Gníomhartha 6
6
CAIBIDIOL VI.
An mórsheisear deochon dá n-óirdniú. Díoghras Stiopháin.
1Agus ins na laethibh sin, nuair a bhí uimhir na ndeisgiobul ag dul i méid, d’eirigh ceisniomh do sna Gréagaigh i n-aghaid na n-Eabhrach, ’ghá rádh go dtugtí faillighe ’n-a mbhaintreachaibh féin sa bhfhrithalamh laethamhail.#6:1 Ver. 1. sna Gréagaigh Gréagaigh a tugtí ar h-Eabhraigha rugadh agus do tógadh sa Ghréig. 2Ansan do ghlaoidh an dáréag na deisgiobhuil go léir i gceann a chéile agus dubhradar: Ní cuíbhe dhúinne briathar Dé d’fhágaint agus frithálamh bhórd a dhéanamh. 3Cuardaighidh d’a bhrigh sin, a bhráithre, ar bhúr measg féin, mórsheisear d’fhearaibh creideamhnacha, agus iad lán de’n Spioraid Naomh agus d’eagna, go gcuiream i mbun na h-oibre seo iad. 4agus beimíd féin coitchianta ag déanamh úrnuighthe agus ag frithálamh an bhréithir. 5Agus do thaithn an chainnt leis an bpobul go léir. Agus do thoghadar Stiophan, fear a bhí lán de chreideamh agus de’n Spioraid Naomh; agus Pilib, agus Prochor, agus Nicánór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nicolás, fear a tháinig cúca ó Antioch. 6Thugadar na fir sin i láthair na n-Aspol, agus dhein na n-Aspoil úrnuighthe dhchibh agus chuireadar a lámha ortha.
7Agus bhí briathar an Tighearna ag fás agus uimhir na ndeisgiobul ag dul i líonmhaire go mór i n-Ierúsalem, agus bhí cuallacht mhór de sna sagairt féin tar éis géille do’n chreideamh.
8Agus bhí Stiophán lán de ghrásta agus de neart agus é ag déanamh mírbhúiltí agus soluídí móra ameasg na ndaoine. 9Ansan d’eirigh daoine áirithe as an sinagóig an a dtugtar sinagóg na libertíneach agus na gCurénéach agus na n-Alecsandríneach agus na ndaoine a tháinig ó Chilicla agus ó Ásia, agus bhíodar ag aragóint le Stiophan. 10Agus ní rabhdar ábhalta ar sheasamh i n-aghaidh na h-eagna agus i n-aghaidh na spioraide le n-a labhrad sé. 11Ansan chuireadar suas daoine áirithe chun teacht agus a rádh gur airíghdar féin focail mhasluightheacha uaidh i n-aghaidh Mhaoise agus i n-aghaidh Dé. 12Do ghníosadar ar an gcuma san an pobhul agus na seanóirí agus na sgríbhneóirí agus do ritheadar i gceann a chéile agus do rugadar air agus do thugadar i láthair na cómhairle é. 13Agus chuireadar suas fínnithe bhréagacha chun a rádh: Ní stadann an duine sin ach ag labhairt cainnteana masluightheacha i n-aghaidh na h-áite naomhtha agus i n-agaidh na dlíghe. 14Óir d’airighmair é ’ghá rádh so: Déanfaidh Íosa so Nasareit léirsgrios ar an áit seo agus cuirfidh sé atharú ar na nósa a thug Maois dúinn. 15Agus bhí lucht na cómhairle ag féachaint go dlúth air agus chonnacadar go raibh a ghnúis mar a bheadh gnúis aingil.
Currently Selected:
Gníomhartha 6: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.