Eoin 21
21
Caibidil XXI
Taisbeánann Críost é féin dá dheisciobail cois na fairrge, agus cuireann sé cúram a chuid caorach ar Pheadar.
1Ina dhiaidh seo thaisbeán Íosa é féin arís do na deisciobail ag muir Thiberiais. Agus is seo mar a thaisbeán:
2Bhí Síomon Peadar, agus Tomás, dá ngoirtear Didimus, agus Natanael, arbh as Cána na Gailile dó, agus clann Shebede, agus beirt eile dá dheisciobail, i bhfochair a chéile.
3Deir Síomon Peadar leo: Tá mise ag dul a iascaireacht. Deir siad-san leis: Támuid-ne fosta ag dul leat. Agus d’imthigh siad, agus chuaidh siad isteach san luing: agus an oidhche sin níor ghabh siad dadamh.
4Agus nuair a tháinic an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an tráigh: acht ní raibh a fhios ag na deisciobail gur Íosa a bhí ann.
5Ar an adhbhar sin, dubhairt Íosa leo: A pháistí, an bhfuil biadh ar bith agaibh? D’fhreagair siad-san é: Ní fhuil.
6Deir sé leo: Cuirigidh an eangach ar an taoibh dheis de’n luing: agus gheobhaidh sibh. Chuir siad, dá bhrígh sin: agus anois ní raibh siad ábalta a tarraingt, bhí an oiread sin iasc inntí.
7Ar an adhbhar sin, dubhairt an deisciobal sin, a b’ionmhuin le h-Íosa, le Peadar: Is é an Tighearna atá ann. Nuair a chuala Síomon Peadar gurbh é an Tighearna a bhí ann, chuir sé a chasóg fá dtaoibh de (óir bhí sé tárnocht) agus chaith sé é féin san fhairrge.
8Acht tháinic na deisciobail eile san luing: (óir ní raibh siad i bhfad ó’n talamh, acht tuairim ar dhá chéad bannlámh), agus iad ag tarraingt na h-eangaighe lán d’éisc.
9Ar an adhbhar sin, nuair a tháinic siad i dtír, chonnaic siad aibhleoghaí ina luighe ann, agus iasc leagtha ortha, agus arán.
10Deir Íosa leo: Tabhairigidh annseo cuid de na h-éisc a ghabh sibh anois.
11Chuaidh Síomon Peadar suas, agus tharraing i dtír an eangach, lán d’éisc mhóra, céad trí déag agus daichead. Agus gidh go raibh an oiread sin ann, níor briseadh an eangach.
12Deir Íosa leo: Taraigidh, agus ithigidh. Agus ní raibh sé de chroidhe i n-aoinneach dá raibh ag caitheamh bídh a fhiafruighe de: Cé thú féin? óir bhí a fhios acu gurbh é an Tighearna é.
13Agus tig Íosa, agus glacann sé an t-arán, agus bheir sé dóibh, agus an t-iasc mar an gcéadna.
14Is é seo anois an tríomhadh h-uair a thaisbeán Íosa é féin dá dheisciobail i ndiaidh a eiséirghe ó mharbhaibh.
15Ar an adhbhar sin, nuair a bhí biadh caithte acu, deir Íosa le Síomon Peadar: A Síomoin, a mhic Eoin, an annsa leat-sa mise ná leo seo? Deir seisean leis: Cinnte, a Thighearna, tá a fios agat gur ionmhuin liom thú. Deir sé leis: Beathuigh mo chuid uan.
16Deir sé leis athuair: A Shíomoin, a mhic Eoin, an ionmhuin leat mé? Deir seisean leis: Cinnte, a Thighearna, tá a fhios agat gur ionmhuin liom thú. Deir sé leis: Beathuigh mo chuid uan.
17Deir sé leis an tríomhadh h-uair: A Síomoin, a mhic Eoin, an bhfuil grádh agat damh? Tháinic brón ar Pheadar, de bhrígh gur dubhairt sé leis an tríomhadh h-uair: An bhfuil grádh agat damh? Agus dubhairt sé leis: A Thighearna, tá fios na n-uile neithe agat: tá a fhios agat go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: Beathuigh mo chuid caorach#21, 17 Beathuigh mo chuid caorach. Gheall ár dTighearna an ceannas spioradálta do Naomh Peadar: N. Mait. 16, 19. Tá sé ag cóimhlíonadh na geallamhna sin annseo tré chur cúram a chuid caorach go léir air. Dá bhrígh sin, tá sé ag cur cúram a thréada go léir air, is é sin, tá sé ag tabhairt cheannais dó thar iomlán na h-Eaglaise, eadar chléir agus tuataí..
18Amén, amén adeirim leat: nuair a bhí tú ní b’óige, chuirtheá féin do chrios ort, agus shiubhalthá san áit a ba thoil leat: acht nuair a bhéas tú sean, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios ort, agus treoróchaidh sé thú i n-áit nach toil leat.#2 Pead. 1, 14.
19Agus dubhairt sé sin le cur i n-iúl cad é an cinéal báis le n-a dtabharfadh sé glóir do Dhia. Agus nuair a bhí sin ráidhte aige, deir sé leis: lean mise.
20Thionntuigh Peadar thart, agus chonnaic sé an deisciobal sin a b’ionmhuin le h-Íosa ghá leanamhaint (an té a luigh ar a ucht ag an tsuipéar, agus a dubhairt: A Thighearna, cé h-é an té atá ag dul do bhrath?)
21Nuair a chonnaic Peadar é seo, dá bhrígh sin, dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, agus cad é fá dtaoibh de seo?
22Deir Íosa leis: Má’s toil liom-sa é fanacht go dtigidh mé, cad é sin duit-se? lean thusa mé.
23Ar an adhbhar sin chuaidh an scéal seo amach imeasc na mbráith-reach, nach bhfaghann an deisciobal sin bás. Agus níor dhubhairt Íosa leis: Ní fhaghann sé bás, acht: Má’s toil liom-sa é fanacht go dtigidh mé, cad é sin duit-se?
24Agus seo é an deisciobal sin atá ag tabhairt fhiadhnaise ar na neithe sin, agus a scríobh na neithe sin: agus tá a fhios againn go bhfuil a fhiadhnaise fíor.
25Agus tá mórán neithe eile ann fosta a rinne Íosa: agus dá scríobhthaí gach aon cheann acu, sílim nárbh fhéidir do’n domhan féin, na leabharthaí a bhéadh le scríobhadh, a chongbháil.
Currently Selected:
Eoin 21: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland