YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 13

13
Caibidil XIII
Innseann Críost fá scrios an teampaill, agus fá na cómharthaí a thiocfas roimh lá an bhreitheamhnais.
1Agus nuair a bhí sé ag teacht amach as an teampall, deir duine dá dheisciobail leis:#Mait. 24, 1. A Mháighistir, féach, cad é a leithéid de chlocha agus cad é a leithéid de dhéanamh.
2Agus dhubhairt Íosa leis, ghá fhreagairt: An bhfeiceann tú na tighthe móra seo uilig?#Lúc. 19, 44, agus 21, 6. Ní fhágfar cloch ós cionn cloiche nach leagfar.
3Agus nuair a bhí sé ina shuidhe ar Shliabh na gCrann Ola ós coinne an teampaill, cheistigh Peadar agus Séamus agus Eoin agus Aindrias i leat taoibh é:
4Innis dúinn, cá h-uair a bhéas na neithe sin ann? Agus cad é an cómhartha a bhéas ann, nuair a thoiseochas na neithe seo uilig a gcóimhlíonadh?
5Agus thoisigh Íosa a rádh leo, ghá bhfreagairt: Tabhairigidh aire nach meallaidh aoinneach sibh;#Eph. 5, 6; 2 Teas. 2, 3.
6Óir tiocfaidh mórán i mʼainm-se, ag rádh: Is mise é, agus meallfaidh siad mórán.
7Agus nuair a chluinfeas sibh fá chogtha agus fá thuarascbhála cogadh, ná bíodh eagla oraibh; óir is éigean do na neithe sin a bheith ann, acht ní h-é an deireadh é go fóill.
8Óir éireochaidh cineadh i n-aghaidh cinidh agus ríoghacht i n-aghaidh ríoghachta, agus béidh crathadh talaimh i n-áiteacha, agus gorta. Tús pianta iad seo.
9Acht feicigidh chugaibh féin. Óir bhéarfaidh siad ar láimh sibh i gcómhairleacha, agus sciúrsálfar sibh i sineagóga, agus seasóchaidh sibh i láthair uachtarán agus ríghthe ar mo shon-sa mar fhiadhnaise dóbhtha-san.
10Agus is éigean an soiscéal a sheanmóir ar dtús do na cinidheacha go h-uile.
11Agus nuair a bhéarfas siad leo sibh chun sibh a thabhairt ar láimh, ná bígidh ag meabhrughadh roimh ré cad é déarfas sibh,#Mait. 10, 19; Lúc. 12, 11, agus 21, 14. acht an rud a bhéarfar díbh an uair sin, abraigidh é; óir ní sibh-se a labhras, acht an Spiorad Naomh.
12Agus bhéarfaidh dearbhráthair dearbhráthair, agus athair mac, suas chun báis, agus éireochaidh clann i n-aghaidh aithreach agus máithreach, agus imreochaidh siad bás ortha.
13Agus béidh fuath ag an uile dhuine oraibh mar gheall ar mʼainmse. Acht an té a bhéas seasmhach go deireadh, is é a shlánóchar.
14Agus nuair atchífeas sibh fuathmhaireacht#Dan. 9, 27; Mait. 24, 15; Lúc. 21, 20. an scriosta ina seasamh san áit nach cóir dí (an té a léigheas, tuigeadh sé), annsin iad-san atá i n-Iudaia teicheadh siad chun na sléibhte,
15Agus an té atá ar mhullach an tighe, ná taradh sé anuas chun an tighe, agus ná téigheadh sé isteach le rud ar bith a thabhairt leis as a thigh,
16Agus an té a bhéas san ghort, ná pilleadh sé thar ais le n-a chasóg a thabhairt leis.
17Agus is mairg do na mná a bhéas ag iomchar cloinne, agus dóbhtha-san a bheir diúl ins na laethe sin.
18Acht guidhigidh gan na neithe seo a bheith ann san gheimhreadh.
19Óir béidh buaidheartha ann na laethe sin nach raibh a leithéidí ann ó thús an chruthuighthe a chruthuigh Dia go dtí anois, agus nach mbéidh.
20Agus muna ngiorruigheadh an Tighearna na laethe, ní bhéadh feoil ar bith sábháilte, acht mar gheall ar na fíréin a thogh sé, ghiorruigh sé na laethe.
21Agus annsin má deir aoinneach libh: Féach, tá Críost annseo, nó annsiúd:#Mait. 24, 23; Lúc. 17, 23, agus 21, 8. ná creidigidh.
22Óir éireochaidh críostanna bréige agus fáidhe bréige amach, agus léireochaidh siad cómharthaí agus tuartha chun na fíréin féin dá mbʼfhéidir é, a mhealladh.
23Tabhairigidh aire, dá bhrígh sin; féach, dʼinnis mé gach nídh díbh roimh ré.
24Acht ins na laethe sin i ndiaidh an bhuaidheartha úd dorchóchar an ghrian,#Isaias 13, 10; Eséciel 32, 7; Ióel 2, 10; Mait. 24, 29; Lúc. 21, 25. agus ní thabharfaidh an ghealach a solus,
25Agus béidh réalta neimhe ag tuitim, agus béidh na cumhachtaí atá ins na spéarthaí dá suathadh.
26Agus annsin tchífidh siad Mac an Duine ag teacht ins na néallta fá mhór-chumhacht agus fá ghlóir.
27Agus annsin cuirfidh sé a aingle amach,#Mait. 24, 31. agus cruinneochaidh sé a fhíréin as na ceithre h-áirde, ó fhír-imeall talaimh go fír-imeall neimhe.
28Agus óʼn chrann fíge foghlaimigidh fáithscéal. Nuair a bhíos a ghéag cheana féin bog agus na duilleogaí ag teacht amach, is eol díbh go mbíonn an samhradh ar na gaobhair.
29Mar an gcéadna díbh-se, nuair atchífeas sibh na neithe seo ag teacht chun cinn, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé ar na gaobhair, ag na doirse féin.
30Amén adeirim libh, nach n-imtheochaidh an ghlúin seo go dtí go ndéantar na neithe sin uilig.
31Rachaidh neamh agus talamh ar neimhnídh, acht ní rachaidh mo bhriathra-sa ar neimhnídh.
32Acht ní fhuil fios an lae ná na h-uaire sin ag aoinneach, fiú ag na h-aingle atá ar neamh, ná ag an Mhac#13, 32 Ná ag an Mhac. Ní fhuil sé ag rádh nach raibh aon eolas ag an Mhac ar an am a mbéadh lá an bhreitheamhnais ann, acht nach raibh an t-eolas sin aige mar mhúinteoir le n-a chur i n-iúl dúinne: níor chuibhe dúinn an t-eolas sin dʼfhagháil., acht ag an Athair.
33Tabhairigidh aire,#Mait. 24, 42. coimhéadaigidh agus guidhigidh: óir ní fhuil a fhios agaibh cá h-uair a bhéas an t-am ann.
34Amhail duine ag dul ar an choigchrích, a dhʼfhág a theach, agus thug ughdarás dá sheirbhísigh ar gach obair, agus dʼórduigh doʼn doirseoir faire a dhéanamh.
35Déanaigidh faire, dá bhrígh sin, (óir ní fhuil a fhios agaibh cá h-uair a thiocfas fear an tighe, an tráthnóna, nó meadhón oidhche, nó ag scairt an choiligh, nó ar maidin),
36Ar eagla, ag teacht i dtoibinne dó, go bhfaghadh sé sibh-se i bhur gcodladh.
37Agus an rud a deirim libh-se, deirim le gach aoinneach é: Déanaigidh faire.

Currently Selected:

Marcus 13: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Marcus 13