YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 6

6
CAIBIDIOL VI.
Bia á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine a’ chúig bulógaibh. É ag siúbhal ar an bhfaraige. É ag labhairt ar arán na beatha.
1Tar éis na neithe sin d’imthigh Íosa treasna mara Ghaililí, ’sé sin Tiberias, 2Agus do lean sluagh mhór daoine é, mar do chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh ar easlánaibh. 3Agus d’imthigh Íosa an cnoc suas agus do shuidh sé i bhfochair a dheisgiobul. 4Agus bhí an Cháisg, lá féile na n-Iúdach, ana-achmair. 5Nuair a dh’árduigh Íosa a shúile, agus nuair a chonaic sé go raibh camtha mór daoine tagaithe chuige, dubhairt sé le Pilib: Cá gceannóchaimíd arán i dtreó go n-íosfid siad so rud? 6’Gha bhrath, ámhthach, iseadh adubhairt sé an chaint sin, óir bhí fhios aige féin cad a bhí beartuighthe aige a dhéanamh. 7D’fhreagair Pilib é: Ní bheadh i luach dhá chéad pingin de bhulógaibh oiread agus thabharfadh blúire beag do’n duine acu. 8Dubhairt duine dhá dheisgiobuil leis, Aindrias, driotháir Shímóin Peadar: 9Tá buachaill anso agus tá chúig bulóga eórnan aige agus dhá iasg; ach cad é an fhaid le dul an méid sin ar oiread daoine? 10Ansan dubhairt Íosa: Cuiridh na daoine ’n-a suidhe. Bhí mórán féir sa n-áit. Shuidh na daoine síos, tímpal chúig mhíle duine. 11Ansan do thóg Íosa an t-arán agus ghaibh sé buidheachas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suidhe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go rabhadar go léir sásta. 12Nuair a bhíodar lán-tsásta dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bailíghidh an mion-arán atá fágtha, sar a raghadh sé amú. 13Do bhailígheadar, agus do líonadar dhá chiseán déag de’n mhion-arán a bhí as na chúig bulógaibh eórnan i ndiaidh na ndaoine do chaith an bia. 14Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan. 15Nuair a bhí fhios ag Íosa, ámhthach, go rabhadar chun teacht agus breith air agus rí a dhéanamh de, #Mait. 14:23; Marc. 6:46.d’imthigh sé uatha airís fé’n gcnoc i n’ aonar.
16Agus nuair a bhí sé ’n-a thráthnóna do chuaidh a dheisgiobuil síos chun na faraige. 17Agus chuadar ar bórd na luinge, agus chuadar treasna na faraige go Capharnaum; agus bhí an doircheacht ann feasda, agus ní raibh Íosa tagaithe chúcha. 18Agus d’eirigh gaoth mhór, agus bhí an fharaige ag eirighe árd. 19Agus nuair a bhí chúig stada fichid nó deich stada fichid d’iomramh déanta acu do chonacadar Íosa agus é ag siubhal ar an bhfaraige, i n-aice na luinge, agus tháinig sgannradh ortha. 20Agus dubhairt sé leó: Mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. 21Ansan dob’ áil leó é theacht chúcha isteach sa luing, agus láithreach, bhí an long ag an dtír go rabhadar ag dul ann.
22Amáireach a bhí chúgainn do chonaic an tsluagh daoine a bhí ’n-a seasamh ar an dtaobh eile de’n fharaige ná raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus ná deaghaidh Íosa i n aonfheacht le n-a dheisgiobuil sa luing sin, agus nár imthigh inti ach a dheisgiobuil amháin; 23Tháinig, ámhthach, loingeas eile ó Thiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-itheadh an t-arán, nuair a ghaibh an Tighearna buidheachas; 24Agus nuair a chonaic an tsluagh ná raibh Íosa ná a dheisgiobuil sa n-áit, chuadar ar bórd na long agus thánadar go Capharnaum ag lorg Íosa. 25Agus nuair a fuaradar é lastall de’n fharaige dubhradar leis: A Mháighistir, conus a tháinís chun na h-áite seo? 26D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Go deimhin deimhin adeirim libh, táthaoí a’m lorg-sa, agus ní mar gheall ar na mírbhúiltíbh a chonacabhair é, ach mar gheall ar na bulógaibh a dh’itheabhair agus do shásaimh sibh.
27Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíoruidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. #Mait. 3:17; 17:5.Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala. 28Ansan dubhradar leis: Cad tá le déanamh againn ionus go ndéanfaimís obair Dé? 29D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: #1 Eóin 3:23.Sidí obair Dé, go gcreidfeadh sibh san t-é a chuir Dia uaidh. 30Agus dubhradar leis: Má ’seadh cad é an cómhartha atá agat-sa dh’á dhéanamh, ionus go bhfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat? Cad ’tá agat dh’á oibriú? 31D’ith ár n-aithreacha manna sa bhfásach, mar atá sgríobhtha: #Exod. 16:14; Uimh. 11:7; Salm 77:24; Eagna 16:20.Thug sé arán ó neamh dóibh le n-ithe. 32Ansan dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní h-é Maois a thug arán ó neamh daoibh, ach isé m’ Athair-se a thugann dhaoibh an t-arán fírinneach ó neamh. 33Óir isé arán Dé an t-arán a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha do’n domhan.
34Agus dubhradar leis: A Thighearna, tabhair dúinn an t-arán san i gcómhnuighe. 35Ansan dubhairt Íosa leó: Mise arán na beatha; #Eccli. 24:29.an t-é a thiocfaidh chúgham-sa ní bheidh ocras air; agus an t-é a chreidfidh ionam-sa ní bheidh tart air choidhche. 36Ach dubhart libh go bhfeac-abhair mé agus ná creideann sibh. 37Gach nídh d’á bhfuil tabhartha dhómh-sa ag m’ Athair tiocfaidh sé chúgham, agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é. 38Óir ní chun mo thoile féin a dhéanamh a thánag anuas ó neamh, ach chun go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé. 39Agus sidé toil an Athar a chuir uaidh mise, ná leigfinn aon nídh dh’ár thug sé dhom a chailleamhaint, ach go ndéanfainn é thógáil suas an lá déanach. 40Agus sidé toil m’ Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chionn an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe bheith aige agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.
41Agus bhí na Iúdaigh ag gluaireán ’n-a choinnibh toisg go ndubhairt sé: Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh, 42Agus dubhradar: Nách é seo Íosa mac Ióseph go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conus, d’á bhrígh sin, is féidir dó so a rádh, Do thánag anuas ó neamh? 43Ansan d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gluaireán eadraibh féin: 44Ní fhéadfaidh aoinne teacht chúgham-sa gan an t-Athair a chuir uaidh mé ’ghá tharang chúgham, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.#6:44 Ver. 44. ’ghá tharang Ní le h-éigin é, ámhthach, ná le h-aon aimhdheóin do dhéanamh ar a shaorthoil, ach le neart grádhmhar milis a ghrásta naomhtha. 45Tá sgríobhtha ins na fáidhibh: #Isáias 54:13.Agus beid siad go léir d’á dteagasg ag Dia. Gach duine a chlois ó’n Athair agus d’ fhoghluim, tagann sé chúgham-sa. 46Ní h-é go bhfeacaidh aoinne an t-Athair ach an t-é atá ó Dhia, do chonaic sé sin an t-Athair. 47Go deimhin deimhin adeirim libh, An t-é a creideann ionam-sa tá an bheatha shíoruidhe aige. 48Is mise arán na beatha. 49#Exod. 16:13.D’ith bhúr n-aithreacha an manna sa bhfásach, agus fuaradar bás. 50Sidé an t-arán a táinig anuas ó neamh, i dtreó má itheann aoinne é ná faghaidh sé bás. 51Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh. 52Má itheann aon duine an t-arán so, mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta; agus an t-arán a thabharfad-sa uaim isé mo chuid feóla féin é chun beatha an domhain.
53Ansan bhí na Iúdaigh ag aighneas eatartha féin, agus deiridís: Conus is féidir dó so a chuid feóla féin a thabhairt le n-ithe dhúinn?
54Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, mura n-ithidh sibh feóil Mhic an Duine agus mura n-ólaidh sibh a chuid fola ní bheidh beatha agaibh ionaibh.#6:54 Ver. 54. mura n-ithidh sibh…ólaidh sibh Glactar i n’fhírinne anso gurabh é dlígh Dé do’n Chríostaidhe fuil agus feóil Críost do ghlacadh, agus cómhlíonann an Críostaidhe an dlígh sin nuair a ghlacann sé comaoine fhé ghné aráin. Óir ní féidir fuil agus feóil ár Slánuightheóra do dheighilt ó n-a chéile, agus gealltar beatha shíoruidhe anso do’n t-é a ghlacann ar deagh-staid fé aon ghné amháin. Ver. 52. Má itheann aon duine an t-arán so, mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta; agus an t-arán a thabharfad-sa uaim isé mo chuid feóla féin é chun beatha an domhain. Ver. 58. an t-é a d’itheann mise beidh sé beó de m’ bárr-sa. Ver. 59. an t-é a d’itheann an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta. 55An t-é a d’itheann mo chuid feóla-sa agus a dh’ólann mo chuid fola, tá beatha shíoruidhe aige, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. 56#1 Cor. 11:27.Óir is bia go fíor mo chuid feóla, agus is deoch go fíor mo chuid fola. 57An t-é a dh’itheann mo chuid feóla agus a dh’ólann mo chuid fola, cómhnuigheann sé ionam-sa agus cómhnuighim-se ann. 58Fé mar a chuir an t-Athair atá beó mise uaidh agus go bhfuilim-se beó ó’n Athair, mar an gcéadna an t-é a dh’itheann mise, beidh sé beó de m’bárr-sa.
59Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní h-ionan agus mar a dh’ith bhur n-aithreacha manna, agus go bhfuilid siad marbh. An t-é a dh’itheann an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta.
60Dubhairt sé an chaint sin i gCapharnaum agus é ag teagasg sa tsinagóig. 61Agus a lán d’á dheisgiobuil, nuair airigheadar an chaint, dubhradar: Is cruaidh an chaint í sin, agus cé fhéadfadh éisteacht léi? 62Agus do thuig Íosa ann féin go raibh a dheisgiobuil ag gluaireán mar gheall ar an nídh sin, agus dubhairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoibh? 63Ach má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé an dtúis?#6:63 Ver. 63 Ach má fheiceann sibh ⁊rl. Le trácht mar sin ar a dheasgabháil, do thug Críost os a gcómhair a chómhacht, chun fírinne na bhfocal a bhí ráidhte aige do dheimhniú agus chun an baígh míchúibhsach a bhí bainte acu as a chaint do chur as a n-aigne, .i. go gcaithfidís a chuid feóla dh’ithe mar íosfí feóil ainmhíghe. Thug an deasgabháil le tuisgint dóibh go raghadh an cor pcéadna, slán foláin, suas an neamh, chun bheith n-a shuidhe ar deasláimh an Athar Síorruidhe, agus d’á bhrígh sin ná déanfí é bhriseadh agus do stracadh agus d’ídiú air an dtalamh so mar a mheasadar. 64Isé an spioraid a dheineann beódhadh. #6:64 Ver. 64. Ní dheineann an fheóil tairbhthe ar bith. Is fíor ná beadh aon tairbhthe i bhfeóil mharbh, deighilte o’n spioraid, ar an gcuma mhíchuíbhsach i n-ar mheasadar go n-íosfidís a chuid feóla agus go n ólfidís a chuid fola. Agus is fíor ná fuil aon tairbhthe i bhfeóil an duine, .i. i nadúir chlaoin an duine (an nádúr ná h-úmhluigheann do spioraid agus do bhréithribh Chríost). Ach a rádh ná fuil aon tairbhthe i bhfeóil Chríost, an fheóil bheó san a ghlacaimíd nuair a ghlacaimíd Comaoíne, mar aon le n-a spioraid, .i. le n’ anam agus le n-a dhiadhacht, diamhasla marbhuightheach ab eadh a leithéid sin do rádh. Óir dá mb’fhíor é ná déanfadh feóil Chríost aon tairbhthe dhúinn ní ghlacfadh sé colan daona i n-aon chor ná ní fhuiligeoch’ sé bás ar ár son. Ní dheineann an fheóil tairbhthe ar bith. Na focail atá ráidhte agam libh, #6:64 spioraid agus beatha iseadh iad .i. mar cuirid siad os bhúr gcómhair sácramínt naomhtha, go nglacfidh sibh ann, ar chuma iongantach, spioraid agus grásta, agus beatha a’ tobar na beatha féin.spioraid agus beatha iseadh iad. 65Ach tá cuid agaibh-se ná creideann. Óir bhí fhios ag Íosa ó thusach cé’r bh’iad nár chreid, agus cé dhéanfadh é dhíol.
66Agus dubhairt sé: Uime sin iseadh adubhart libh na féadfadh aoinne teacht chúgham mura mbeadh tabhartha ag m’Athair dó teacht. 67Ansan do tharraing a lán d’á dheisgiobuil siar, agus níor shiubhladar leis a thuille. 68Dubhairt Íosa d’á bhrígh sin leis an dáréag: An maith libh-se, leis, imtheacht? 69Agus d’fhreagair Símón Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe. 70Agus creidimíd-ne agus tá fhios againn gur tu Críost Mac Dé. 71D’fhreagair Íosa iad: Nár dheinear-sa an dáréag agaibh do thoghadh? 72Agus tá duine agaibh ’n-a dhiabhal. Agus is ar Iúdás, mac Shímóin, Iscariót, a bhí sé ag caint. Óir isé sin a bhí chun é dhíol, agus gur dhuine de’n dáréag é.

Currently Selected:

Eóin 6: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in