Eoin 4
4
Caibidil IV
Labhrann Críost leis an mhnaoi ó’n tSamáire. Leigheasann sé mac an taoisigh.
1Ar an adhbhar sin, nuair a bhí a fhios ag Íosa gur chuala na Fairisínigh go raibh ní ba mhó deisciobal dá ndéanamh agus dá mbaisteadh ag Íosa ná ag Eoin,
2(Gidh nárbh é Íosa, acht a dheisciobail, a bhaisteadh.)
3D’fhág sé Iudaia, agus d’imthigh sé arís chun na Gailile.
4Agus b’éigean dó dul fríd an tSamáire.
5Ar an adhbhar sin tig sé go cathair de chuid na Samáire, dá ngoirtear Sichar; i n-aice leis an talamh a thug Iacób dá mhac,#Gein. 33, 19, agus 38, 22; Iosue 24, 32. Ióseph.
6Agus bhí tobar Iacóib annsin. Dá bhrígh sin, mar go raibh Íosa tuirseach de’n aistear, shuidh sé mar sin ar an tobar. Bhí sé tuairim agus an seiseadh h-uair.
7Tig bean de chuid na Samáire a tharraingt uisce. Deir Íosa léi: Tabhair deoch damh.
8Óir chuaidh a dheisciobail chun na cathrach a cheannach bidh.
9Deir an bhean úd ó’n tSamáire leis, dá bhrígh sin: Cad é mar iarras tusa, agus tú i d’Iúdach, deoch orm-sa, ar bean Shamáiriteánach mé? Óir ní théid na h-Iúdaigh i gcómhluadar leis na Samáiriteánaigh.
10Dubhairt Íosa léi, ghá freagairt: Dá mb’eol duit tiodhlacadh Dé, agus cé h-é a deir leat: tabhair deoch damh; b’fhéidir gur tusa a d’iarrfadh air-sean, agus go dtabharfadh sé uisce beo duit.
11Deir an bhean leis: A dhuine uasail, ní fhuil caoi tharraingthe agat, agus tá an tobar domhain: cá bhfuil, mar sin, an t-uisce beo agat?
12An mó thú ná ár n-athair, Iacób, a thug dúinn an tobar, agus a d’ól as é féin, agus a chlann, agus a chuid beithidheach?
13D’fhreagair Íosa, agus dubhairt léi: Gach aoinneach dá n-ólfaidh an t-uisce seo, béidh tart air arís: acht an té a ólfas an t-uisce a bhéarfas mise dó, ní bhéidh tart air a choidhche;
14Acht an t-uisce a bhéarfas mise dó, éireochaidh sé istigh ann ina thobar uisce ag scárdadh suas chun na beatha síorraidhe.
15Deir an bhean leis: A dhuine uasail, tabhair damh an t-uisce seo, chun nach raibh tart orm, agus nach dtigim annseo a tharraingt.
16Deir Íosa léi: Imthigh, goir ar do fhear, agus tar annseo.
17D’fhreagair an bhean, agus dubhairt: Ní fhuil aon fhear agam. Deir Íosa léi: Is maith a dubhairt tú é: Ní fhuil aon fhear agam:
18Óir bhí cúig fir agat, agus anois, an té atá agat, ní h-é do fhear é: dubhairt tú seo go fírinneach.
19Deir an bhean leis: A dhuine uasail, tchím gur fáidh thú.
20Rinne ár n-aithreacha adhradh ar an tsliabh seo#4, 20 An tsliabh seo. Garizim, man a raibh a dteampall siosmach ag na Samáiriteánaigh., agus dheir sibh-se gur i n-Ierusalem atá an áit i n-ar cóir adhradh a dhéanamh.#Deut. 12, 5.
21Deir Íosa léi: A bhean, creid mise, go bhfuil an uair ag teacht nuair nach ar an tsliabh seo, ná i n-Ierusalem, a dhéanfas sibh an t-Athair dh’adhradh.
22Adhrann sibh-se an nídh nach eol díbh: adhramuid-ne an nídh is eol dúinn,#4 Rígh. 17, 41. óir is ó na h-Iúdhaigh atá an slánughadh.
23Acht tá an uair ag teacht, agus is anois é, nuair a bhéarfas na fíor-adharthóirí adhradh do’n Athair i spioradh agus i bhfírinne. Óir iarrann an t-Athair fosta a leithéidí sin chun é d’adhradh.
24Is spiorad Dia:#1 Cor. 3, 17. agus iad sin a adhras é, is cóir dóibh é d’adhradh i spiorad agus i bhfírinne.
25Deir an bhean leis: Tá a fhios agam go bhfuil Messías (dá ngoirtear Críost) ag teacht, agus dá bhrígh sin, nuair a thiocfas seisean, innseochaidh sé na h-uile neithe dúinn.
26Deir Íosa léi: Is mise é, atá ag cainnt leat.
27Agus le n-a linn sin tháinic a dheisciobail: agus bhí iongantas ortha as siocair go raibh sé ag cainnt le mnaoi. Acht níor dhubhairt aoinneach: Cad é tá tú a iarraidh, ná cad chuige a bhfuil tú ag cainnt léi?
28Ar an adhbhar sin, d’fhág an bhean a soitheach uisce, agus d’imthigh sí chun na cathrach, agus deir sí leis na daoine,
29Taraigidh, agus feicigidh an duine a d’innis damh gach nídh dá ndearna mé: an é nach é seo an Críost?
30Chuaidh siad, dá bhrígh sin, amach as an chathair, agus tháinic siad chuige.
31San am chéadna ghuidh a dheisciobail é, ag rádh: A Rabbi, ith.
32Acht deir seisean leo: Tá biadh le h-ithe agam-sa nach bhfuil a fhios agaibh-se.
33Dubhairt na deisciobail, dá bhrígh sin, eatortha féin: An féidir go dtug aoinneach rud éigin le h-ithe chuige?
34Deir Íosa leo: Is é is biadh damh-sa, toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, chun go dtabhrainn a obair chun críche.
35Nach n-abrann sibh féin go bhfuil ceithre mhí ann go fóill sul a dtigidh an fóghmhar? Féach, deirim libh: Tógaigidh suas bhur súla, agus dearcaigidh ar na dúithche, óir tá siad cheana féin geal chun fóghmhair.#Mait. 9, 37; Lúc. 10, 2.
36Agus an té a bhuaineas, gheibh sé tuarastal, agus cruinnigheann sé toradh chun na beatha síorraidhe: chun go raibh lúthgháir ar an té a chuireas agus ar an té a bhuaineas i n-aoinfheacht.
37Óir san nídh seo is fíor an focal: go gcuireann duine amháin, agus go mbuaineann duine eile.
38Chuir mise sibh-se a bhuain an nídh nár shaothruigh sibh: daoine eile a shaothruigh, agus chuaidh sibh-se isteach ina saothar.
39Agus chreid mórán de Shamáiriteánaigh na cathrach sin ann mar gheall ar fhocal na mná a thug an fhiadhnaise: D’innis sé damh gach nídh dá ndearna mé.
40Ar an adhbhar sin, nuair a tháinic na Samáiriteánaigh chuige, d’iarr siad air fanacht annsin. Agus d’fhan sé annsin dhá lá.
41Agus chreid mórán ní ba mhó acu ann mar gheall ar a chainnt féin.
42Agus deireadh siad leis an mhnaoi: Ní mar gheall ar do chuid cainnte-se a chreidimíd anois: óir chualamar féin é, agus tá a fhios againn gurab é seo go fíor Slánuightheoir an domhain.
43Agus i gcionn dhá lá d’imthigh sé as sin: agus chuaidh sé chun na Gailile.
44Óir thug Íosa é féin fiadhnaise nach bhfaghann fáidh onóir ina dhúthaigh féin.#Mait. 13, 57; Marc. 6, 4; Lúc. 4, 24.
45Ar an adhbhar sin, nuair a tháinic sé chun na Gailile,#Mait. 4, 12; Marc. 1, 14; Lúc. 4, 14. ghabh muinntir na Gailile chuca é, de bhrígh go bhfaca siad gach nídh dá ndearna sé i n-Ierusalem lá na féile: óir tháinic siad-san fosta chuig an fhéile.
46Tháinic sé athuair, dá bhrígh sin, go Cána na Gailile, mar a ndearna sé fíon de’n uisce. Agus bhí taoiseach áirithe ann, a raibh a mhac tinn i gCapharnaum.
47Nuair a chuala seisean go dtáinic Íosa ó Iudaia go dtí an Ghailile, chuaidh sé chuige, agus ghuidh sé é a theacht anuas agus a mhac a leigheas: óir bhí sé i riocht an bháis.
48Ar an adhbhar sin, dubhairt Íosa leis: Muna bhfeicidh sibh míorbhailte agus iongantaisí, ní chreideann sibh.
49Deir an taoiseach leis: A Thighearna, tar anuas sul a bhfaghaidh mo mhac bás.
50Deir Íosa leis: Imthigh leat, tá do mhac beo. Chreíd an fear an focal a dubhairt Íosa leis, agus d’imthigh sé.
51Agus ag dul síos dó, casadh a sheirbhísigh air, agus thug siad scéala dó, ag rádh go raibh a mhac beo.
52D’fhiafruigh sé díobh, dá bhrígh sin, an uair ina bhfuair sé biseach. Agus dubhairt siad leis: Indé, ar an seachtadh h-uair, d’fhág an fiabhras é.
53Bí a fhios ag an athair, mar sin, gurbh í sin an uair i n-ar dhubhairt Íosa leis: Tá do mhac beo: agus chreid sé féin, agus a theaghlach go h-uile.
54B’í seo arís an dara míorbhail a rinne Íosa ar theacht ó Iudaia chun na Gailile dó.
Currently Selected:
Eoin 4: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland