YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 7

7
Caibidil VII
Labhrann Steaphán i láthair na chómhairle: gheibh sé bás ina mhairtír.
1Annsin dubhairt uachtarán na sagart: An bhfuil na neithe seo amhlaidh?
2Agus dubhairt seisean: A fheara, a bhráithre agus a aithreacha, éistigidh. Thaisbheán Dia na glóire é féin dár n-athair Abraham nuair a bhí sé san Mheaspotáim, sul ar chómhnuigh sé i gCaran,
3Agus dubhairt leis:#Gein. 12, 1. Fág do thír féin, agus do chineadh, agus tar chun na tíre a thaisbheánfas mise duit.
4Annsin d’fhág sé tír na gCaildeach, agus bhain sé faoi i gCaran. Agus as sin, i ndiaidh bhás a athar, d’athruig sé é go dtí an talamh seo, ina bhfuil sibh-se i bhur gcómhnaidhe anois.
5Agus ní thug sé oighreacht ar bith dó ann, fiú fad troighe: acht gheall sé a thabhairt mar sheilbh dó féin, agus dhá shliocht ina dhiaidh, gidh nach raibh aon duine cloinne aige.
6Agus dubhairt Dia leis:#Gein. 15, 13. Béidh do shliocht-sa ina gcómhnaidhe i dtír choimhighthigh, agus cuirfear faoi dhaoirse iad, agus bhéarfar droch-úsáid dóibh, ar feadh cheithre gcéadh bliadhan:
7Agus bhéarfaidh mise breitheamhnas ar an chineadh ag a mbéidh siad faoi dhaoirse, ars an Tighearna, agus ina dhiaidh sin rachaidh siad amach, agus dhéanfaidh siad seirbhís damh-sa san áit seo.
8Agus thug sé connradh an timcheallgheárrtha#Gein. 17, 10. dó: agus mar sin ghein sé Isaac,#Gein. 21, 21. agus rinne sé a thimcheallghearradh ar an ochtmhadh lá: agus ghein Isaac Iacób:#Gein. 25, 25. agus Iacób an dáréag árdaithreach.#Gein. 29, 21, agus 35, 22.
9Agus ag glacadh éada do na h-árdaithreacha, dhíol siad Ióseph chun na h-Éigipte,#Gein. 37, 28. agus bhí Dia leis-sean:
10Agus réidhtigh sé ó n-a thrioblóidí go léir é: agus thug sé grásta agus eagna dó i bhfiadhnaise Fhorainn,#Gein. 41, 37. rí na h-Éigipte, agus chuir seisean ina uachtarán ós cionn na h-Éigipte, agus ós cionn a thighe féin go h-uile é.
11Agus tháinic gorta agus anrógh mór ar an Éigipt go léir, agus ar Chanán: agus ní raibh biadh le fagháil ag ár n-aithreacha.
12Agus nuair a chuala Iacób go raibh arbhar san Éigipt,#Gein. 42, 2. chuir sé ár n-aithreacha annsin ar dtús:
13Agus an dara h-uair d’aithin a dhearbhráithre Ióseph,#Gein. 45, 3. agus cuireadh a mhuinntir i n-aithne do Fhorann.
14Agus chuir Ióseph scéala ag gairm ar Iacób, a athair, agus ar a lucht gaoil go léir i líon a gcúig n-anam déag agus trí fichid.
15Agus chuaidh Iacób síos go h-Éigipt:#Gein. 46, 5. agus fuair sé féin#Gein. 49, 32. agus ár n-aithreacha bás.
16Agus tugadh go Sicem iad, agus cuireadh iad san tuamba a cheannuigh Abraham#Gein. 23, 16, agus 50, 5 agus 13; Iosue 24, 32. ar luach airgid ó chloinn Hemoir, mac Shiceim.
17Agus nuair a bhí aimsir na geallamhna, a thug Dia do Abraham, ag teacht ina ngaobhar, d’fhás agus mhéaduigh na daoine san Éigipt,#Ecs. 1, 7.
18Go dtí gur éirigh rí eile san Éigipt nach raibh aithne aige ar Ióseph.
19D’imir sé seo feall ar ár gcineadh, agus chráidh sé ár n-aithreacha, ag tabhairt ortha a gcuid leanbh a teilgean amach, chun nach maireadh siad beo.
20San am chéadna seo rugadh Maoise,#Ecs. 2, 2; Eabh. 11, 23. agus bhí sé taitneamhach i láthair Dé, agus h-oileadh é ar feadh thrí míos i dtigh a athar.
21Agus nuair a teilgeadh amach é, thóg inghean Fhorainn léi é, agus d’oil sí é mar mhac léi féin.
22Agus fuair Maoise léigheann i n-eagna na n-Éigipteach go h-iomlán, agus bhí sé cumhachtach i mbriathra agus i ngníomhartha.
23Agus nuair a bhí a dhaichead bliadhan slán aige, tháinic sé ina chroidhe cuairt a thabhairt ar a bhráithre, clann Israéil.
24Agus nuair a chonnaic sé duine áirithe ag fuilstin éagcóra, chosain sé é: agus ag bualadh an Éigiptigh dó, bhain sé díoghaltas amach ar son an té a d’fhulaing an éagcóir.#Ecs. 2, 12.
25Agus mheas sé gur thuig a bhráithre go dtabharfadh Dia fuascladh dóibh tré n-a láimh-sean: acht níor thuig siad-san sin.
26Agus an lá ina diaidh sin, thaisbeán sé é féin dóibh,#Ecs. 2, 13. agus iad i n-achrann le n-a chéile: agus bhí sé ag déanamh síothchána eatortha, ag rádh: A fheara, is bráithre sibh, cad chuige a ndéan sibh dochar dá chéile?
27Acht an té a rinne an éagcóir ar a chómharsain, dhing sé uaidh é, ag rádh: Cé chuir thusa i do phrionnsa agus i do bhreitheamh ós ár gcionn?
28An é gur mian leat mise a mharbhadh, mar mharbh tú an t-Éigipteach indé?
29Agus mar gheall ar an fhocal sin theich Maoise: agus bhí sé ina dheoraidhe i dtalamh Mhadiain, mar a rugadh beirt mhac dó.
30Agus nuair a chuaidh daichead bliadhan thart, thaisbeán aingeal é féin dó#Ecs. 3, 2. i bhfásach Shliabh Shina istigh i lasair theineadh i dtor.
31Agus nuair a chonnaic Maoise é, rinne sé iongantas de’n radharc. Agus ar theacht ní ba deise dó le n-a fheiceáil, tháinic guth an Tighearna chuige, ag rádh:
32Is mise Dia d’aithreach, Dia Abrahaim, Dia Isaaic, agus Dia Iacóib. Tháiníc crith ar Mhaoise, agus níor leig an eagla dó amharc.
33Agus dubhairt an Tighearna leis: Scaoil na bróga de do chosa: óir is talamh naomhtha an áit ina bhfuil tú i do sheasamh.
34Ag féachaint damh thug mé fá dear crádh mo phobail acá san Éigipt, agus chuala mé a n-osnaighil, agus tháinic mé anuas le h-iad a shaoradh. Agus anois tar, agus cuirfidh mé chun na h-Éigipte thú.
35An Maoise seo, ar dhiúltuigh siad dó, ag rádh: Cé rinne prionnsa agus breitheamh díoc-sa? chuir Dia ina phrionnsa agus ina shlánuightheoir é tré láimh an aingil a thaisbeán é féin dó san tor.
36Threoruigh sé seo amach iad, agus iongantaisí agus míorbhailte dá ndéanamh aige i, dtalamh na h-Éigipte, agus san Mhuir Ruaidh, agus san fhásach ar feadh dhaichead bliadhan.#Ecs. 7, 8-11 agus 14.
37Is é seo an Maoise a dubhairt le cloinn Israéil: Tógfaidh Dia suas fáidh díbh de bhur mbráithre, mar mise: éistfidh sibh leis-sean.#Deut. 18, 15.
38Is é seo an té a bhí san eaglais san fhásach,#Ecs. 19, 3. leis an aingeal a labhair leis ar Shliabh Shina, agus le n-ár n-aithreacha: an té a fuair bhriathra na beatha le n-a dtabhairt dúinne.
39Agus níorbh áil le n-ár n-aithreacha bheith umhal dó: acht dhiúltuigh siad é, agus thioinntuigh siad ina gcroidhthe ar an Éigipt,
40Ag rádh le h-Aaron:#Ecs. 32, 1. Déan déithe dúinn, a rachas rómhainn: óir an Maoise seo, a threoruigh sinn amach as tír na h-Éigipte, ní fhuil a fhios againn cad é thárla dó.
41Agus rinne siad gamhain ins na laethe sin, agus d’ofráil siad íodhbairt do’n deilbh, agus chuir siad taitneamh i n-oibreacha a lámh féin.
42Agus thionntuigh Dia, agus thug sé suas iad chun seirbhís á dhéanamh do shluagh neimhe, mar atá scríobhtha i leabhar na bhFáid:#Amos 5, 25. A thigh Israéil, nach ndearna sibh íodhbartha agus ofrála damh-sa ar feadh dhaichead bliadhan san fhásach?
43Agus ghabh sibh chugaibh tabarnaicil Mholoic, agus réalt bhur ndé Remphan, íomháighe a rinne sibh féin chun a n-adhartha. Agus bhéarfaidh mise anonn sibh go dtí an taobh tall de’n Bhaibileoin.
44Bhí tabarnaicil an chonnartha le n-ár n-aithreacha san fhásach, mar a d’órduigh Dia dóibh, ag rádh le Maoise é a dhéanamh do réir na h-eisiompláire a chonnaic sé.#Ecs. 25, 40.
45Agus ghlac ár n-aithreacha é, agus i n-aoinfheacht le h-Íosa#7, 45 Íosa. Is é sin, Iosue, mar a tugadh air san Ghréigis. thug siad isteach leo é go sealbhas na gCinidheach,#Iosue 3, 14; Eabh. 8, 9. ar theilg Dia amach as amharc ár n-aithreach iad, go dtí linn Dháibhidh.
46Agus fuair seisean grásta i bhfiadhnaise Dé,#1 Rígh. 16, 13. agus bhí fonn air tabarnaicil d’fhagháil do Dhia Iacóib.#Sailm 131, 5.
47Acht b’é Salomon#3 Rígh. 6, 1; 1 Par. 17, 12. a thóg teach dó.
48Acht ní i dtighthe láimh-dhéanta a chómhnuigheas#7, 48 Ní i dtighthe láimh-dhéanta a chómhnuigheas &c. Is é sin le rádh, ní fhuil feidhm ag Dia ar áruis san tsaoghal seo, agus ní féidir do thigh ar bith a chongbháil. Tá Dia san uile áit, agus, dá bhrígh sin, i n-ár dtighthe fosta. Bhí Dia an Mac ina chómhnaidhe i dtigh mar dhuine, agus tá sé anois ina chómhnaidhe ar ár n-altóirí san tSacramaint Ró-Naomhtha. an Té is Aoirde, mar adeir an fáidh:
49Is í neamh mo chathaoir:#Isaias 66, 1. agus an talamh stól mo chos. Cad é an teach a thógfas sibh damh, deir an Tighearna? nó cad is áit scíste damh?
50Nach í mo lámh féin a rinne na neithe sin uilig?
51A lucht an mhuinéil righin, atá gan timcheallghearradh i gcroidhthe agus i gcluasa, cuireann sibh i gcómhnaidhe i n-aghaidh an Spioraid Naoimh: mar a rinne bhur n-aithreacha, is amhlaidh a ghní sibh-se fosta.
52Cé acu de na fáidhe nár ghéirlean bhur n-aithreacha? Agus mharbh siad iad sin a thairngir ar theacht an Neach Chóir, ag a raibh sibh-se anois i bhur mbrathadóirí agus i bhur ndúnmharbhthóirí:
53Agus fuair sibh an dlighe tré fhriothálamh aingeal, agus níor chongbhuigh sibh é.
54Agus ar chluinstin na neithe sin dóibh, goineadh ina gcroidhthe iad, agus bhí díoscarnach dá bhaint as a gcuid fiacal acu ina aghaidh.
55Acht ag stánadh suas ar neamh dó-san, agus é lán de’n Spiorad Naomh, chonnaic sé glóir Dé, agus Íosa ina sheasamh ar dheis Dé. Agus dubhairt sé: Féach, tchím na flaithis foscailte, agus Mac an Duine ma sheasamh ar dheis Dé.
56Acht ag béicfigh dóbhtha-san as árd a gcinn, stop siad a gcluasa, agus d’ionnsuigh siad é i n-aoinfheacht.
57Agus ghá teilgean amach as an chatháir dóibh, ghabh siad do chlocha ann: agus chuir na fiadhnaisigh a gcuid éadhaigh síos ag cosa óigfhir darbh ainm Saul.
58Agus ghabh siad do chlocha i Steaphán, agus é ag guidhe agus ag rádh: A Thighearna Íosa, glac chugat mo spiorad.
59Agus ag dul ar a ghlúna dó, scairt sé de ghuth árd, ag rádh: A Thighearna, ná h-aithbhir an peacadh seo ortha. Agus nuair a bhí sin ráidhte aige, thuit sé ina chodladh san Tighearna. Agus bhí Saul ag aontughadh le n-a bhás.

Currently Selected:

Gníomhartha 7: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 7