YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 14

14
Caibidil XIV
An céadh chuid de thuairisc pháis Chríost.
1Agus i gcionn dhá lá bhí an Cháisc agus féile an aráin gan deascaidh ann,#Mait. 26, 2; Lúc. 22, 1. agus bhí na h-árdshagairt agus na Scríobhaidhthe ag cuartughadh slighe chun breith air le ceilg agus é chur chun báis.
2Agus dubhairt siad: Ná déantar é lá na féile, ar eagla go mbéadh gleo imeasc na ndaoine.
3Agus nuair a bhí sé i mBetánia#Mait. 26, 6; Eoin 12, 1. i dtigh Shíomoin, lobhar, agus é ag caitheamh bídh, tháinic bean ag a raibh bocsa alabastair dʼungadh spíocnáird luachmhair, agus ag briseadh an bhocsa dí, dhoirt sí ar a chionn é.
4Agus bhí cuid acu a raibh fearg ortha ina n-intinn féin, agus dubhairt siad: Cad chuige a ndearnadh an cur amugha seo ar an ungadh?
5Óir dʼfhéadfaidhe an t-ungadh sin a dhíol ar níos mó ná trí chéad pighinn, agus a thabhairt do na bochta. Agus rinne siad casaoid uirthí.
6Acht dubhairt Íosa: Leigigidh dí; cad chuige a bhfuil sibh ghá bodhradh? Tá déagh-obair déanta aice orm.
7Óir bíonn na bochta agaibh i gcómhnaidhe, agus nuair is mian libh, tig libh maith a dhéanamh dóibh: acht ní bhíonn mise agaibh i gcómhnaidhe.
8Rinne sí seo an rud a bʼfhéidir léi; tháinic sí roimh ré dʼungadh mo chuirp chun na h-adhlaicthe.
9Amén adeirim libh: Cibé áit ar fud an domhain go h-iomlán a ndéanfar an soiscéal seo a sheanmóir, innseochar an nídh seo a rinne sí mar an gcéadna mar chuimhne uirthí.
10Agus chuaidh Iúdas Iscariot,#Mait. 26, 14. duine deʼn dáréag, chuig na h-árdshagairt chun é bhrath dóibh.
11Agus ghá chluinstin sin dóibh, bhí lúthgháir ortha, agus gheall siad airgead a thabhairt dó. Agus bhí seisean ar lorg dóighe a bhfuigheadh sé áimear chun é bhrath.
12Agus ar an chéad lá dʼfhéile an aráin gan deascaidh,#Mait. 26, 17; Lúc. 22, 7. an t-am ar ghnáthach leo an cháisc a mharbhadh, deir a dheisciobail leis: Cá h-áit ar toil leat go rachadh sinn a dhéanamh réidh duit chun an cháisc a chaitheamh?
13Agus cuireann sé beirt dá dheisciobail uaibh, agus deir sé leo: Téighigidh isteach san chathair, agus casfar oraibh fear ag iomchar soitheach uisce; leanaigidh é.
14Agus cibé áit ina rachaidh sé isteach, abraigidh le fear an tighe, go n-abrann an Máighistir: Cá bhfuil mo sheomra aoidheachta mar a n-íosaidh mé an cháisc i dteannta mo dheisciobal?
15Agus taisbeánfaidh seisean díbh seomra bídh mór, curtha fá réir, agus déanaigidh réidh dúinn annsin.
16Agus dʼimthigh a dheisciobail, agus tháinic siad chun na cathrach, agus fuair siad mar a dubhairt sé leo, agus dhʼullmhuigh siad an cháisc.
17Agus, nuair a bhí an tráthnóna#Mait. 26, 20; Lúc. 22, 14. ann tháinic sé le n-a dheisciobail.
18Agus nuair a bhí siad ina suidhe agus ag caitheamh bídh, dubhairt Íosa: Amén adeirim libh, go mbraithfidh#Mait. 26, 21; Lúc. 22, 21; Eoin 13, 21. duine agaibh atá ag ithe i mo chuideachta mé.
19Agus thoisigh siad-san a ghlacadh buaidheartha, agus a rádh leis i ndiaidh a chéile: An é mise é?
20Agus dubhairt sé leo: Duine deʼn dáréag, a thomas a lámh mar aon liom san mhéis.
21Agus téid Mac an Duine go deimhin do réir mar atá scríobhtha fá dtaoibh de;#Sailm 40, 10; Gníomh. 1, 16. acht is mairg doʼn duine sin le n-a mbraithfear Mac an Duine; bʼfheárr doʼn duine sin dá mbhéadh sé gan a theacht ar an tsaoghal.
22Agus le linn dóibh a bheith ag caitheamh bídh, ghlac Íosa arán,#Mait. 26, 26; Lúc. 22, 19; 1 Cor. 11, 24. agus bheannuigh agus bhris, agus thug dóibh, agus dubhairt: Glacaigidh, is é seo mo chorp.
23Agus ag glacadh na cailíse dó, agus ag tabhairt bhuidheachais, thug sé dóibh, agus dʼól siad uilig aiste.
24Agus dubhairt sé leo: Is í seo mʼfhuil na tiomna nua a dhoirtfear ar son mhóráin.
25Amén adeirim libh, nach n-ólfaidh mé feasta de thoradh seo na fíneamhna go dtí an lá sin, nuair a ólfas mé go nua é i ríoghacht Dé.
26Agus i ndiaidh dán a ghabháil, dʼimthigh siad amach go Sliabh na gCrann Ola.
27Agus deir Íosa leo: Gheobaidh sibh uilig scainneal#Mait. 26, 31; Eoin 16, 32. ionnam-sa anocht, óir tá sé scríobhtha: Buailfidh mé an t-aodhaire,#Sac. 13, 7. agus scaipfear na caoirigh.
28Acht i ndiaidh éirghe damh arís, rachaidh mé rómhaibh go dtí an Ghailile.
29Acht dubhairt Peadar leis: Bíodh go bhfuighidh gach aoinneach scainneal ionnat, ní fhuighidh mise.
30Agus deir Íosa leis: Amén adeirim leat, indiu, anocht féin, sul a scairtidh an coileach an dara h-uair#14, 30 Sul a scairtidh an coileach an dara h-uair. Scairteann na coiligh dhá uair fá leith san oidhche: tuairim agus an meadhón oidhche ar dtús; agus annsin ag an am ar a dtugtar scairt an choiligh do ghnáth. Bʼé sin an scairt ar ar labhair ár Slánuightheoir. An an adhbhar sin ní thráchtann na Soiscéalaidhthe eile ar an chéad scairt ar chon ar bith., séanfaidh tusa mé fá thrí.
31Acht ba mhóide sin a labhair seisean: Dá mbʼéigean damh bás dʼfhagháil i n-aoinfheacht leat, ní séanfaidh mé thú. Agus is mar an gcéadna a labhair siad uilig.
32Agus tig siad go feirm, darab ainm Getsemani.#Mait. 26, 36; Lúc. 22, 40. Agus deir sé le n-a dheisciobail: Suidhigidh annseo go ndéanaidh mé urnarghe.
33Agus bheir sé leis Peadar agus Séamus agus Eoin, agus thoisigh sé dʼéirghe erith-eaglach agus dobhrónach.
34Agus deir sé leo: Tá brón an bháis féin ar mʼanam; fanaigidh annseo agus déanaigidh faire.
35Agus nuair a chuaidh sé giota beag chun tosaigh, thuit sé ar an talamh, agus ghuidh sé go dtéigheadh an uair thairis, dá mbʼfhéidir é.
36Agus dubhairt sé: Abba, a Athair, tá gach nídh ar do chumas-sa, beir uaim an chailís seo, acht ní h-é an rud is toil liom-sa, acht an rud is toil leat-sa.
37Agus tig sé, agus gheibh sé ina gcodladh iad. Agus deir sé le Peadar: A Shíomoin, an i do chodladh atá tú? Nach dtiocfadh leat faire a dhéanamh ar feadh aon uaire amháin?
38Coimhéadaigidh agus guidhigidh nach dtéighidh sibh isteach i gcathughadh. Tá an spiorad, leoga, toilteannach, acht tá an cholann lag.
39Agus ag imtheacht dó athuair, ghuidh sé, ag rádh an bhriathair chéadna.
40Agus ag pilleadh dó arís fuair sé ina gcodladh iad (óir bhí a súla trom), agus ní raibh a fhios acu cad é mar bhéarfadh siad freagair air.
41Agus tig sé an tríomhadh h-uair agus deir sé leo: Codluighigidh anois agus déanaigidh bhur scíste. Is leor sin: tháinic an uair; féach, bhéarfar Mac an Duine isteach i lámha na bpeacach.
42Éirighigidh, téighimís; féach, tá an té a bhraithfeas mé i n-aice linn.
43Agus le linn é bheith ag cainnt, tig Iúdas Iscariot,#Mait. 26, 47; Lúc. 22, 47; Eoin 18, 3. duine deʼn dáréag, agus i n-aoinfheacht leis sluagh mór, agus claidhmhe agus bataí leo, ó na h-árdshagairt agus na Scríobhaidhthe agus na seanóirí.
44Agus thug a bhrathadóir cómhartha dóibh, ag rádh: Cibé a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin é; beirigidh air agus tabhairigidh libh go faithchilleach é.
45Agus nuair a tháinic sé, chuaidh sé chuige láithreach, agus deir: Go mbeannuighthear duit, a Rabbi; agus phóg sé é.
46Acht fuair siad-san greim air, agus ghabh siad é.
47Agus duine áirithe acu sin a bhí ina seasamh thart, tharraing sé amach a chlaidheamh, bhuail seirbhíseach an árdshagairt, agus ghearr an chluas de.
48Agus dʼfhreagair Íosa agus dubhairt leo: An dtáinic sibh amach amhail chuig gadaidhe le claidhmhe agus bataí le breith orm?
49Bhí mé i mo shuidhe gach lá i bhur measc ag teagasc san teampall, agus ní rug sibh orm. Acht is chun na Scrioptúirí a chóimhlíonadh é.
50Annsin dʼfhág a dheisciobail uilig é agus theich siad.#Mait. 26, 56.
51Agus lean óigfhear áirithe é, a raibh línéadach cuachta aige fá n-a chorp thárnocht, agus rug siad air.
52Acht ar fhágáil an línéadaigh ina dhiaidh dó, theich sé uatha tárnocht.
53Agus thug siad Íosa go dtí an t-árdshagart,#Mait. 26, 57; Lúc. 22, 54; Eoin 18, 13. agus chruinnigh annsin na sagairt agus na Scríobhaidhthe agus na seanóirí.
54Agus lean Peadar i bhfad uaidh é go dtí go raibh sé istigh i gcúirt an árdshagairt, agus shuidh sé i bhfochair na searbhóntaí ag an teinidh, agus rinne sé a ghoradh.
55Agus bhí na h-árdshagairt agus an chómhairle#Mait. 26, 59. go léir ag iarraidh fiadhnaise dʼfhagháil i n-aghaidh Íosa, chun é chur chun báis; acht ní fhuair siad.
56Óir thug mórán fiadhnaise bhréige ina aghaidh, agus ní raibh a bhfiadhnaise ag cur le chéile.
57Agus dʼéirigh daoine áirithe agus thug siad fiadhnaise bhréige ina aghaidh, ag rádh:
58Chualamar é ag rádh: leagfaidh#Mait. 26, 61; Eoin 2, 19. mé an teampall seo a rinneadh le lámha, agus i dtrí lá tógfaidh mé ceann eile gan obair lámh.
59Agus ní raibh a bhfiadhnaise ag cur le chéile.
60Agus ag éirighe i lár na h-áite doʼn árdshagart, chuir sé ceist ar Íosa, ag rádh: Nach dtabhrann tú freagair ar bith ar na neithe atá dá gcur i dʼaghaidh acu seo?
61Acht dʼfhan seisean ina thost agus ní thug sé aon fhreagair uaidh. Agus cheistigh an t-árdshagart é arís agus dubhairt leis: An tusa an Críost, Mac an Dé Bheannuighthe?
62Agus dubhairt Íosa leis: Is mé; agus tchifidh sibh Mac an Duine#Mait. 24, 30, agus 26, 64. ina shuidhe ar dheas-láimh chumhacht Dé agus ag teacht le néallta neimhe.
63Agus deir an t-árdshagart agus é ag réabadh a chuid éadaigh: Cad é an feidhm atá againn feasta le fiadhnaisigh?
64Chuala sibh an diamhasla: cad é tchíthear díbh? Agus thug siad uilig breith ina aghaidh gurbh airidhe air an bás.
65Agus thoisigh dream áirithe a chaitheamh seileog air, a fholach a aghaidhe, a bhualadh le duirn, agus a rádh leis: Déan tairngireacht: agus bhí na searbhóntaí ghá bhualadh le n-a mbosa.
66Agus nuair a bhí Peadar thíos san chúirt,#Mait. 26, 69; Lúc. 22, 56; Eoin 18, 17. tig cailín aimsire de chuid an árdshagairt,
67Agus nuair a chonnaic sí Peadar ag déanamh a ghortha, dearcann sí air, agus deir: Bhí tusa fosta le h-Íosa as Nasair.
68Acht shéan seisean sin, ag rádh: Ní fhuil a fhios agam agus ní thuigim cad é tá dá rádh agat. Agus chuaidh sé amach ós cómhair na cúirte, agus scairt an coileach.
69Agus nuair a chonnaic an cailín arís é,#Mait. 26, 71. thoisigh sí a rádh leis na daoine a bhí ina seasamh thart: Is duine acu é seo.
70Acht shéan seisean sin arís. Agus i gcionn tamaill bhig arís dubhairt an mhuinntir#Lúc. 22, 59; Eoin 18, 25. a bhí ina seasamh ann le Peadar: Go dearbhtha is díobhtha siúd thú, óir is Gaililéach thú.
71Agus thoisigh sé a mhallughadh agus a mhionnughadh: Ní fhuil aithne agam ar an duine sin a deir sibh.
72Agus ar an bhall scairt an coileach an dara h-uair. Agus chuimhnigh Peadar#Mait. 26, 75; Lúc. 22, 61; Eoin 13, 38. ar an fhocal a dubhairt Íosa leis: Sul a scairtidh an coileach an dara h-uair, séanfaidh tusa mé fá thrí. Agus thoisigh sé a ghol.

Currently Selected:

Marcus 14: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in