Eoin 5
5
Caibidil V
Leigheasann Críost ar an tsabóid duine a bhí easlán le h-ocht mbliadhna déag agus fiche: an chainnt a rinne sé ar an ócáid sin.
1Ina dhiaidh seo bhí lá féile de chuid na n-Iúdach ann, agus chuaidh Íosa suas go h-Ierusalem.
2Agus i n-Ierusalem tá linn, dá ngoirtear Probatica#5, 2 Probatica. Is é sin, linn na gcaorach. Tugadh an t-ainm sin ar an linn de bhrígh go nighcí inntí na caoirigh a bhíodh le h-ofráil mar íodhbartha san teampall, nó de bhrígh go raibh sí i n-aice le geafta na gcaonach. Is léir ó’n téacs naomhtha go ndéantaí míorbhailte san linn seo. Is léir fosta nár leigheas nádúrtha a bhí san uisce, óir ní fhaghadh aoinneach leigheas ann acht an chéad duine a théigheadh isceach san linn i ndiaidh chorrughadh an uisce. Dá mbéadh leigheas nádúrtha san uisce féin, dhéanfaidhe slán gach aoinneach eile dá gcuirtí isteach san am chéadna., agus ar a dtugtar Bethsaida san Eabhrais, ar a bhfuil cúig póirsí.
3Agus ionnta seo luigheadh sluagh mór de dhaoine breoidhte, de dhaill, de bhacaigh, agus de dhaoine seargtha, ag feitheamh le corrughadh an uisce.
4Óir thigeadh aingeal leis an Tighearna anuas san linn ó am go h-am: agus chorruightí an t-uisce. Agus an chéad duine a théigheadh síos san linn i ndiaidh chorrughadh an uisce, ghníthí slán é ó cib é éagcruadhas a bhéadh air.
5Agus bhí duine áirithe annsin fá n-a dhíth sláinte le h-ocht mbliadhna déag agus fiche.
6Nuair a chonnaic Íosa é seo ina luighe, agus fios aige go raibh mórán ama caithte aige ann cheana féin, deir sé leis: An mian leat go ndéanfaidhe slán thú?
7D’fhreagair an t-easlán é: A Thighearna, ní fhuil aon duine agam le mé chur isteach san linn, nuair a bhios an t-uisce dá chorrughadh: óir nuair a bhíos mise ag teacht, téid duine eile síos rómham.
8Deir Íosa leis Éirigh, tóg do shráideog, agus siubhal.
9Agus ar an bhomaite rinneadh slán an duine: agus thóg sé a shráideog, agus shiubhal sé. Agus bhí an tsabóid ann an lá sin.
10Ar an adhbhar sin, dubhairt na h-Iúdaigh leis an té a rinneadh slán: Tá an tsabóid ann, agus ní ceadmhach duit do shráideog d’iomchar.
11D’fhreagair sé iad: An té a rinne slán mé, dubhairt seisean liom: Tóg do shráideog, agus siubhal.
12Ar an adhbhar sin, d’fhiafruigh siad de: Cé h-é an duine úd, a dubhairt leat: Tóg do shráideog, agus siubhal?
13Acht ní raibh a fhios ag an té a rinneadh slán cérbh é é. Óir chuaidh Íosa i leath taoíbh ó’n tsluagh a bhí ina seasamh san áit.
14Ina dhiaidh sin fuair Íosa san teampall é, agus dubhairt sé leis: Féach, rinneadh slán thú: ná déan peacadh feasta, ar eagla go dtárluigheadh rud éigin níos measa duit.
15D’imthigh an duine sin, agus d’innis sé do na h-Iúdaigh gurbh é Íosa an té a rinne slán é.
16Ar an adhbhar sin bhíodh na h-Iúdaigh ag géirleanamhaint Íosa, de bhrígh go ndéanadh sé na neithe seo ar an tsabóid.
17Acht d’fhreagair Íosa iad: Oibrigheann m’Athair go dtí anois, agus oibrighim-se.
18Ba mhóide, dá bhrígh sin, a ba mhian leis na h-Iúdaigh é chur chun báis: óir ní h-eadh amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide, acht dubhairt sé fosta gurbh é Dia a athair, ghá dhéanamh féin cóimh-ionann le Dia. Annsin d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leo:
19Amén, amén adeirim libh: ní féidir leis an Mhac aon nídh a dhéanamh, acht an nídh atchí sé an t-Athair a dhéanamh: óir cibé neithe a ghní seisean, ghní an Mac iad fosta mar an gcéadna.
20Óir tá grádh ag an Athair do’n Mhac, agus nochtann sé dó gach nídh dá ndéan sé: agus nochtfaidh sé oibreacha is mó ná iad seo dó, chun go raibh iongantas oraibh.
21Óir amhail mar a thógas an t-Athair na mairbh, agus bheir sé beatha dóibh: is mar an gcéadna a bheir an Mac beatha do’n méid is toil leis.
22Ná ní thabhrann an t-Athair breitheamhnas ar aoinneach, achc thug sé an uile bhreitheamhnas do’n Mhac,
23Chun go dtabharadh na h-uile dhaoine onóir do’n Mhac, mar a bheir siad onóir do’n Athair: an té nach dtabhrann onóir do’n Mhac, ní thabhrann sé onóir do’n Athair a chuir uaidh é.
24Amén, amén adeirim libh: an té éisteas le mo bhriathar-sa, agus chreideas san té a chuir uaidh mé, tá beatha shíorraidhe aige, agus ní thig sé chun breitheamhnais, acht chuaidh sé ó’n bhás go dtí an bheatha.
25Amén, amén adeirim libh, go bhfuil an uair ag teacht, agus is anois é, nuair a chluinfeas na mairbh guth Mhic Dé: agus iad sin a chluinfeas, mairfidh siad beo.
26Óir mar atá beatha ag an Athair ann féin: is mar an gcéadna a thug sé do’n Mhac fosta beatha a bheith aige ann féin:
27Agus thug sé cumhacht dó breitheamhnas a dhéanamh, de bhrígh gurab é Mac an Duine é.
28Ná bíodh iongantas oraibh faoi seo, óir tá an uair ag teacht ina gcluinfidh a bhfuil ins na tuambaí guth Mhic Dé:
29Agus iad sin a rinne neithe maithe, rachaidh siad amach go h-eiséirghe na beatha; acht iad sin a rinne droch-neithe, go h-eiséirghe an bhreitheamhnais#5, 29 Eiséirghe an bhreitheamhnais. Is é sin, eiséirghe chun a ndaortha..
30Ní féidir damh-sa aon nídh a dhéanamh uaim féin. Do réir mar chluinim, bheirim breitheamhnas: agus tá mo bhreitheamhnás cóir: óir ní h-í mo toil féin is mian liom, acht toil an té a chuir uaidh mé.
31Má ghním-se fiadhnaise damh féin, mar sin, ní fíor m’fhiadhnaise.
32Tá neach eile a beir fiadhnaise fá dtaoibh díom: agus tá a fhios agam gur fíor an fiadhnaise a ghní sé damh.
33Chuir sibh-se chuig Eoin: agus thug sé fiadhnaise ar an fhírinne.
34Acht ní ó dhuine a gheibhim-se fiadhnaise: acht deirim na neithe seo chun go slánuightí sibh.
35Ba lampa loiscneach agus lonnrach é siúd. Agus ar feadh tamaill bhí fonn oraibh-se taitneamh a chur ina sholus.
36Acht tá fiadhnaise agam-sa is mó ná Eoin. Óir na h-oibreacha a thug m’Athair damh, chun go dtabhrainn chun críche iad, na h-oibreacha sin féin, a ghním, bheir siad fiadhnaise fá dtaoibh díom, gurab é an t-Athair a chuir uaidh mé.
37Agus an t-Athair féin a chuir uaidh mé, thug sé fiadhnaise fá dtaoibh díom: agus níor chuala sibh a ghuth ariamh, ná ní fhaca sibh a ghné.
38Agus ní fuil a bhriathar-sán agaibh ag fanacht ionnaibh: óir ní chreideann sibh san té seo a chuir seisean uaidh.
39Cuartuighigidh na scrioptúirí#5, 39 Cuartuighigidh na scrioptúirí. Scrutamini, ereunate. Ní fhuil órdughadh annseo do gach aoinneach na scrioptúirí a léigheamh. Tá Críost ag tabhairt achmusáin do na Fairisínigh a bhíodh ag léigheamh na scrioptúirí i bhfáthach leis an bheatha shíorraidhe d’fhagháil ionnta, agus nach nghlacfadh eisean, an té amháin arbh fhéroir dóibh an bheatha síorraidhe d’fhagháil tríd, agus an té fá n-a dtug na scrioptúirí sin uilig fiadhnaise., óir measann sibh beatha shíorraidhe d’fhagháil ionnta: agus is iad-san a ghní fiadhnaise damh-sa:
40Agus ní h-áil libh teacht chugam, chun go raíbh beatha agaibh.
41Ní ó dhaoine a gheibhim-se glóir.
42Acht is aithnid damh sibh-se, nach bhfuil grádh Dé agaibh istigh ionnaibh.
43Tháinic mise i n-ainm m’Athar, agus ní glacann sibh mé: má thig neach eile ina ainm féin, glacfaidh sib eisean.
44Cad é mar is féidir díbh-se creidbheáil, nuair a gheibh sibh glóir ó n-a chéile, agus nach n-iarrann sib an ghlóir a thig ó Dhia amháin?
45Ná measaigidh go bhfuil mise ag dul a dhéanamh casaoide oraibh leis an Athair: tá neach a ghní casaoid oraibh, Maoise, an té ma bhfuil bhur ndóchas.
46Óir dá gcreideadh sibh Maoise, b’fhéidir go gcreidfeadh sibh mise fosta. Óir is orm-sa a scríobh seisean.
47Acht muna gcreididh sibh a scríbhinn-sean, cad é mar chreidfeas sibh mo bhriathra-sa?
Currently Selected:
Eoin 5: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland