YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 14

14
Caibidil XIV
Cainnt Chríost i ndiaidh a shuipéir dheireannaigh.
1Ná bíodh buaidhreamh ar bur gcroidhe. Creideann sibh i nDia; creidigidh ionnam-sa fosta.
2Is iomdha árus i dtigh m’Athar; dá mba nach mbéadh, d’innseochainn díbh: óir tá mé ag dul chun áit a chur fá réir díbh.
3Agus má théighim, agus áit a chur fá réir díbh, tá mé ag teacht arís, agus glacfaidh mé chugam féin sibh, chun go raibh sibh-se mar a mbím-se.
4Agus tá a fhios agaibh cá bhfuil mé ag dul, agus tá eolas na slighe agaibh.
5Deir Tomás leis: A Thighearna, ní fhuil a fhios againn cá bhfuil tú ag dul: agus cad é mar is féidir dúinn eolas na slighe a bheith againn?
6Deir Íosa leis: Is mise an tslighe, an fhírinne, agus an bheatha. Ní thig aoinneach chuig an Athair, acht tríom-sa.
7Dá mbéadh aithne agaibh orm-sa, is cinnte go mbéadh aithne agaibh ar m’Athair fosta: acht béidh aithne agaibh air feasta, agus chonnaic sibh é.
8Deir Pilip leis: A Thighearna, taisbeán an t-Athair dúinn, agus is leor dúinn sin.
9Deir Íosa leis: An bhfuil mé an fad seo aimsire i bhur measc, agus gan aithne agaibh orm? A Philip, an té atchí mise, tchí sé an t-Athair fosta. Cad é mar deir tusa: Taisbeán an t-Athair dúinn.
10An é nach gcreideann sibh go bhfuil mise san Athair, agus an t-Athair ionnam-sa. Na briathra a labhraim-se libh, ní uaim féin a labhraim iad. Acht an t-Athair atá ina chómhnaidhe ionnam, is é a ghní na h-oibreacha.
11Nach gcreideann sibh go bhfuil mise san Athair, agus an t-Athair ionnam-sa?
12Nó munab é sin, creidigidh mar gheall ar na h-oibreacha féin. Amén, amén adeirim libh, an té a chreideas ionnam-sa, dhéanfaidh seisean fosta na h-oibreacha a ghním-se, agus dhéanfaidh sé oibreacha is mó ná iad: de bhrígh go bhfuil mise ag dul chuig an Athair.
13Agus cibé ar bith nídh a iarrfas sibh ar an Athair i m’ainm-se, dhéanfaidh mise sin#Mait. 7, 7, agus 21, 22; Marc. 11, 24.: chun go bhfaghaidh an t-Athair glóir san Mhac.
14Má iarrann sibh aon nídh orm-sa i m’ainm féin, dhéanfaidh mé sin.
15Má tá grádh agaibh damh, coimhéadaigidh m’aitheanta.
16Agus guidhfidh mise an t-Athair, agus bhéarfaidh sé cómhfhurtuightheoir#14, 16 Cómhfhurtuightheoir. Is é sin, sólásaidhe: nó fosta, eadar-ghuidhtheoir: óir, ghár spreagadh chun urnaighe dó, guidheann sé ionnainn, mar déarfá, agus ar ár son. eile díbh le fanacht agaibh go deo#14, 16 Go deo. Is léir ó na focla seo gur gealladh Spiorad na fírinne ní amháin do na h-Abstail iad féin, acht dá gcómharbaí fosta go deireadh an tsaoghail.,
17Spiorad na fírinne, nach féidir do’n tsaoghal a ghlacadh, mar nach bhfeiceann sé é, agus nach n-aithneann sé e; acht aithneochaidh sibh-se é: óir fanfaidh sé agaibh, agus béidh sé ionnaibh.
18Ní fhágfaidh mé i bhur ndíleachtaí sibh: tiocfaidh mé chugaibh.
19Tamall beag eile, agus ní fheiceann an saoghal mé níos mó. Acht tchí sibh-se mé: óir tá mise beo, agus béidh sibh-se beo.
20An lá sin béidh a fhios agaibh go bhfuil mise i m’Athair, agus sibh-se ionnam-sa, agus mise ionnaibh-se.
21An té a bhfuil m’aitheanta aige, agus a choimhéadas iad, is é sin an té a mbíonn grádh aige damh. Agus an té a mbíonn grádh aige damh, béidh grádh ag m’Athair dó-san, agus béidh grádh agam-sa dó: agus foillseochaidh mé mé féin dó.
22Deir Iúdas leis, ní h-é an t-Iscariot úd: A Thighearna, cad é mar thárla go bhfoillseochaidh tú thú féin dúinne, agus nach bhfoillseochaidh do’n tsaoghal?
23D’fhreagair Íosa, agus dubhairt leis: Má ghrádhuigheann duine ar bith mise, congbhóchaidh sé mo bhriathar, agus grádhóchaidh m’Athair é, agus tiocfamuid chuige, agus dhéanfamuid cómhnaidhe aige:
24An té nach mbíonn grádh aige damh, ní chongbhuigheann sé mo bhriathra. Agus an briathar a chuala sibh, ní liom-sa é: acht leis an Athair a chuir uaidh mé.
25Dubhairt mé na neithe seo libh, agus mé i bur gcuideachta.
26Acht an Cómhfhurtuightheoir, an Spiorad Naomh, a chuirfeas an t-Athair uaidh i m’ainm-se, bhéarfaidh sé teagasc na n-uile neithe#14, 26 Teagasc na n-uile neithe. Gealltar an Spiorad Naomh annseo do na h-Abstail agus dá gcómharbaí, chun gach fírinne a theagasc dóibh, agus iad a chongbháil ó earráid. díbh, agus cuirfidh sé i gcuimhne díbh gach uile nídh dá mbéidh ráidhte agam-sa libh.
27Fágaim síothchám agaibh, bheirim mo shíothcham díbh: ní mar bheir an saoghal a bheirim-se díbh. Ná bíodh buaidhreamh ar bhur gcroidhe, agus ná bíodh eagla ann.
28Chuala síbh gur dhubhairt mé libh: Imthighim, agus tigim chugaibh. Dá mbéadh grádh agaibh damh, is cinnte go mbéadh áthas oraibh, de bhrígh go dtéighim chuig an Athair: óir is mó an t-Athair ná mise#14, 28 Óir is mó an t-Athair ná mise. Is léir go labhrann Críost ár dTighearna air féin annseo san mhéid gur duine é: óir, mar Dhia, tá sé cóimhionann leis an Athair. (Pilib. 2) Cibé deacracht atá i dtuigbheáil na bhfocal seo, imthigheann sí nuair a dhearcamuid ar an mhéid a théid leo, agus a leanas iad. Óir ó bí Críost le bás u’fhulang gan mhoill, bhí sé ag cur a nádúra daonna i n-iúl dá Abstail leis na briathra seo: óir mar Dhia níonbh fhéidir dó bás d’fhagháil. Dá bhrígh sin, mar gur Dhia agus duine i n-aoinfheacht é, ba léir gur mar dhuine a chaithfeadh sé bás d’fhagháil, rud atchífeadh agus a chreidfeadh na h-Abstail gan mhoill, mar a deir sé i bhéarsa a 29. “Agus d’innis mé díbh anois é sul a dtigidh sé chun críche: chun go gcneididh sibh, nuair a thiocfas sé chun críche.”.
29Agus d’innis mé díbh anois é sul a dtigidh sé chun críche: chun go gcreididh sibh, nuair a thiocfas sé chun críche.
30Ní labharfaidh mé mórán libh anois. Óir tá prionnsa an tsaoghail seo ag teacht, agus ní fhuil nídh ar bhith aige ionnam-sa.
31Acht chun go raibh a fhios ag an tsaoghal go ngrádhuighim an t-Athair, agus do réir mar thug an t-Athair aithne damh,#Gníomh. 2, 23. is amhlaidh a ghním. Éirighigidh, téighimís as seo.

Currently Selected:

Eoin 14: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in