Maitiú 23
23
Caibidil XXIII
Cómhairligheann Críost do na daoine deigh-theagasc na Scríobhaidhthe agus na bhFairisíneach a ghlacadh, acht gan a ndróch-shompla a leanamhaint: iarrann sé ar a dheisciobail gan aithris a dhéanamh ar a nglóirmhéin: agus bagrann sé mórán mairgeach ortha mar gheall ar a gceilg agus ar a ndaille.
1Annsin labhair Íosa leis na sluaighte agus le n-a dhéisciobail,
2Ag rádh: Shuidh na Scríobhaidhthe agus na Fairisínigh i gcathaoir Mhaoise.#2 Esdras 8, 4.
3Ar an adhbhar sin, gach uile nídh dá n-abróchaidh siad libh, coimhéadaigidh agus déanaigidh; acht ná déanaigidh do réir a n-oibreacha: óir deir siad-san, agus ní dhéan siad.
4Óir ceanglann siad ualaighe troma do-iomchair,#Lúc. 11, 46; Gníomh. 15, 10. agus leagann siad ar ghuailne na ndaoine iad, acht ní toil leo féin iad a chorrughadh le h-oiread agus méir.
5Agus ghní siad a n-oibreacha uilig chun go bhfeiceadh na daoine iad: óir ghní siad a bhfulactéirí#23, 5 Fulactéirí. Is é sin le rádh, páir ar a mbíodh na deich n-aitheanta scríobhtha. Chaithtí iad ar an éadan ós cómhair na súl. Chun a n-ómós agus a ndúthracht do’n dlighe a chur i gcéill chaitheadh na Fairisínigh fulactéirí a bhíodh níos leithne ná na cinn a chaiteadh daoine eile.#Uimh. 15, 38; Deut. 6, 8, agus 22, 12. leathan, agus ciumhsa a n-éadaigh mór.
6Agus is maith leo na chéad áiteacha ag na fleadha, agus na cathaoireacha tosaigh ins na smeagóga,#Marc. 12, 39; Lúc. 11, 43, agus 20, 46.
7Agus fáiltiughadh d’fhagháil i n-áit an mhargaidh, agus daoine, Rabbi, a thabhairt ortha.
8Acht ná tugtar Rabbi oraibh-se;#Séamus 3, 1. óir is aoinneach amháin is Máighistir oraibh, agus is bráithre sibh-se uilig.
9Agus ná tabhairigidh bhur n-athair ar aoinneach ar an talamh:#Mal. 1, 6. óir is aon Athair atá agaibh, an té atá ar neamh.
10Agus ná tugtar máighistrí oraibh#23, 9-10 Ná tabhairigidh bhur n-athair ar aoinneach…Ná tugtar máighistrí oraibh. Cialluigheann na briathra sin go bhfuil orainn i bhfad níos mó beinne a bheith againn ar ár n-Athair atá ar neamh, ná bhios againn ar aon athair ar talamh: agus nár chóir aon máighistir a leanamhaint dá mbéadh sé ghár dtreorughadh ar shiubhal ó Chríost. Ní abrann sin nach bhfuil órdughadh againn ó dhlighe Dé urraim a rabhairt dár dtuismightheoirí agus dár n-anamcháirde. (1 Cor. 4, 15), agus dár máighistrí agus múinteoirí.; óir is aoinneach amháin is Máighistir oraibh, an Críost.
11An té is mó eadraibh, béidh sé ina sheirbhíseach agaibh.
12Agus an té a árdóchas é féin, ísleochar é, agus an té a ísleochas é féin, árdóchar é.#Lúc. 14, 11, agus 18, 14.
13Acht is mairg díbh-se, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha; óir dhruid sibh ríoghacht na bhflaitheas i n-aghaidh na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad sin a bhíos ag dul isteach.
14Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha;#Marc. 12, 40; Lúc. 20, 47. óir itheann sibh tighthe na mbaintreabhach, ag déanamh urnaighthe fada: dá bhárr sin is truimide an breitheamhnas a bhéarfar oraibh.
15Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha; óir taistealann sibh an mhuir agus an tír chun aon chómhalta nua amháin a thionntódh chugaibh, agus ar thionntódh dó, ghní sibh mac ifrinn dhá uair níos measa ná sibh féin de.
16Is mairg díbh, a threoruidhthe dalla, a deir: Má mhionnuigheann aoinneach dar an teampall, ní dadamh é; acht an té a mhionnóchas dar ór an teampaill, tá ceangal air.
17A dhobhrána dalla: cé acu is mó, an t-ór, nó an teampall a naomhuigheas an t-ór?
18Agus: má mhionnuigheann aoinneach dar an altóir, ní dadamh é; acht an té a mhionnóchas dar an tabhartas atá uirthí, tá ceangal air.
19A dhaltachána: cé acu is mó, an tabhartas, nó an altóir a naomhuigheas an tabhartas?
20Dá bhrígh sin, an té a mhionnuigheás dar an altóir, mionnuigheann sé dar í, agus dár gach nídh dá bhfuil uirthí.
21Agus cibé a mhionnóchas dar an teampall, mionnuigheann sé dar é, agus dar an té atá ina chómhnaidhe ann.
22Agus an té a mhionnuigheás dar neamh, mionnuigheann sé dar chathaoir Dé, agus dar an té atá ina shuidhe inntí.
23Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréag-chráibhtheacha:#Lúc. 11, 42. a dhíolas deachmhadh an mhiontais, na h-amíse, agus an chuimín, agus a d’fhág gan chóimhlíonadh na neithe is truime san dlighe,#Micheas 6, 8; Sac. 7, 9. cóir, agus trócaire, agus dílseacht. Ba chóir díbh iad seo a dhéanamh gan iad siúd eile d’fhágáil gan déanamh.
24A threoruidhthe dalla, siolthann sibh an chuileog agus slugann sibh an camall.
25Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha: óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis: acht taobh istigh tá sibh lán de chreachadóireacht agus de neamhghlaine.
26A Fhairisínigh dhaill, glan an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis ar dtús, chun go n-éirighidh an taobh amuigh glan.
27Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha; óir is cosamhail sibh le tuambaí soldhaithte a amharcas áluinn i súla daoine de’n taoibh amuigh, achth atá lán istigh de chnámha daoine marbh agus de’n uile lobhthacht.
28Mar an gcéadna amharcann sibh-se fíréanta i súla daoine de’n taoibh amuigh: acht taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráibhtheacht agus d’urchóid.
29Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha: a thógas tuambaí na bhfáidh#23, 29 A thógas tuambaí na bhfáidh Ní cháintear seo, óir níor ghníomh lochtach tuambaí a tógáil ós cionn na bhfáid agus iad a mhaisiughadh: acht cáintear bréagchráibhtheacht na bhfairisíneach a bhí ag cur i gcéill go raibh cuimhne na bhfáidh dá coimhéad go h-urramach acu, agus iad ar tí Tighearna na bhfáidh a ghéirleanamhaint: chun a bháis. agus a mhaisigheas leachta na bhfíréan,
30Agus a deir: Dá mbéimís ann le linn ár sinnsear, ní bhéimís páirteach leo i bhfuil na bhfáidh.
31Dá bhrígh sin, tá sibh bhur bhfiadhnaisigh oraibh féin, gur sibh clann na ndaoine a mharbh na fáidhe.
32Líonaigidh suas, mar sin, miosúr bhur sinnsear.
33A phiasta, a shliocht naithreach nimhe, cad é mar sheachnóchas sibh-se breitheamhnas ifrinn?
34Féach, mar sin, cuirim chugaibh fáidhe, agus saoithe, agus scríobhaidhthe; agus muirfidh sibh agus céasfaidh sibh cuid acu, agus sciúrsálfaidh sibh cuid eile acu i bhur sineagóga, agus géirleanfaidh sibh iad ó chathair go cathair:
35Ionnas go dtigeadh oraibh-se#23, 35 Go dtigeadh oraibh-se, &c. Ní h-ionann sin agus a rádh go gcuirfidhe níos mó pionóis ortha ná bhí tuillte ag a bpeacaidhe féin; acht go dtiocfadh díoghaltas cómh trom sin ortha ó Dhia fhá dheireadh agus go mbéadh ann amhail agus cothrom an phionóis uilig dár cuireadh ariamh ortha sin a dhioirt fuil na neamh-choirteach. gach fuil chóir dár dtoirteadh ar an talamh, ó fhuil Abeil#Gein. 4, 8; Eabh. 11, 4. chóir go fuil Shacairíais, mac Bharachíais,#2 Par. 24, 22. a mharbh sibh eadar an teampall agus an altóir.
36Amén adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin uilig ar an ghlúin seo.
37A Ierusalem, a Ierusalem,#Lúc. 13, 34. a mharbhas na fáidhe, agus a ghabhas do chlocha ionnta sin a cuireadh chugat, cad é a mhinicighe a ba mhian liom do chlann a chruinniughadh, mar chruinnigheas an chearc a h-éilín faoi n-a cuid eiteog, agus dhiúltuigh tú.
38Féach, fágfar bhur dteach ina fhásach agaibh.
39Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh arís mé go dtí go n-abraidh sibh: Is beannuighthe an té atá ag teacht i n-ainm an Tighearna.
Currently Selected:
Maitiú 23: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland