Gníomhartha 3
3
CAIBIDIOL III.
An mhírbhúilt a deineadh ar an bhfear a bhí bacach, tré n-ar h iompuígheadh a lán.
1Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul chun úrnuighthe an naomhadh tráth. 2Agus bhí duine áirithe a bhí ’n-a mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus bhítheas ’ghá iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n-iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul. 3Chonnaic sé Peadar agus Eóin agus iad chun dul isteach agus d’iarr sé ortha déirc a thabhairt dó. 4D’fhéach Peadar air, ámhthach, mar aon le h-Eóin, agus dubhairt sé leis: Féach orainn. 5D’fhéach seisean ortha ag súil go bhfaghadh se rud éigin uatha. 6Dubhairt Peadar: Ní’l airgead agam ná ór, ach an níd atá agam bheirim duit é. I n-ainim Íosa Críost Nasareit eirigh agus siubhluigh; 7Agus do rug sé ar láimh dheis air agus thóg sé suas é, agus do chruadar a throighthe agus a bhuinn láithreach. 8Agus bhí sé ag léimrig agus ag seasamh agus ag siubhal, agus chuaidh sé i n-aonfheacht leó isteach sa teampul agus é ag siubhal agus ag léimrig agus ag moladh Dé. 9Agus chonnaic na daoine go léir é ag siubhal agus ag molad Dé. 10Agus d’aithníghdar é, gur bh’é an fear é a bhíodh ’n-a shuidhe ag geata áluinn an teampuil ag lorg na déarca, agus bhíodar lán d’iongna agus d’alltacht i dtaobh ar thárla dhó. 11Agus bhí greim aige ’á chimeád ar Pheadar agus ar Eóin, agus chonnaic na daoine é agus bhailighdar tímpall ar an mbeirt ag an bpóirse ar a dtugtar Póirse Shalomón, agus uathbhás ortha.
12Agus do chonnaic Peadar iad agus d’fhreagair sé an pobhul: A fheara Israéil, cad ab aíl libh ag déanamh iongna dhe seo, ná ag féachaint orainne chómh maith agus dá mba le n-ár neart féin nú le n-ár gcómhacht féin a chuirfimís an duine seo ag siubhal? 13Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a thug glóire d’á Mhac Íosa, an té a dheineabhairse a bhrath agus do shéanad i láthair Phíláit, agus eisean ag tabhairt saorbhreithe air. 14#Mait. 27:20; Marc. 15:11; Lúc. 23:18; Eóin 18:40.Do shéanabhair an t-Aon Naomhtha fíoraonta agus d’iarrabhair an marbhthóir a thabhairt daoibh, 15Agus chuireabhair chun bháis úghdar na beatha; ach do thóg Dia ó sna mairbh é, agus is fínnithe sinne ar an nídh sin. 16Agus de bharr creidimh i n’ainim sin, an duine seo a chíonn sibh agus d’-aithnígheann sibh, do neartuigh a ainim é, agus thug an creideamh a thagann uaid an slánú críochnuighthe sin atá os cómhair bhúr súl go léir.
17Ach anois, a bhráithre, tá ’fhios agam gur tré aineólus a dheineabhair é, ar nós bhúr n-uachtarán. 18Agus do chómhlíon Dia an nídh a thargair sé tré bhéalaibh na bhfáidh go léir, go ndéanfadh a Críost fulang. 19Déinidh aithríghe dá bhrígh sin, agus iompuighidh, ionus go mbuailfí amach bhúr bpeacaí, 20i dtreó, nuair a thiocfaidh na tráthana faoisimh a’ láthair an Tighearna, go gcuirfidh sé uaidh an t-é sin a craobhsgaoileadh daoibh, Íosa Críost, 21An t-é ’nar dual na flathais ’ghá ghlacadh go dtí teacht na dtráth ’na gcurfar gach nídh ’n-a riocht féin airís, mar a labhair Dia tré bhéal a fháidh naomhtha ó thusach an tsaoghail. 22Óir dubhairt Maois: #Deut. 18:15.Tógfaidh an Tighearna, bhúr nDia, fáidh chúghaibh, duine d’bhúr mbráithribh féin mas mise, éistfidh sibh leis ins gach ’nídh, pé rud a labharfáid sé libh. 23Agus beidh so, gach aon duine ná h-éistfidh leis an bhfáidh sin ídeofar as an bpobul é. 24Agus na fáidhe go léir a labhair, ó Shamuél anuas, do thargaireadar na laethanta san. 25Is sibhse clann na bhfáidh agus clann na connartha a dhein Dia le n-ár n-aithreachaibh nuair a dubhairt sé le h-Ábhraham: #Gen. 12:3.“Agus ad shíolsa iseadh do beannófar clanna an domhain go léir.” 26Chúghaibhse ar dtúis, chun sibh a bheannú, iseadh chuir Dia a Mhac, nuair a thóg sé suas é, ionus go n-iompóchadh gach duine é féin ó n-a dhroch-bheartaibh.
Currently Selected:
Gníomhartha 3: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.