Gníomhartha 1
1
Caibidil I
Deasgabháil Chríost. Toghthar Matías i n-áit Iúdais.
1Rinne mé an chéad trácht, a Theoifil, ar an uile nídh dár thoisigh Íosa a dhéanamh agus a theagasc,
2Go dtí an lá i n-ar tógadh suas é, ar thabhairt aitheanta dó tríd an Spiorad Naomh do na h-abstail a thogh sé:
3Agus ar thaisbeán sé é féin beo dóibh i ndiaidh a páise leis an iomad cruthughadh ar feadh dhaichead lá, ghá nochtadh féin dóibh, agus ag tagairt do ríoghacht Dé.
4Agus ag caitheamh bídh dó ina gcuideachta, thug sé órdughadh dóibh gan corrughadh ó Ierusalem#Lúc. 24, 49; Eoin 14, 26. acht fuireach le geallamhaint a Athar, a chuala sibh, ar sé, ó mo bhéal-sa:#Mait. 3, 11; Marc. 1, 8; Lúc. 3, 16; Eoin 1, 26.
5Óir bhaist Eoin go dearbhtha le h-uisce, acht baistfear sibh-se leis an Spiorad Naomh i gcionn beagán laethe ó seo.
6Ar an adhbhar sin, d’fhiafruigh siad-san a bhí cruinnighthe le chéile de, ag rádh: A Thighearna, an ndéanfaidh tú, an t-am seo, ríoghacht Israéil a chur ar bun arís?
7Acht dubhairt seisean leo: Ní fá bhur gcoinne-se atá sé eolas a bheith agaibh ar na h-amanna ná ar na tráthanna a chuir an t-Athair ina chumhacht féin:
8Acht gheobhaidh sibh cumhacht an Spioraid Naoimh a tiócfas oraibh, agus béidh sibh i bhur bhfiadhnaisigh damh-sa#Lúc. 24, 48. i n-Ierusalem, agus san Iudaia go h-iomlán, agus san tSamáire, agus fiú go críocha imchiana an domhain.
9Agus nuair a dubhairt sé na neithe sin, agus iad ag coimhéad, tógadh suas é: agus rug néall amach as a n-amharc é.
10Agus le linn dóibh a bheith ag amharc air ag dul suas ar neamh, féach, sheasuigh beirt fhear i n-éadaighe geala i n-aice leo,
11Agus dubhairt siad leo: A fheara na Gailile, cad chuige a séasuigheann sibh ag amharc suas ar neamh? An t-Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, is amhlaidh a thiocfas sé, mar a chonnaic sibh é ag dul suas ar neamh.
12Annsin phill siad go h-Ierusalem ó’n tsliabh, dá ngoirtear Oilibhet, atá tuairim agus aistear sabóide i ngaobhar do Ierusalem.
13Agus nuair a tháinic siad isteach, chuaidh siad suas go seomra uachtarach, mar ar fhan Peadar agus Eoin, Séamus agus Aindrias, Pilip agus Tomás, Partholán agus Maitiú, Séamush Alpheuis agus Símon, Dúthrachtaidhe, agus Iúdas, dearbhráthair Shéamuis.
14Lean siad seo uilig ar’aon toil amháin de bheith ag urnaighe mar aon leis na mná, agus le Muire, máthair Íosa, agus le n-a bhráithre:
15Ins na laethe sin, ag éirghe ina sheasamh do Pheadar i lár a bhráithreach, dubhairt sé: (agus bhí tuairim ar chéad agus fiche de shluagh daoine le chéile)
16A fheara, agus a bhráithre, is éigean an Scrioptúir a chóimhlíonadh, a thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dháibhidh#Sailm 40, 10; Eoin 13, 18. fá dtaoibh de Iúdas, an té a bhí ina threoruidhe ortha sin a rug ar Íosa:
17A bhí ar a chómháireamh linne, agus a fuair a sciar de’n fhriothálamh seo.
18Agus go dearbhtha ghnóthuigh sé sin gort ar luach na h-urchóide agus ar bheith crochta dó,#Mait. 27, 7. bhris sé ina lár: agus bhrúcht a lonath ar uilig amach.
19Agus fuair gach uile dhuine dá gcómhnuigheann i n-Ierusalem a fhios seo, san chruth go dtugadh Haceldama ar an ghort sin, ina dteangaidh féin, is é sin le rádh, Gort na fola.
20Óir tá scríobhtha i leabhar na Sailm:#Sailm 68, 26. Go raibh a n-árus ina fhásach, agus nach raibh aoinneach le cómhnaidhe a dhéanamh ann. Agus glacadh duine eile a easbogacht.#Sailm 108, 8.
21Ar an adhbhar sin, de na fir a bhí mar aon linne ar feadh an ama go léir ina ndeachardh an Tighearna Íosa amach agus isteach i n-ár measc,
22Ag toiseacht ó bhaisteadh Eoin go dtí an lá i n-ar tógadh uainn é, caithfidh duine acu sin a bheith mar aon linne ina, fhiadhnaiseach ar a eiséirghé.
23Agus shocruigh siad ar bheirt, Ióseph, dá ngoirtí Barsabas, agus arbh chómhainm dó Iustus: agus Matías.
24Agus ag guidhe dóibh, dubhairt siad: Tusa, a Thighearna, ar fios duit croidhthe na ndaoine go léir, taisbeán cé acu de’n bheirt seo atá toighte agat,
25Le h-áit an fhriothálaimh, agus na h-abstaldhachta seo, a ghlacadh, ó n-a ndeachaidh Iúdas ar seachrán chun go dtéigheadh sé go dtí a áit féin.
26Agus chaith siad crainn ortha, agus thuit an crann ar Mhatías, agus h-airmhigheadh leis an aon Abstal dhéag é.
Currently Selected:
Gníomhartha 1: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland