YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 5

5
CAIBIDIOL V.
Críost ag leigheas, lá na Sabbóide, an duine a bhí gan sláinte ar feadh tríochad a h-ocht de bhlianaibh. An chaint a dhein sé an uair sin.
1Tar éis na neithe sin do thárla #Lebhit. 23:5; Deut. 16:1.lá féile ag na Iúdaigh, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. 2Tá ag Ierúsalem loch ar a dtugtar Probatica, agus Betsaida a tugtar air sa teangain Eabhra, agus chúig cinn de sgáthanaibh i n’aice.#5:2 Ver. 2. Probatica, .i. “Lochán na gcaorach;” toisg, gurab ann do níghtí na caoíre a bhíodh le h-ídhbirt sa teampul; nú toisg é bheith i n-aice gheata na gcaorach. Is léir ó’n dtéacs naomhtha go ndeintí mírbhúiltí sa loch san. Agus is léir, leis, nác leigheas nádúrtha a bhí sa n-uisge, óir ní leighstí ach aoinne amháin de sna daoine a curtí isteach ann nuair a chorruígheadh an t-uisge, dá mba i nádúr an uisge bheadh an leigheas do leighisfí gach aoinne a curfí isteach an uair sin. 3Agus bhíodh ionta san cruinniú mór de dhaoinibh laga, de dhallaibh, de bhacachaibh, de dhaoine crapaithe, agus iad ag feitheamh le coruighe an uisge. 4Óir do thagadh aingeal an Tighearna anuas ar uairibh áirithe, sa loch, agus do cor-uightí an t-uisge. Agus an t-é ba thúisge bhíodh istigh sa loch tar éis choruighe an uisge, do leighistí é ó pé gearán a bhíodh air. 5Ach bhí aon duine amháin ann agus bhí ocht mbliana déag ar fhichid caithte aige ann agus a ghearán air. 6Nuair a chonaic Íosa an duine sin ’n-a luighe, agus a fhios aige go raibh an aimsir fhada caithte aige ann, dubhairt sé leis: Ar mhaith leat go slánó-faí thu? 7Agus dubhairt an duine breóite: A Thighearna, ní’l duine agam chun mé chur sa loch nuair a coruightear an t-uisge, agus an fhaid a bhím ag teacht bíonn duine eile istigh rómham. 8Dubhairt Íosa leis: Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh. 9Agus do leighiseadh an duine sin láithreach, agus thóg sé a leabaidh agus do shiubhluigh sé. Agus bhí an tsabbóid ann an lá san.
10Agus dubhairt na Iúdaigh leis an nduine a leighiseadh: Tá an tsabbóid ann; #Exod. 20:11; Ierem. 17:24.ní ceaduighthe dhuit bheith ag iompar do leabtha. 11D’fhreagair sé iad: An t-é do leighis mé dubhairt sé liom: Tóg suas do leabaidh agus siubhluigh. 12Agus d’fhiafraigheadar de: Cé h-é an duine sin adubhairt leat: Tóg suasdo leabaidh agus siubhluigh? 13Ach ní raibh fhios ag an t-é do leighiseadh cé ’r b’é. Óir do chuaidh Íosa i leith taoibh ó sna daoine a bhí cruinnighthe sa n-áit. 14Do fuair Íosa ’n-a dhiaidh san é sa teampul agus dubhairt sé leis: Féach, táir leighiste; ná dein peacadh feasda sar a mbain-feadh rud éigin níosa mheasa dhuit. 15D’imthigh an duine agus d’innis sé do sna Iúdaigh gur bh’é Íosa do leighis é. 16D’á bhrígh sin bhí na Iúdaigh ag cur ar Íosa mar gheall ar na neithe sin a dhéanamh sa tsabbóid.
17Agus d’fhreagair Íosa iad: Oibrigheann m’Athair go dtí anois, agus oibrighim-se. 18Mar gheall air sin ba ró-mhian leis na Iúdaigh é chur chun báis, toisg nár bh’é amháin go raibh sé ag briseadh na sabbóide, ach ’n-a theannta san go raibh sé ’ghá rádh gur bh’é Dia a athair, ’ghá cur féin ar aon dul le Dia.
19Ach d’fhreagair Íosa agus dubhairt se leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní féidir do’n Mhac aon nídh a dhéanamh ach an nídh a chíonn sé ag an Athair ’á dhéanamh; óir pé neithe a dheineann seisean deineann an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna. 20Óir is ionmhuin leis an Athair an Mac, agus nochtann se dhó gach nídh d’á ndeineann sé féin; agus nochtfaidh sé dhó oibreacha is mó ’ná iad so, i dtreó go mbeidh iongna oraibh-se. 21Óir, fé mar a thógann an t-Athair na mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis. 22Óir ní bheireann an t-Athair breith ar aoinne, ach tá gach breith tabhartha aige do’n Mhac. 23I dtreó go dtabharfadh gach aoinne onóir do’n Mhac, fé mar a thugaid siad onóir do’n Athair; an t-é ná tugann onóir do’n Mhac ní thugann sé onóir do’n Athair a chuir uaidh an Mac. 24Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é a dh’éisteann le m’briathar-sa agus a creideann an t-é a chuir uaidh mé tá beatha shíoruidhe aige, agus ní thagann sé isteach sa bhreith, ach téigheann sé ó bás go beatha. 25Go deimhin deimhin adeirim libh go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóchaid na mairbh guth Mhic Dé, agus an mhuintir a dh’aireóchaidh beid siad beó. 26Óir, fé mar atá beatha ag an Athair ann féin, ar an gcuma gcéadna do thug sé do’n Mhac beatha bheith aige ann féin. 27Agus thug sé cómhacht dó chun breithe do dhéanamh, mar isé Mac an Duine é. 28Ná déinidh iongna dhe seo, mar tá an uair ag teacht ’n-a n-aireóchaid a bhfuil ins na h-uaghnaibh guth Mhic Dé. 29#Mait. 25:46.Agus tiocfaid lucht deagh-ghníomh amach go h-aiseirighe na beatha agus lucht droch-ghníomh go h-aiseirighe na breithe.#5:29 Ver. 29. go h-aiseirighe na breithe, .i. chun daor-bhreitheamhantais. 30Ní fhéadaim-se aon nídh do dhéanamh uaim féin. Mar a chloisim iseadh thugaim breith; agus bíonn mo bhreith ceart, óir ní h-í mo thoil féin is áil liom, ach toil an t-é a chuir uaidh mé.
31Má thugaim-se fiadhnaise am thaobh féin ní’l m’fhiadhnaise fíor. 32#Mait. 3:17; supra 1:15.Tá neach eile a thugann fiadhnaise am’ thaobh, agus is eól dom gur fiór an fhiadhnaise a thugann sé am’ thaobh. 33Chuireabhair-se ag triall ar Eóin, agus thug sé fiadhnaise ar an bhfirinne. 34Ach ní ghlacaim-se fiadhnaise ó dhuine; ach deirim na neithe seo i dtreó go saorfaí sibh-se. 35Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus. 36Ach tá agam-sa fiadhnaise is mó ’ná Eóin, óir, na h-oibreacha gur thug m’Athair dom iad le déanamh, na h-oibreacha san féin a dheinim, tugaid siad fiadhnaise am’ thaobh gur b’é an t-Athair a chuir uaidh mé. 37Agus an t-Athair féin a chuir mé uaidh #Mait. 3:17; 17:5.do thug sé fiadhnaise am’ thaobh. Agus níor chloiseabhair-se riamh a ghuth, #Deut. 4:12.ná ní fheacabhair a dhealbh. 38Agus ní’l a bhriathar agaibh ag fanmhaint ionaibh, óir an t-é a chuir seisean uaidh ní thugann sibh-se creideamhaint dó. 39Cuardaightear na scriptiúirí, óir is dóigh libh gur ionta atá beatha shíoruidhe le fagháil; agus isiad san a thugann fiadhnaise am’ thaobh-sa.#5:39 Ver. 39. Cuardaightear na scriptiúirí, nú Cuarduighidh, nú Cuarduigheann sibh, na scriptiúirí. Ní h-amhlaidh a dh’órduígh-tear do’n uile dhuine na scriptiúirí do sgrúdú. Is amhlaidh a chasann ár Slánuightheóir leis na Fairisínigh go rabhdar i gcomhnuídhe ag sgrúdúghadh na scriptiúirí chun ná beatha síoruidhe fhághail ionta agus, tar éis an sgrúduighthe go leír, ná glacfidís an t-é ar a raibh na scriptiúirí go léir ag tabhairt fiadhnaise, an t-é amháin a thabharfadh an bheatha shioruídhe dhóibh. 40Agus ní h-áil libh teacht chúgham i dtreó go mbeadh an bheatha agaibh. 41Ní ghabhaim glóire ó dhaoine. 42Ach tá aithne agam oraibh-se, ná fuil grádh Dé agaibh istigh ionaibh. 43Do thánag-sa i n-ainim m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thagann duine eile i n-a ainim féin glacfaidh sibh é. 44Conus ab fhéidir go gcreidfeadh sibh-se agus gur ó n-a chéile a ghlacann sibh glóire, #1 Cor. 4:5.agus gan aon lorg agaibh ar an nglóire a thagann ó Dhia amháin? 45Ná measaidh go bhfuilim-se chun sibh a ghearán leis an Athair; tá duine a dheineann gearán oraibh, eadhon, Maois, an t-é go bhfuil bhúr mainighín as. 46Óir dá gcreideadh sibh Maois b’fhéidir go gcreidfeadh sibh mise; óir #Gen. 3:15; 22:18; 44:10; Deut. 18:15.is orm-sa do sgríbh sé sin. 47Ach mura gcreideann sibh a sgríbhinn sin, conus a chreidfidh sibh mo bhréithre-se?

Currently Selected:

Eóin 5: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in