Eoin 6
6
Caibidil VI
Cothuigheann Críost cúig mhíle le cúig h-aráin: siubhlann sé ar an fhairrge, agus labhrann sé ar arán na beatha.
1Ina dhiaidh seo, chuaidh Íosa trasna mhuir na Gailile,#Mait. 14, 13; Marc. 6, 32; Lúc. 9, 10. is é sin, muir Thiberiais:
2Agus lean sluagh mór é, de bhrígh go bhfaca siad na míorbhailte a rinne sé ar dhaoine a bhí easlán.
3Dá bhrígh sin, chuaidh Íosa suas ar shliabh, agus shuidh sé annsin le n-a dheisciobail.
4Agus bhí an Cháisc, féile na n-Iúdach, ar na gaobhair.
5Ar an adhbhar sin, nuair a thóg Íosa suas a shúla, agus chonnaic sé go raibh sluagh an-mhór ag teacht chuige, dubhairt sé le Pilip: Cá gceannóchamuid arán go n-ithidh siad seo?
6Acht dubhairt sé seo le na fhéacháil: óir bhí a fhios aige féin cad é dhéanfadh sé.
7D’fhreagair Pilip é: Ní leor luach dhá chéad pighinn d’arán dóibh, chun go bhfaghadh gach duine acu beagán beag.
8Deir duine dá dheisciobail, Aindrias, dearbhráthair Shíomoin Peadar, leis:
9Tá buachaill annseo a bhfuil cúig h-arám eornan agus dhá iasc aige: acht cad é is fiú iad sin do’n oiread seo daoine?
10Annsin dubhairt Íosa: Tabhairigidh ar na daoine suidhe síos. Agus bhí mórán féir san áit. Ar an adhbhar sin, shuidh na daoine síos, agus bhí tuairim agus cúig mhíle ann.
11Agus ghlac Íosa na h-aráin: agus nuair a thug sé altughadh, roinn sé ar an méid a bhí ina suidhe: agus na h-éisc mar an gcéadna, a oiread agus a b’áil leo.
12Agus nuair a bhí a sáith acu, dubhairt sé le n-a dheisciobail: Cruinnighigidh suas na conamair atá fágtha, ar eagla go dtéigheadh siad amugha.
13Ar an adhbhar sin, chruinnigh siad, agus líon siad dhá bhascáid dhéag le conamair na gcúig n-arán eornan a bhí fágtha i bhfuighleach ag an mhuinntir a d’ith.
14Dá bhrígh sin, nuair a chonnaic na daoine sin an mhíorbhail a bhí déanta ag Íosa, dubhairt siad: Is é seo go fíor an fáidh atá le theacht chun an tsaoghail.
15Ar an adhbhar sin, nuair a bhí a fhios ag Íosa go raibh siad ag dul a theacht le breith air, agus rí a dhéanamh de, theich sé suas chun an tsléibhe arís ina aonar.#Mait. 14, 23; Marc. 6, 46.
16Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna, chuaidh a dheisciobail síos chun na fairrge.
17Agus ar dhul ar bórd luinge dóíbh, tháinic siad trasna na mara go Chapharnaum: agus bhí sé dorcha an uair sin, agus ní tháinic Íosa chuca.
18Agus d’éirigh an fhairrge, as siocair gaoth mhór a bheith ag séideadh.
19Ar an adhbhar sin, nuair a bhí tuairim ar chúig nó deich stáid ar fhichid de iomramh déanta acu, tchí siad Íosa ag siubhal ar an fhairrge, agus ag teacht i ngaobhar do’n luing, agus bhuail eagla iad.
20Acht deir seisean leo: Is mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.
21Ar an adhbhar sin, bhí fonn ortha é ghabháil chuca san luing: agus ar an bhomaite bhí an long ag an tír, mar a raibh siad ag dul.
22Lá ar n-a bhárach, chonnaic an sluagh, a bhí ina seasamh taobh thall de’n mhuir, nach raibh annsin acht aon long amháin, agus nach ndeachaidh Íosa san luing le n-a dheisciobail, acht gur imthigh a dheisciobail léo féin.
23Acht tháinic longa eile isteach ó Thiberias i n-aice na h-áite i n-ar ith siad an t-arán, nuair a thug an Tighearna altughadh.
24Mar sin de, nuair a chonnaic an sluagh nach raibh Íosa ná a dheisciobail annsin, chuaidh siad ins na longa, agus tháinic siad go Capharnaum ar lorg Íosa.
25Agus nuair a fuair siad ar an taoibh eile de’n mhuir é, dubhairt siad leis: A Rabbi, cá h-uair a tháinic tú annseo?
26Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Amén, amén adeirim libh: tá sibh ar mo lorg, ní ar son go bhfaca sibh míorbhailte, acht de bhrígh gur ith sibh de na h-aráin, agus go bhfuair sibh bhur sáith.
27Ná saothruighigidh chun an bhídh a théid amugha, acht chun an bhídh a mhaireas chun beatha síorraidhe, agus a bhéarfas Mac an Duine díbh. Óir is é seo an té ar chuir Dia, an t-Athair, séala air.#Mait. 3, 17, agus 17, 5.
28Ar an adhbhar sin, dubhairt siad leis: Cad é tá le déanamh againn chun go rabhmuid ag gabháil de oibreacha Dé?
29Dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Is í seo obair Dé, go gcreidfeadh sibh san té a chuir sé uaidh.#1 Eoin 3, 23.
30Dubhairt siad leis dá bhrígh sin: Cad é, mar sin, an cómhartha a ghní tusa go bhfeicimíd é, agus go gcreidimíd ionnat? Cad é ghní tú?
31D’ith ár n-aithreacha an manna san fhásach, mar atá scríobhtha: Thug sé arán ó neamh le h-ithe dóibh.#Ecs. 16, 14; Uimh. 11, 7; Sailm 77, 24; Eagna 16, 20.
32Dubhairt Íosa, dá bhrígh sin, leo: Amén, amén adeirim libh: Ní h-é Maoise a thug an t-arán ó neamh díbh, acht is é m’Athair a beir díbh an t-arán fíor ó neamh.
33Óir is é arán Dé an té a thuirling ó neamh, agus a bheir beatha do’n domhan.
34Ar an adhbhar sin, dubhairt siad leis: A Thighearna, tabhair dúinn an t-arán seo i gcómhnaidhe.
35Agus dubhairt Íosa leo: Is mise arán na beatha: an té a thig chugam-sa, ní bhéidh ocras air;#Eccl. 24, 29. agus an té a chreideas ionnam-sa, ní bhéidh tart air a chordhche.
36Acht dubhairt mé lib go bhfaca sibh mé, agus nach gcreideann sibh.
37Gach aon dá dtabhrann an t-Athair damh, tiocfaidh sé chugam: agus an té a thig chugam, ní chaithfidh mé amach é:
38Óir tháinic mé anuas ó neamh, ní chun mo thoil féin a dhéanamh, acht toil an té a chuir uaidh mé.
39Agus is í seo toil an Athar a chuir uaidh mé: nach gcaillinn aon nídh dá dtug sé damh, acht go dtógainn suas é ar an lá deireannach.
40Óir is í seo toil m’Athar a chuir uaidh mé: go raibh beatha shíorraidhe ag gach aoinneach dá bhfeiceann an Mac, agus dá gcreideann ann, agus tógfaidh mise suas é ar an lá deireannach.
41Rinne na h-Iúdaigh, ar an adhbhar sin, monabhar faoi, de bhrígh gur dhubhairt sé: Is mise an t-arán beo a thuirling ó neamh,
42Agus dubhairt siad: Nach é seo Íosa, mac Ióseph,#Mait. 13, 55; Marc. 6, 3. a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cad é mar thig leis a rádh, mar sin: Tháinic mé anuas ó neamh?
43Ar an adhbhar sin, d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leo: Ná bígidh ag monabhar eadraibh féin.
44Ní féidir le h-aoinneach teacht chugam-sa muna dtarraingidh#6, 44 Muna dtarraingidh. Ní dá aimhdheoin, ná tré chur na saorthola faoi éigean ar bith, acht tré ghríosughadh bhríoghmhar, shéimh a ghrásta neamhdha. an t-Athair a chuir uaidh mé é, agus tógfaidh mise suas é ar an lá deireannach.
45Tá sé scríobhtha ins na Fáidhe: Agus béidh siad uilig dá dteagasc ag Dia.#Isaias 54, 13. Gach aoinneach dár chuala ó’n Athair, agus a d’fhoghlaim, tig sé chugam-sa.
46Ní h-eadh go bhfaca aoinneach an t-Athair, acht an té atá ó Dhia, chonnaic seisean an t-Athair.#Mait. 11, 27.
47Amén, amén adeirim líbh: An té a chreideas ionnam-sa, tá beatha shíorraidhe aige.
48Is mise arán na beatha.
49D’ith bhur n-aithreacha an manna san fhásach,#Ecs. 16, 13. agus fuair siad bás.
50Is é seo an t-arán a thig anuas ó neamh: chun nach bhfaghadh aoinneach, dá n-íosadh de, bás.
51Is mise an t-arán beo, a tháinic anuas ó neamh.
52Má itheann duine ar bith de’n arán seo, mairfidh sé a choidhche: agus an t-arán a bhéarfas mise uaim, is é mo chuid feola é, chun beatha an domhain.
53Bhí na h-Iúdaigh, ar an adhbhar sin, ag argáil le chéile, ag rádh: Cad é mar is féidir dó seo a chuid feola a thabhairt le h-ithe dúinn?
54Dubhairt Íosa leo, dá bhrígh sin: Amén, amén adeirim libh: Muna n-ithidh sibh#6, 54 Muna n-ithidh sibh &c. Tá sé le tuigsint ó’n chainnt seo go n-órduigheann Dia dúinn corp agus fuil Chríost a ghlacadh. Cóimhlíonann na creidmhigh ani aithne seo, bíodh nach nglacann siad an tSacramaint acht faoi’n aon ghné amháin. Gheibh siad an fhuil agus an fheoil faoi’n aon ghné amháin, mar nach féidir iad sin a scaradh ó n-a chéile. Mar sin de, gealltar an bheatha síorraidhe annseo do’n té a ghlacas an tSacramaint faoi aon ghné amhain, acht é féin d’ullmhughadh mar is cóir. Bhéarsa, 52. Má itheann duine ar bith de’n arán seo, mairfidh sé a choidhche: agus an t-arán a bhéarfas mise uaim, is é mo chuid feola é, chun beatha an domain. 58. An té a itheas mise, mairfidh seisean tríom-sa mar an gcéadna. 59. An té a itheas an t-arán seo, mairfidh sé go bráth. feoil Mhic an Duine, agus muna n-ólaidh sibh a chuid fola, ní bhéidh beatha agaibh ionnaibh féin.
55An té a itheas mo chuid feola, agus ólas mo chuid fola, tá beatha shíorraidhe aige: agus tógfaidh mise suas é ar an lá deireannach.
56Óir is biadh go fíor mo chuid feola: agus is deoch go fíor mo chuid fola.#1 Cor. 11, 27.
57An té a itheas mo chuid feola, agus a ólas mo chuid fola, cómhnuigheann sé ionnam-sa, agus mise ann-san.
58Mar a chuir an t-Athair beo mise uaidh, agus mairim-se tríd an Athair: an té a itheas mise, mairfidh seisean tríom-sa mar an gcéadna.
59Is é seo an t-arán a tháinic anuas ó neamh. Ní mar a d’ith bhur n-aithreacha an manna, agus fuair siad bás. An té a itheas an t-arán seo, mairfidh sé go bráth.
60Dubhairt sé na neithe seo agus é ag teagasc san tsineagóig i gCapharnaum.
