YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 19

19
CAIBIDIOL XIX.
Críost dá ghlacadh ag Sacaeus ’n-a thigh. Parabal na bpúnt. Críost ar muin an asail. É ag gol os cionn Ierúsalem.
1Agus chuaidh sé isteach i n-Ierichó agus bí sé ag siubhal tríd an gcathair. 2Agus féach, bhí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus bhí sé i n’uachtarán ar na puibliocánaigh, agus duine saidhbhir ab eadh é. 3Agus bhí sé a d’iarraidh Íosa dh’fheisgint, eadhon, Cé’r bh’é, agus do theip sé air mar gheall ar an sluagh, mar firín íseal ab eadh é. 4Agus do rith sé rómpa amach, agus chuaidh sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go bhfeicfeadh sé é, mar bhí sé chun gabháil an tslígh sin. 5Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu. 6Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do ghlac sé é go h-áthasach. 7Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht. 8Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair. 9Agus dubhairt Íosa leis: Tá slánú fághalta indiu ag an dtigh seo de bhrígh gur de chlainn Ábrahaim é, leis. 10#Mait. 18:12.Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine.
11Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtaisbeánfaí rígheacht Dé láithreach.
12Dubhairt sé, d’á bhrígh sin: #Mait. 25:14.D’imthigh duine uasal áirithe go dúthaigh iasachta chun rígheachta ghabháil dó féin agus teacht thar n-ais. 13Agus ghlaoidh se chuige deichniúbhar seirbhíseach leis, agus thug sé dóibh deich bpúint, agus dubhairt sé leó, Bídhidh ag déanamh ceannaidheachta go dtagad.#19:13 Ver. 13. thug sé dóibh deich bpúint, — An nídh ar a dtugtar púnt anso is mná a tugtí an uair sin air, nú, sa laidin mina, agus dob ionan é agus trí púint leath-choróinn, d’ airgead na h-aimsire seo. 14Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n-a dhiaidh ’gha rádh: Ní h-áil linn é seo bheith ’n-a rí orainn. 15Ach do thárla go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais, agus d’órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-airgead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh ’fhios aige an mór a dhein gach aoinne acu leir an gceannaidheacht. 16Tháinig an chéad duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt deich bpúint. 17Agus dubhairt sé leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith; ó bhís dílis sa bheagán beidh cómhacht agat ar deich mbailtibh. 18Agus thainig an tarna duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt chúig phúint. 19Agus dubhairt sé leis sin, Agus tusa, bíse os cionn chúig mbailte, 20Agus tháinig fear eile agus dubhairt sé, A rí, siné do phúnt agat. Bhí sé fillte i n-éadach agam. 21Óir bhí eagal agam rómhat, mar is duine cruaidh thu. Tógann tú an rud nár chuiris síos, agus baineann tú an fóghmhar nár chuiris. 22Águs dubhairt sé leis, Ar do bhéal féin a bheirim breith ort, a dhroch-sheirbhísigh. Bhí ’fhios agat gur duine cruaidh mé, go dtógaim an rud nár chuireas síos, agus go mbainim an fóghmhar nár chuireas; 23Agus cad ’n-a thaobh nár chuiris mo chuid airgid sa bhanc, i dtreó, nuair a thiocfainn go n-éileócainn é féin agus an t-úncamus? 24Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí láithreach, Tógaidh uaidh an púnt agus tugaidh é do’n fhear go bhfuil na deich bpúint aige. 25Agus dubhradar, A rí, táid deich bpúint aige. 26Deirim-se libh-se, ámhthach, an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é na fuil aige, tógfar uaidh an rud atá aige. 27Ach na h-eascáirde seo nár bh’áil leó mise bheith am’ rí ortha, tugtar anso iad agus curtar chun báis os mo chómhair iad.
28Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh ag dul suas go h-Ierúsalem.
29Agus do thárla, nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhetphagé i mBetánia, láimh leis an sliabh ar a dtugtar Olibhet, gur chuir sé uaidh beirt d’á dheisgiobuil, 30Agus go ndubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile atá ar bhur n-aghaidh anonn; agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ceangailte ann searrach asail nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é agus tugaidh chúgham é. 31Agus má fhiafraigheann aoinne dhíbh, Cad chuige dhaoibh é sgaoileadh? abraidh leis mar seo: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna. 32Agus d’imthigh na teachtairí, agus fuaradar, mar a dubhairt sé, an searrach ’n-a sheasamh. 33Agus nuair a bhíodar ’ghá sgaoileadh dubhairt an mhuintir n-ar leó é: Cad chuige dhaoibh bheith ag sgaoileadh an tsiorraigh? 34Agus dubhradar-san: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna. 35Agus thugadar agh triall ar Íosa é, agus do leathadar a mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin. 36Agus ag gluaiseacht dó bhíodar ag leathadh a mbrat amach ar an slígh. 37Agus nuair a bhí sé agh teacht i ngar d’fhánaidh Olibheit, thusnuigh na deisgiobuil go léir ar Dhia do mholadh le gáirdeachas, do ghuth árd, mar gheall ar na mírbhúiltí móra go léir a chonacadar. 38Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais. 39Agus bhí cuid de sna Fairisínigh sa tsluagh agus dubhradar leis: A Mháighistir, cuir smacht ar do dheisgiobuil. 40Agus dubhairt sé leó: Deirim libh, má éistid siad san, go liúghfaid na clocha amach.
41Agus nuair a tháinig sé i gcómhgar agus chonaic sé an chathair do ghoil sé ar a son, agus dubhairt sé: 42Agus dá mbeadh ’fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit; táid siad, ámhthach, i bhfolach ó d’shúilibh. 43Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumhangarach ort ó’n uile thaobh. 44Agus déanfaid siad thu threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am ’n-a dtáinig Dia chúghat.
45Agus chuaidh sé isteach sa teampul, agus chrom sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do dhíbirt amach as. 46’Gha rádh leó: Tá sgríobhtha: #Isáias 56:7; Ierem. 7:11.Tigh cun úrnuighthe iseadh mo thigh-se: Ach tá cuinigéar bitheamhnach déanta agaibh-se dhe.
47Agus bhí sé ag teagasg; sa teampul gach lá. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na h-uaisle a d’iarraidh é chur chun báis, 48Agus níor bh’ féidir leó cuimhneamh ar cad a dhéanfaidís, mar bhí na daoine go léir ar tinniol ag éisteacht leis.

Currently Selected:

Lúcás 19: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in