YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 2

2
CAIBIDIOL II.
An Spioraid Naomh dá ghlacadh ag na deisgiobulaibh. An tseanmóin a thug Peadar uaidh do’n phobul. Cráibhtheacht na ndaoine do ghlác an creideamh ar dtúis.
1Agus nuair ai críochnuigheadh laethanta na Cíngcíse bhíodar go léir i n-aonfheacht i n-aon áit amháin, 2Agus tháinig go h-obhann fuaim ó neamh mar bheadh fuaim gaoithe móire ag teacht agus do líon sé an fad an tigh ’na rabhdar ’n-a suidhe. 3Agus do taisbeánadh dóibh mar bheadh teangthacha teine agus iad deighilte, agus do shuidh sé ar gach duine acu, 4#Mait. 3:11; Marc. 1:8; Lúc. 3:16; Eóin 7:39; supra 1:8; Infra 16 agus 19:6.agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.
5Agus bhí ’n-a gcómhnuidhe i n-Ierúsalem Iúdaíg, daome diadha as gach náisiún fé’n spéir. 6Agus nuair a leath an sgéal san do chruinnigh na daoine agus bhí mearathal aigne ortha, mar d’airigh gach duine acu a theanga féin acu-san dá labhairt. 7Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus deiridís: Féach, nách Gaililiaigh iad san go léir atá ag cainnt? 8Agus conus a thárla gur airigh gach duine againne a theanga dhúchais féin ionar tógadh é? 9Pártaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus lucht cómhnuighthe Mhesopotámia, Iúdaéa agus Chapadócia, Phontuis agus Ásia, 10Phrigia agus Pamphilia, na h-Éigipte agus na gcríoch san Libia atá tímpall an Chiréné, agus daoine iasachta ó’n Róimh, 11Iúdaígh leis agus proseilítigh, Créiteacha agus Arabaigh; d’airigheamáir iad ag labhairt i n-ár dteangthachaibh féin ar oibreachaibh iongantacha Dé. 12Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna agus deiridís le n-a chéile: Cad é seo mar obair? 13Agus bhí tuille acu ag déanamh magaidh agus deiridís: Lán d’fhíon nua atáid siad san.
14Ansan d’eirigh Peadar ’n-a sheasamh, agus an t-aoinne déag taoíbh leis, agus d’árduigh sé a ghlór agus do labhair sé leó: A fheara Iúdacha agus sibhse go léir, a lucht comhnuighthe Ierúsalem, bíodh ’fhios agaibh an méid seo, agus glacaibh i nbhúr gcluasaibh mo chainnt! 15Mar ní h-ar meisge atáid siad so, mar is dóigh libhse, óir ní’l tagaithe ach an trímhadh tráth de’n lá. 16Ach sidé an nídh a dubhradh ó bhéal an fháidh #Ióel 2:28; Isáias 44:3.Ióél: 17“Agus tiocfaidh ins na laethibh déanacha, adeir an Tighearna, doirtfead as mo Spioraid ar gach feóil, agus déanfaid bhúr gclann mhac agus bhúr gclann inghean targaireacht, agus chídhfid bhúr bhfir óga aislingí, agus déanfar taibhrithe d’bhúr seanóiríbh. 18Agus doirtfead amach as mo Spioraid, ins na laethibh sin, ar mo bhuachailíbh agus ar mo chailíníbh, agus déanfaid siad targaireacht; 19Agus taisbeánfad neithe iongantacha sa spéir thuas agus ar an dtalamh thíos, fuil agus teine agus gal deataigh. 20Iompófar an ghrian ’n-a doircheacht agus an ghealach ’n-a fuil, roimh theacht do lá an Tighearna, an lá mór, sofheicse. 21#Ióel 2:32; Rómh. 10:13.Agus iseadh bheidh, an uile dhuine do ghlaodhfaidh ar ainim an Tighearna saorfar é.” 22A fheara Israéil, éistidh leis na bhréithribh seo. Íosa Nasareit, duine a shoillsigh Dia i nbhúr measg-sa leis na cómhachtaibh, agus leis na h-iongnaíbh agus leis na soluídíbh a dhein Dia tríd i nbhúr lár, mar is eól daoibh féin, 23Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach.#2:23 Ver. 23. a’ cómhairle chinnte ⁊rl. Do thoirbhir Dia a Mhac, agus do thoirbhir an Mac é féin, tré ghrádh dhúinne, agus chun sinn do sábháil. Agur dá dheasgaibh sin nídh naomhtha abeadh Críost do thoirbhirt, agus nídh abh eadh é ar as chinn Dia féin. Ach an mhuinntir a bhrath é agus do chéas é dheineadar malluightheacht; mar dheineadar do réir a ndroch-aigne féin agus do réir aigne an diabhail a bhí ag séideadh fútha; agus ní do réir. cinneadh Dé a dheineadar. Ní raibh Dia i n’ úghdar le n-a malluigtheacht, bhiodh nár choisg sé an mhalluightheacht. Níos choisg sé an mhalluightheacht mar do bhí ar a chumas, nídh a dhein sé, maith mór do tharrac as, .i. slánú na cine daonna. 24Ach do thóg Dia é tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh, de bhrígh nár bh’féidir go gcimeádfí eisean fé n-a chumas#2:24 Ver. 24. tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh, .i. tar éis buadh bhreith ar phianta an bháis agus ar chómhachtaibh uile ifrinn. 25Óir deir Dáibhid ’n-a thaobh: #Salm 15:8.“Do chínn roim sé an Thighearna am fhiadhnaise do ghnáth, óir tá sé ar mo dheis, ionus ná corrófí mé. 26Uime seo do ghlac mo chroidhe áthas agus dhein mo theanga gáirdeachus, agus ’n-a theannta san gheobhaidh mo chuid feóla suaimhneas i ndóchas. 27De bhrígh ná fágfair m’anam i n-ifreann agus ná léigfir do t’Aon Naomtha truailiú a dh’fheisgint. 28Thugais eólus dom ar bhóithribh na bheatha agus lionfair me lán d’áthas le d’ghnúis.” 29A fheara, a bhráithre, ní misde labhairt go dána libh i dtaobh an phátriáirc Dáibhid, #3 Rígh. 2:10.go bhfuil sé marbh, curtha, agus go bhfuil a uaigh i n-ár measg go dcí an lá atá indiu ann. 30Fáid ab eadh é agus bhí ’fhios aige #Salm 131:11.gur dhearbhuigh Dia dhó go suidhfeadh aon de shíol a árann ’n-a chathaoir, 31agus do chonnaic sé roim sé aiséirighe Críost agus do labhair sé air, #Salm 15:10; infra Gníomh. 13:35.nár fágad i n-ifreann é agus ná feacaidh a chuid feóla truailiú. 32Do thóg Dia suas airís an t-Íosa so, agus is fínnithe sinne go léir air sin. 33Do tógadh suas é, d’á bhrígh sin, ar deasláimh Dé agus do réir mar a fuair sé ó’n Athair an gheallamhaint i dtaobh an Spioraid Naoimh, do dhoirt sé amach é seo, agus chíonn sibhse é agus airígheann sibh é. 34Óir níor chuaidh Dháibhid suas ar neamh; ach deir sé féin: #Salm 109:1.“Dubhairt an Tighearna le m’Thighearna: 35Suid ar mo dheis, Go gcuiread do namhaid mar thaca fé d’chosaibh.” 36Bíodh a fhios dá bhrígh sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n-Israél, Íosa so a dheineabhairse a tárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tighearna dhe agus Críost.
37Nuair airigheadar an méid sin tháinig aithreachas ortha agus dubhradar le Peadar agus leis na h-aspoil eile: A fheara, a bhráithre, cad tá le déanamh againn? 38Agus dubhairt Peadar leó: Déinidh, ar seisean, aithríghe, agus glacadh gach duine agaibh baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maithfí bhúr bpeacaí dhaoibh, agus ansan glacfaidh sibh tabharthas an Spioraid Naoimh. 39Óir is daoibhse agus d’bhúr sliocht an gheallamhaint, agus do sna daoine go léir atá i gcéin, pé air go nglaodhfaidh ár d-Tighearna Dia. 40agus le mórán eile focal bhí sé ag deimhniú’ dhóibh agus ag tathant ortha, agus deiread sé: Cimeádaidh sibh féin saor ó’n sliocht aimhleasta so. 41Ansan, an mhuinntir a ghlac a chómhrádh do baisteadh iad, agus do glacadh an lá san tímpall trí mhíle duine.
42Agus bhíodar seasamhach do theagasg na n-Aspol, agus i gcumann an #2:42 i nglacadh an Chuirp naomhtha.aráin do bhrise, agus ins na h-úrnuighthe. 43Agus do cuireadh eagla ar an uile dhuine; agus do deinead mórán eile mírbhúiltí agus soluídí tré sna h-Aspoil i n-Ierúsalem, agus bhí eagla mór ar na daoine go léir. 44Agus gach ar chreid díodar i bhfochair a chéile agus gach nídh coitchian acu. 45Do dhíolaidís amach a sealbhas agus a maoin agus do rainnidís é ar an mbuidhin go léir fé mar a bhíodh gádh ag aoinne leis. 46Agus d’fhanaidís do thoil a chéile sa teampul gach la, agus ag brise aráin ó thigh go thigh, do chaithidís a gcuid bídh i n-áthas agus i #2:46 aoine, .i. simplicitas, ón bhfocal “aon.”n-aoine croidhe, 47Agus iad ag moladh Dé agus báidh ag na daoine go léir leó. Agus bhí an Tighearna, i n-aghaidh an lae, ag méadú na bhuidhne a bhí le sábháil.

Currently Selected:

Gníomhartha 2: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 2