Gníomhartha 7
7
CAIBIDIOL VII.
Cainnt Stiopháin os cómhair na cómhairle; a mhartra.
1Ansan dubhairt uachtarán na sagart: An bhfuil so amhlaidh? 2Dubhairt seisean: A feara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh liom! Do thaisbeáin Dia na glóire é féin d’ár n-athair Ábraham nuair a bhí sé i Mesopotámia sar ar chómhnuigh sé i gCaran, 3Agus dubhairt sé leis: #Gen. 12:2.“imthigh as do thír agus ó d’ghaoltaibh agus tar isteach sa tír a thaisbeánfad duit.” 4Ansan d’fhág sé tír na gCaldaéach agus chómhnuigh sé i gCaran. Agus nuair a fuair a athair bás d’aistirigh sé é chun na tíre seo ’na bhfuiltí-se anois i nbhur gcómhnuighe. 5Agus níor thug sé seilbh oighreachta dhó ann, oiread agus ciscéim troíghe, ach do gheall sé go dtabharfad sé seilbh na h-áite dó féin agus d’á shlocht ’n-a dhiaidh, agus gan mac aige. 6Ach dubhairt Dia leis: #Gen. 15:13.Go mbheadh a slocht ’n-a gcómhnuighe i ndúthaigh iasachta agus go gcurfí fé dhaorsmacht iad agus go dtabharfí droch-úsáid dóibh ar feadh cheithre chéad blian. 7agus an náisiún agá mbeid siad fé dhaoirse, tabharfadsa breith ortha, adubhairt an Tighearna, agus ’n-a dhiaidh san tiocfaid siad amach agus beid siad ag déanamh seirbhíse dhómhsa sa n-áit seo. 8#Gen. 17:10.Agus thug sé dhó connradh an tímpallghearradh, #Gen. 21:2.agus mas sin de ghein sé Isaac agus do dhein sé an tímpallghearradh air an t-ochtmhadh lá, agus #Gen. 25:25.Isáac Iácób, agus #Gen. 29:32 agus 35:22.Iácchbh an dáréag pátriárc.
9Agus tháinig formad ag na pátriárcaibh do Ióseph agus #Gen. 37:28.dhíoladar é isteach sa n-Éigipt. 10Agus bhí Dia leis, Agus d’fhuasgail sé é as gach guais d’á dtáinig air, #Gen. 41:37.agus thug sé fábhar agus eagna dhó i súilibh Faraó rí na h-Éigipte, agus do dhein sé uachtarán dé ar an Éigipt agus ar a theaghlach féin go léir. 11Ansan do tháinig an gorta an an Éigipt an fad agus an Chanaan, agus cruadhtan mór, agus ní raibh bhia le fághail ag ár n-aithreachaibh. 12#Gen. 42:2.Agus nuair a dh’airigh Iácób arbhar a bheith le fághail sa n-Éigipt chuin sé án n-aithreacha ann ar dtúis. 13#Gen. 45:3.Agus an tarna turus d’aithin a dhritháracha Ióseph agus do nochtadh a chine do Faraó. 14Ansan do chuir Ióseph sios ar Iácób, a athair, agus ar a ghaoltaibh go léir, chúig dhuine dhéag a’s trí fichid. 15#Gen. 48:5.Agus chuaidh Iácób síos sa n-Éigipt, agus #Gen. 49:32.fuair sé bás, é féin agus án n-aithreacha. 16Agus do tugadh go Sichem iad agus do cuireadh iad sa n-uaigh #Gen. 23:16 agus 50:5 agus 13; Iosué 24:32.a cheannaigh Abhraham ar airgead ó mhacaibh Hemór, mac Sichem.
17Ach nuair a bhí ag teacht am na geallamhna a gheall Dia d’Ábhraham bhí an t-sliocht tar éis dul i #Exod. 1:7.lionmhaire sa n-Éigipt, 18Go dtí gur éirigh ri eile sa n-Éigipt ná raibh aithne aige ar Ióseph. 19Dhein sé sin feall ar ár gcine agus chuir sé cruadhtar an ár n-aithreachaibh, go gcaithidís a gclann óg do chur uatha amach i dtreó ná mairfidís. 20#Exod. 2:2.Sa n-am san iseadh do rugadh Maois, agus dob ionmhuin le Dia é, agus do h-oilead ar feadh trí mhí é i dtigh a athar. 21Ansan do cuireadh amach é, agus do thóg inghean Faraó é agus dhein sí é dh’oileamh aint ’n-a mhac aici féin. 22Agus do múineadh do Mhaois gach saghas eagna d’á raibh ag muinntir na h-Éigipte agus bhí sé cómhachtach ’na bhréithribh agus ’na ghníomharthaibh. 23Nuair a bhí sé dachad blian d’aois táinig machtnamh i n’ aigne dhó go raghadh sé ag féachaint a bhráithre, clann Israéil. 24#Exod. 2:12.Agus chonnaic sé éagcóir ’á dhéanamh an dhuine acu agus do chosain sé é, agus dhein sé díoltas ar son an t-é gur deineadh an éagcóir air, mar do bhuail sé an t-Éigipteach. 25Agus do mheas sé go dtuigfeadh a bhráithre go dtabharfadh Dia tré n-a láim féin, fuasgailt dóibh, ach níor thuigeadar. 26#Exod. 2:13.lán n-a mháireach a bhí chúghainn tháinig sé ortha agus iad ag troid, agus dhein sé caradas agus síothcháin eatartha, agus dubhairt sé: A fheara, is bráithre sibh; cad chuige dhaoibh a chéile ghortú? 27Ach an fear a bhí ag déanamh na h-éagcóra ar a chómharsain do dhiúltuigh sé dhó agus dubhairt sé: Cé cheap tusa ad’ phriúnsa agus ad’ bhreitheamh os ár gcionn? 28An mé mharbhú a cheapann tú mar a masbhuighis an t-Éigipteach indé? 29Nuain airigh Maois an focal san do theith sé agus bhí sé ’n-a dheóruidhe i dtír Mhadian, agus bhí beirt mhac aige sa tír sin.
30Agus tar éis dachad blian do #Exod. 3:2.thaisbeáin aingeal é féin dó i bhfásach cnuic Sína, i lasair theine, i dtor. 31Agus nuair a chonnaic Maois an nídh sin do tháinig iongna air, agus bhí sé ag teacht i n’aice, ’ghá bhreithniú agus do labhair guth an Tighearna leis, agus dubhairt: 32is mise Dia t’atharach Dia Ábrahaim, agus Dia Isáac agus Dia Iácóib. Agus tháinig critheagla ar Mhaois agus níor leómhaigh sé féachaint air. 33Agus dubhairt an Tighearna leis: Bain do bróga de t’ chosaibh mar is talamh naomhtha an áit ’na bhfuilir ad sheasamh. 34Ag féachaint dom is léir dom an cruadhtan ’na bhfuil mo phobul atá sa n-Éigipt, agus do chloiseas a ngéarghol agus thánag anuas chun iad a d’fhuasgailt. Agus tarsa anois go gcuiread sa n-Éigipt thu.
35An Maois sin d’ár diúltuígheadh nuair a dubhradh leis: Cé cheap thusa ad phriúnsa agus ad bheeitheamh? do chuir Dia uaidh é ’n-a phriúnsa agus i n’fhuasgaltóir, tré láimh an aingil a taisbeánadh dó sa tor. 36#Exod. 7:8; 9:10; 11:4.Thug sé sin leis amach iad, agus é ag déanamh mírbhúiltí agus soluídí i dtír na h-Éigipte agus sa Mhuir Ruaidh agus sa bhfásach ar feadh dachad blian. 37Isé an Mhaois sin adubhairt le clainn Israéil: #Deut. 18:15.Tógfaidh Dia chúghaibh fáidh d’bhúr mbráithribh, mar mise; éistfidh sibh leis sin. 38#Exod. 20:3.Sidé a bhí sa n-eaglais sa n-uaigneas i bhfochair an aingil, do labhair leis ar chnuc Sína agus le n-ár n-aithreachaibh; do ghlac bréithre na beatha le tabhairt dúinn. 39Agus ní dhéanfadh ár n-aithreacha rud air, ach do dhiúltuidhdar dó agus d’iompuighdar a gcroidhe ar an Éigipt, 40Agus dúbhradar le h-Aaron: #Exod. 32:1.Dein dúinn déithe a bheidh ag gluaiseacht rómhainn; óir an Maois seo a thug amach a h-Éigipt sinn ní fheadramair cad ’tá imighthe air. 41Agus dheineadar gamhain ins na laethibh sin, agus dheineadar ídhbirt chun an íomháigh, agus dheineadar gáirdeachas a h-obair a lámh féin. 42Agus d’iompuigh Dia agus do leig sé dhóibh bheith ag déanamh seirbhíse do shluagh neimhe, man atá sgríobhtha i leabhar na bhfáidh: #Amos 5:25.Ar dheineabhair ofráil agus ídhbhirt dómhsa sa bhfásach i gcaitheamh dachad bhlian a leaglach Israéil? 43Agus do ghlacabhair tabernacul Mholoch agus réalt bhúr ndé Rempham, íomhághtha a dheineabhair le nbhúr lámhaibh féin chun iad d’adhradh. Agus aistireóchad sibh thar Bhabilóin.
44Bhí tabernacul na fiadhnaise ag ár n-aithreachaibh sa bhfásach, fé mas a cheap Dia dhóibh nuair a #Exod. 25:40.labhair sé le Maois, go ndéanfadh sé é do réir an mhacsamhla a chonnaic sé. 45Agus do thógh ár n-aithreacha, agus Iésus é agus thugadar leó é isteach sa tír a bhí ag geinte, agus dhíbir Dia iad san ó aghaidh ár n-aithreach, go dtí laethe Dháibhid, 46Agus fuair sé sin fábhar i láthair Dé, agus d’iarr sé go bhfaghadh sé tabernacul do Dia Iácóibh. 47Ach is é Salomón a chuir suas tigh dó. 48Ach ní h-i ndéantús lámh a chómhnuigheann an dúileamh, mar adeir an fáidh:#7:48 Ver. 48. ní h-i ndéantús lámh ⁊rl. .i. Nil aon ghádh aige le tighthibh cré agus ní féidir é dhúnadh laistigh díobh. Ach sa n-am gcéadna, ó ’tá sé gan teóra tá sé ins gach uile áit, agus istigh i n ár dtighthibh chómh maith le gach áit eile. Agus do chómhnuigh Críost, sa mhéid gur duine é, i dtighthibh, agus tá sé anois ar ár n-altóraibh. 49#Isáias 66:1.Is é neamh mo chathaoír ríoghdha, agus an talamh taca mo chos. Cad é an tigh a déanfaidh sibh dom, adeir an Tighearna, nú cá bhfuil áit mo shuaimhnis? 50Nách iad mo lámha féin a dhein iad go léir?
51A lucht na muinéal stuacach agus na gcroidhthe agus na gcluas gan tímpallghearrad, táthaoí coitchianta ag cur i n-aghaid an Spioraid Naoimh: Mar a bhí bhúr n-aithreacha, sin mar atáthaoí-se. 52Cia’cu de sna fáidhibh nár dhein bhúr n-aithreacha géarleanmhaint air? Agus chuireadar chun báis na daoine a thargair dóibh teacht an Fhíon-Aoin seo a dheineabhair-se féin anois do bhrath agus do chur chun báis. 53Do ghlacabhair an dlígh ó fhrithálamh na n-aingeal agus níor choiméadabhair an dlígh.
54Nuair airíghdar an chainnt sin do gheárr sí an croidhe acu agus bhíodar ag díosgán a bhfiacal chuige. 55Ach bhí sé lán de’n Spioraid Naomh agus d’fhéach sé suas ins na flathais agus chonnaic sé glóire Dé agus Íosa ’n-a sheasamh an dheasláimh Dé, agus dubhairt sé: Féach chím na flathais ar osgailt agus Mac an Duine ’n-a sheasamh ar deasláimh Dé. 56Ansan do chuireadar liú árd asta agus do chuireadar a lámha ar a gcluasaibh agus do rithadar i n-aonfheacht chuige, 57Agus do chomáineadar amach as an gcathair é agus ghabhdar do sna clochaibh ann, agus chuir na fínnithe a mbraith ag cosaibh fir óig ar a dtugtí Saul. 58Agus ghabhdar do sna clochaibh i Stiophan agus é ag glaodha ar Dhia, agus: A Thighearna Íosa, glac chughat m’anam! adeireadh sé. 59Ansan do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth árd: A Thighearna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do thuit a chodla air sa Tighearna.
Agus bhí Saul toilteanach chun a bháis.
Currently Selected:
Gníomhartha 7: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.