Gníomhartha 6
6
Caibidil VI.
Órdnadh na seacht ndeochan. Dúthracht Steapháin.
1Agus, ins na laethe sin, mar go raibh líon na ndeisciobal ag méadughadh, thárla monabhar ag na Gréagaigh#6, 1 Gréagaigh. B’iad sin na h-Iúdaigh a rugadh agus a tógadh san Ghréig. i n-aghaidh na n-Eabhrach, go rabhthas ag cur a gcuid baintreabhach i neamhshuim san fhriothálamh laetheamhail.
2Annsin ghoir an dáréag an sluagh deisciobal i gcionn a chéile, agus dubhairt: Ní cuibhe dúinne briathar Dé d’fhágáil, agus a bheith ag freastal ag táblaí.
3Ar an adhbhar sin, a bhráithre, cuartuighigidh i bhur measc seacht bhfir dheigh-chliúiteacha, lán de’n Spiorad Naomh agus d’eagna, a chuirfimíd i mbun na h-oibre seo.
4Acht béidh sinne de shíor ag gabháil d’urnaighe, agus de fhriothálamh an bhriathair.
5Agus thaitin an chainnt leis an tsluagh go léir. Agus thogh siad Steaphán, fear lán de chreideamh agus de’n Spiorad Naomh, agus Pilip, agus Prochorus, agus Nicanor, agus Tiomón, agus Parmenas, agus Nioclás, comhalta nua as an Antuaigh.
6Chuir siad iad seo i láthair na n-Abstal: agus ag guidhe dóbhthasan, leig siad a lámha ortha.
7Agus d’fhás briathar Dé, agus mhéaduigh líon na ndeisciobal i n-Ierusalem go mór: agus ghéill cuid mhór de na sagairt fosta do’n chreideamh.
8Agus ghníodh Steaphán, a bhí lán de ghrásta agus de neart, iongantaisí agus míorbhailte móra imeasc na ndaoine.
9Agus daoine áirithe de’n tsineagóig, dá ngoirtear sineagóg na Saoirsineach, agus na gCuiréineach, agus mhuinntir Chathair Alastair, agus de’n mhuinntir a bhí ó Chilicia agus ó’n Aisia, d’éirigh siad a dhíospóireacht le Steaphán:
10Agus ní raibh siad ábalta cur i n-aghaidh na h-eagna agus an Spioraid a labhair.
11Annsin thug siad fir i láthair le n-a dhearbhadh go bréagach gur chuala siad féin é ag labhairt briathra diamhaslacha i n-aghaidh Mhaoise agus i n-aghaidh Dé.
12Ar an adhbhar sin, ghríosuigh siad an pobal, agus na seanóirí, agus na Scríobhaidhthe: agus ag rith i n-aoinfheacht dóibh, rug siad air, agus thug siad go dtí an chómhairle é,
13Agus chuir siad fiadhnaisigh bhréagacha i láthair, a rádh: Ní stadann an duine seo de labhairt briathra i n-aghaidh na h-áite naomhtha agus an dlighe.
14Óir chualamar é ag rádh, go millfeadh an t-Íosa seo as Nasair an áit seo, agus go n-athróchadh sé na sean-ghnáis a thug Maoise dúinn.
15Agus ag coimhéad air dóbhtha sin uilig a bhí ina suidhe ar an chómhairle, chonnaic siad a aghaidh mar bhéadh aghaidh aingil ann.
Currently Selected:
Gníomhartha 6: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland