Eoin 10
10
Caibidil X
Is é Críost an doras agus an t-aodhaire máith. Is aon é féin agus a Athair.
1Amén, amén adeirim libh: an té nach dtéid isteach ar an doras go cró na gcaorach, acht a théid suas bealach eile, is gadaidhe agus sladaire é.
2Acht an té a théid isteach ar an doras, is aodhaire na gcaorach é.
3Is dó seo a fhosclas an doirseoir, agus cluineann na caoirigh a ghuth, agus goireann sé chuige a chaoirigh féin fá n-a n-ainmneacha agus treoruigheann sé amach iad.
4Agus nuair a leigeas sé amach a chaoirigh féin, téid sé rompa, agus leanann na caoirigh é, de bhrígh go n-aithneann siad a ghuth.
5Acht ní leanann siad coimhightheach, acht teicheann siad uaidh: óir ní aithneann siad guth na gcoimhightheach.
6Labhair Íosa an tsamhlaoid sin leo. Acht níor thuig siad cad é bhí dá rádh aige leo.
7Ar an adhbhar sin, dubhairt Íosa leo arís: Amén, amén, adeirim libh, gur mise doras na gcaorach.
8An méid a tháinic uilig, is gadaidhthe agus sladairí iad, agus níor éist na caoirigh leo.
9Is mise an doras. Má’s tríom-sa a rachas aoinneach isteach, slánóchar é: agus rachaidh sé isteach, agus amach, agus gheobhaidh sé beathughadh.
10Ní thig an gadaidhe, acht a ghoid, agus a mharbhadh, agus a mhilleadh. Tháinic mise chun go mbéadh beatha acu, agus go mbéadh sí acu níos iomláine.
11Is mise an t-aodhaire maith. Bheir an t-aodhaire maith a bheatha ar son a chaorach.#Isaias 40, 11; Eséciel 34, 23, agus 37, 24.
12Acht an buachaill fostóidh, agus an té nach é an t-aodhaire é, agus nach leis féin na caoirigh, tchí sé an mactíre ag teacht, agus fágann sé na caoirigh agus teicheann sé: agus fuaduigheann an mactíre na caoirigh, agus scaipeann sé iad:
13Agus teicheann an buachaill fostóidh, de bhrígh gur buachaill fostóid é, agus nach bhfuil áird aige ar an caoirigh.
14Is mise an t-aodhaire maith: agus aithnim-se mo chuid féin, agus aithneann mo chuid féin mise.
15Mar aithneas m’Athair mise, agus aithnim-se m’Athair:#Mait. 11, 27; Lúc. 10, 22. agus bheirim mo bheatha ar son mo chuid caorach.
16Agus tá caoirigh eile agam, nach de’n chró seo iad: caithfidh mé iad-san a thabhairt liom mar an gcéadna, agus cluinfidh siad mo ghuth, agus béidh aon chró amháin, agus aon aodhaire amháin, ann.
17Is ar an adhbhar sin a ghrádhuigheas m’Athair mé: de bhrígh go dtabhraim uaim mo bheatha, chun go ngabhainn chugam arís í.#Isaias 53, 7.
18Ní thógann aoinneach uaim í: acht is uaim féin a bheirim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í thabhairt uaim: agus tá sé ar mo chumas í ghabháil chugam arís. Fuair mé an aithne sin ó m’Athair.
19D’éirigh conspóid arís imeasc na n-Iúdach mar gheall ar na briathra sin.
20Agus dubhairt mórán acu: Tá deamhan ann, agus tá sé as a chéill: cad chuige a n-éisteann sibh leis?
21Dubhairt cuid eile: Ní briathra duine a mbéadh deamhan ann iad seo: an amhlaidh a thig le deamhan súla dall d’fhoscladh?
22Agus thárla Féile na Toirbhirte i n-Ierusalem:#1 Machab. 4, 56, agus 59. agus bhí an geimhreadh ann.
23Agus bhí Íosa ag siubhal san teampall, i bpóirse Shalomoin.
24Ar an adhbhar sin, chruinnigh na h-Iúdaigh thart timcheall air, agus dubhairt siad leis: Cá fhad a bhéas ár n-anam i mbroid agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go soiléir.
25D’fhreagair Íosa iad: Labhraim libh, agus ní chreideann sibh: na h-oibreacha a ghním i n-ainm m’Athar, bheir siad fiadhnaise orm:
26Acht ní chreideann sibh-se, de bhrígh nach de mo chaoirigh-se sibh.
27Éisteann mo chaoirigh-se le mo ghuth: agus aithnim-se iad, agus leanann siad mé:
28Agus bheirim-se beatha shíorraidhe dóíbh: agus ní chaillfear go deo iad, agus ní fhuadóchaidh aoinneach as mo láimh iad.
29Tá an nídh a thug m’Athair damh níos mó ná gach uile nídh: agus ní thig le h-aoinneach fuadach as láimh m’Athar.
30Is aon mise agus an t-Athair#10, 30 Is aon mise agus an t-Athair. Is é sin le rádh, aon nádúir amháin dhiadha, acht dhá phearsain eidirdhealuighthe..
31Ar an adhbhar sin, thóg na h-Iúdaigh clocha le n-a gcaitheamh air.
32D’fhreagair Íosa iad: Thaisbeán mé mórán déagh-oibreacha díbh ó m’Athair; cé acu obair díobhtha a bhfuil sibh ag gabháil do chlocha ionnam mar gheall uirthí?
33D’fhreagair na h-Iúdaigh é: Ní mar gheall ar dhéagh-obair atámuid ag gabháil do chlocha ionnat, acht mar gheall ar dhiamhasla: agus de bhrígh go ndéan tú Dia díot féin, agus tú i do dhuine.
34D’fhreagair Íosa iad: An é nach bhfuil sé scríobhtha i bhur ndlighe: Dubhairt mé gur déithe sibh?#Sailm 81, 6.
35Má thug sé déithe ortha siúd, ar labhradh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúir a chur ar neimhnídh:
36An abair sibh leis an té a rinne an t-Athair a naomhughadh agus a chur ar an tsaoghal: Tá diamhasla dá dhéanamh agat: de bhrígh gur dhubhairt mé: Is mise Mac Dé?
37Muna ndéanaim oibreacha m’Athar, ná creidigidh mé.
38Acht má ghním: agus muna mian libh mise a chreidbheáil, creidigidh na h-oibreacha, chun go raibh a fhios agaibh, agus go gcreididh sibh, go bhfuil an t-Athair ionnam-sa, agus mise san Athair.
39Ar an adhbhar sin, bhí siad i bhfáthach le breith air: agus d’éaluigh sé as a lámha.
40Agus d’imthigh sé arís trasna na h-Iordáine go dtí an áit sin ina mbíodh Eoin ag baisteadh ar dtús: agus d’fhan sé annsin.
41Agus tháinic mórán chuige: agus dubhairt siad: Ní dhearna Eoin aon mhíorbhail ar bith,
42Acht na h-uile neithe dár dhubhairt Eoin fá dtaoibh de seo, b’fhíor iad. Agus chreid mórán ann.
Currently Selected:
Eoin 10: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland