eóin 10:15
Fé mar a ḋ’aiṫniġeann an t-Aṫair mise is eaḋ ḋ’ aiṫniġim-se an t-Aṫair leis; agus tá m’anam agam ’á ṫaḃairt ar son mo ċaoraċ.
Hlola Eóin 10:15
9
Eóin 10:18
Ní’l aoinne ’ġá ṫógaint uaim, aċ is uaim féin atáim ’ġá ṫaḃairt uaim; agus tá ar mo ċumas é ṫaḃairt uaim, agus tá ar mo ċumas é ṫógaint ċúġam airís. Siní an aiṫne a fuaras ó m’Aṫair.
Hlola Eóin 10:18
10
Eóin 10:7
Ansan duḃairt Íosa leó airís: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ gur mise dorus na gcaoraċ.
Hlola Eóin 10:7
11
Eóin 10:12
An fear tuarasdail áṁṫaċ, óir ní h-é an t-aoḋaire é, agus ní leis féin ná caoire, ċíonn sé an maċtíre ag teaċt, agus fágann sé na caoire agus teiṫeann sé; agus deineann an maċtíre foġail ar na caoire agus sgaipeann sé iad.
Hlola Eóin 10:12
12
Eóin 10:1
Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, an t-é ná tagann an dorus isteaċ i gcró na gcaoraċ, aċ do ṫagann isteaċ ar a ṁalairt de ċuma le sárú, biṫeaṁnaċ iseaḋ é sin agus robálaiḋe.
Hlola Eóin 10:1
Ikhaya
IBhayibheli
Amapulani
Amavidiyo