YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 20

20
CAIBIDIOL XX.
Parabal an lucht saothruighthe. I dtaobh cánach a dhíol le Caesar. Agus i dtaobh aiseirighe na marbh.
1Agus do thárla, lá de sna láethantaibh sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craobhsgaoileadh na tsoisgéil, go dtáinig uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí, 2Agus go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás san? 3Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Fiafróchad-sa, leis, díbh-se aon fhocal amáin. 4Tugaidh freagra orm: An baisteadh a dhein Eóin, ar bh’ ó neamh é nó ó dhaoine? 5Agus bhíodar ag machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é déarfaidh sé: Cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh? 6Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin. 7Agus d’fhreagradar ná raibh fhios acu cár bh’ as é. 8Agus dubhairt Íosa leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.
9Agus chrom sé ar an soluíd seo do labhairt leis na daoine: #Isáias 5:1; Ierem. 2:21.Do dhein duine fíonghort agus chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus bhí sé féin i ndúthaigh iasachta ar feadh abhfad. 10Agus nuair tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe a d’iarraidh toradh an fhíonghuirt. Agus do ghabhadar air, agus chuireadar uatha folamh é. 11Agus chuir sé seirbhíseach eile chúcha. Ghabhadar air sin, leis, agus thugadar tarcuisne dhó, agus chuireadar uatha folamh é. 12Agus chuir sé chúcha an trímhadh duine. Do chréachtnuighdar é sin, agus chaitheadar amach é. 13Ansan dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad a dhéanfad? Cuirfead chúcha mo mhac dílis féin; b’fhéidir nuair a chífid siad é sin go mbeidh uraim acu dhó. 14Ach nuair a chonaic an lucht saothruighthe é dheineadar machtnamh, agus dubhradar: Sidé an t-oighre; marbhuighmís é i dtreó go mbeidh an oighreacht againn. 15Agus chaitheadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. Cad a déanfaidh tighearna an fhíonghuirt leó san? 16Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé íde ar an lucht saothruighthe sin, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair airigheadar-san an focal dubhradar: Nár leigidh Dia san! 17Agus d’fhéach sé ortha agus dubhairt sé: Má seadh cad é seo atá sgríobhtha: #Salm 117:22; Isáias 28:16; Gníomh. 4:11.An chloch a chaith na saoir uatha tá sí ’n-a cloich chinn chúinne. 18An t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, bascfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.
19Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d’iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé.
20Agus bhíodar ag faire, agus chuireadar chuige lucht fill do leigfeadh ortha gur dhaoine macánta iad, chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint, i dtreó go ndéanfaidís é thabhairt suas do chómhacht agus d’úghdarás an ghoibhearnóra. 21Agus chuireadar cheist chuige agus dubhradar: A Máighistir, is eól dúinn go labhrann tú agus go muíneann tú do réir na fírinne, agus ná fuil beann agat ar phearsain, ach an tslígh chun Dé do mhúineadh go fíos; 22An dleaghthach dhúinn cíos do dhíol le Caesar, nó gan a dhíol? 23Agus mar chonaic sé an feall a bhí ionta, dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith a’m brath? 24Taisbeánaidh pingin dom. Cé leis an íomháigh agus an sgríbhinn atá uirthi? D’fhreagradar agus dubhradar: Le Caesar. 25Agus dubhairt sé leó: #Rómh. 13:7.Má seadh tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. 26Agus níor fhéadadar locht fhághail ar a chaint i láthair na ndaoine; agus le h-iongna, mar gheall ar an bhfreagra, d’éisteadar.
27Agus tháinig cuid de sna Sadducíneachaibh, daoine a shéanann aiseirighe na colna, agus chuireadar ceisd chuige, 28Agus dubhradar: A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn, #Deut. 25:5.Má gheibheann dritháir dhuine bás agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhritháir an bhean agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. 29Bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan sliocht. 30Do thóg an tarna duine acu an bhean, agus fuair sé sin bás, leis, gan sliocht. 31Do thóg an trímhadh duine í. Agus mar sin do’n mhórsheisear go léir, agus níor fhágadar sliocht, agus fuaradar bás. 32’N-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. 33Sa n-aiseirighe, ámhthach, cé’cu dhíobh go mbeidh sí ’n-a mnaoi aige? óir bhí sí ’n-a mnaoi, ag an mórsheisear. 34Agus dubhairt Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósadh clann an tsaoghail seo. 35Ach an mhuintir go bhfeicfar gur fiú iad an saoghal iúd a thabhairt dóibh agus an aiseirighe ó-s na mairbh, ní pósfar iad agus ní ghlacfaid siad mná. 36Óir ní fhéadfaid siad bás d’fhághail a thuille; óir beid siad ar aon dul leis na h-aingil agus ’n-a gclainn ag Dia, mar isiad clann na h-aiseirighe iad.
37Ach taisbeánann Maois féin, ag an dtor, go n-eireóchaidh na mairbh, mar a dtugann sé ar an dTighearna #Exod. 3:6.Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iácóib. 38Ní do dhaoine atá marbh is Dia é ámhthach, ach do dhaoine atá beó; óir is beó dhó iad go léir. 39Agus d’fhreagair cuid de sna Sgríbhneóiríbh é agus dubhradar: 40A Mháighistir, is maith adubhraís é. Agus as san amach níor leómhaigh aoinne acu aon cheist do chur chuige.
41Agus dubhairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a bheith ’n-a mhac ag Dáibhid, 42Agus go ndeir Dáibhid féin, i leabhar na Salm, #Salm 109:1.Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna: Suidh as mo dheis, 43Go gcuiread do namhaid mar thaca fé d’chosaibh. 44Tugann Dáibhid a Thighearna air; agus conus atá sé ’n-a mhac aige?
45Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh agus na daoine go léir ag éisteacht leis: 46Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i róbaíbh fada, agus daoine bheith ag fáiltiú dhóibh ar an margadh, agus na suidhcháin uachtaracha dh’fhaghail ins na sinagógaibh, agus ua h-ineada uachtaracha ag ua féastaíbh. 47Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.

Currently Selected:

Lúcás 20: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in