61Ar an adhbhar sin, dubhairt mórán dá dheisciobail a bhí ag éisteacht: Is cruaidh an chainnt í seo, agus cé ar féidir leis éisteacht léi?
62Acht ó bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisciobail ag monabhar faoi seo, dubhairt sé leo: An dtugann seo scainneal díbh?
63Acht cad é, má tchí sibh#6, 63 Acht cad é, má tchí sibh &c. Ag trácht do Chríost mar seo ar a dheasgabháil, thug sé a chumhacht agus a dhiadhacht ós cómhair a lucht éisteachta, chun fírinne na cainnte a rinne sé a dheimhniughadh. Ba mhian leis fosta an chiall mhí-stuamdha a bhain siad as a chuid cainnte a cheartughadh, is é sin, go raibh sé ag órdughadh dóibh a chuid fola d’ól, agus a chuid feola d’ithe, mar d’íosadh siad feoil ainmhidhe. Bhí sé ghá chur i n-iúl dóibh go dtabharfadh sé a chorp leis slán beo suas ar neamh, agus, dá bhrígh sin, nach leigfeadh sé é a roinnt, a strócadh, agus a ithé ar talamh, mar shíl siad. Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé ar dtús?
64Is é an spiorad a bheodhuigheas: ní fhuil tairbhe ar bith san fheoil#6, 64 Ní fhuil tairbhe ar bith san fheoil. Ní béadh tairbhe ar bith san fheoil mhairbh agus í scartha ó’n spiorad, chun í d’ithe ar an chuma mhí-oireamhnaig a samhluigheadh dóbhta-san. Mar an gcéadna, ní fuil aon tairbhe i bhfeoil an duine, is é sin le rádh, i ndearcadh cholnaidhe na nádúra daonna nach ngéilleann do spiorad agus do bhriathra Chríost. Acht ba mhór an diamhasla a rádh nach bhfuil aon tairbhe i bhfeoil beo Chríost a gheibhmíd san tSacramaint Ró-Naomhtha mar aon le n-a spiorad, is é sin, mar aon le n-a anam agus le n-a Dhiadhacht. Óir dá mbéadh feoil Chríost gan tairbhe dúinn, ní ghlacfadh sé colann daonna a choidhche dúinn, agus ní fhulaingeochadh sé bás na colna an ár son.: is spiorad agus beatha#6, 64 Spiorad agus beatha. Chuir briathra Chríost ós a gcómhair Sacramaint neamhdha ina bhfuigheadh siad ar mhodh dho-labharta spiorad, grásta, agus an bheatha i dtobar na beatha féin. na briathra a labhair mé libh.
65Acht tá cuid agaibh nach gcreideann. Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid, agus cérbh é a bhí ar tí a bhrath.
66Agus dubhairt sé: Is ar an adhbhar sin a dubhairt mé libh, nach féidir le h-aoinneach teacht chugam-sa, muna raibh sin tugtha dó ag m’Athair.
67Ó’n am sin chuaidh mórán dá dheisciobail thar ais: agus níor shiubhal siad leis ní ba mhó.
68Dubhairt Íosa, dá bhrígh sin, leis an dáréag: An mian libh-se imtheacht fosta?
69Ar an adhbhar sin, d’fhreagair Síomon Peadar é: A Thighearna, cé chuige a rachamuid? Is ágat-sa atá briathra na beatha síorraidhe:
70Agus chreideamar agus d’aithnigheamar gur tusa an Críost, Mac Dé.#Mait. 16, 16; Marc. 8, 29; Lúc. 9, 20.
71D’fhreagair Íosa iad: An é nach ndearna mise an dáréag agaibh a thoghadh: agus tá duine agaibh ina dhiabhal?
72Agus ba ar Iúdas Iscariot, mach Síomoin, a labhair sé: óir bhí sé sin chun é bhrath, agus gur dhuine de’n dáréag é.
Currently Selected:
Eoin 6: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland