YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 24

24
CAIBIDIOL XXIV.
An íde a bhí le teacht ar an dteampul; agus na cómharthaí a bhí le teacht roimis; agus roime lá an bhreitheamhantais. Ní foláir dúinn bheith ag faire i gcómhnuíghe.
1Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, agus bhí sé ag imtheacht; agus tháinig a dheisgiobuil chuige ag taisbeáint oibreacha an teampail dó. 2Agus dubhairt seisean leó ’ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso cloch ar muin cloiche gan raobadh.
3Agus do shuid sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire an tsaoghail. 4Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagra: #Ephes. 5:6; Col. 2:18.Seachnaidh agus ná cuireadh aoinne amú’ sibh.
5Óir tiocfaid a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán. 6Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seachnaidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h-é an deire fós é. 7Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine, agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana. 8Tosach na dtrioblóidí, ámhthach, iad san go léir. 9Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se. 10Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a chéile, agus beidh fuath acu d’á chéile. 11Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán. 12Agus toisg an mhalluightheacht a bheith iomarcach fuarfaidh an charthanacht i n-a lán. 13Ach an t-é a bheidh seasamhach amach go deire, raghaidh sé saor. 14Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.
15D’á bhrígh sin, nuair a chífidh sibh #Dan. 9:27.gráin an léirsgriosa, ar ar labhair Daniel fáidh, ’n-a seasamh sa n-áit naomhtha: an t-é a léighfidh, tuigeadh: 16Ansan an mhuintir atá i n-Iúdéa teithidís chun na gcnoc; 17Agus an duine ar bhuaic an tighe, ná téigheadh sé síos chun aon rud a bhreith as a thigh leis; 18Agus an duine sa pháirc ná filleadh sé a d’iarraidh a bhrait. 19Is mairg do lucht clainne d’iompar, ámhthach, agus do lucht oileamhna, ins na laethibh sin. 20Ach guídhidh gan bhúr dteithe bheith sa gheimhreadh ná ar an sabbóid. 21Óir beidh buaireamh mór an uair sin, ná raibh a leithéid ó thosach an domhain go dtí so, agus ná beidh. 22Agus mura gciorruightí na laethanta san ní bheadh dul as ag feóil ar bith; Ach ciorrófar na laethanta san ar son na bhfíoraon. 23An uair sin má deir aoinne libh: Féach, tá Críost anso, nó ansúd; ná creididh. 24Mar, eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ fhéidir é). 25Féach, ta innste agam daoibh roim sé. 26D’á bhrígh sin má deirid siad libh: Féach, tá sé sa bhfásach: ná téighidh amach; Féach, tá sé ins ná seómraíbh: ná creididh. 27Óir, mar an splanc a thagann as an dtaobh toir agus a chítear go dtí an taobh thiar, sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. 28Pé áit ’n-a mbeidh an corp, is ann a chruinneóchaid na fiolair.#24:28 Ver. 28. Pé áit ⁊rl. — Beidh teacht Chríost obann agus soiléir os cómhair an domhain, ar nós na splainnce tóirthnighe, agus pé áit ’n-a dtiocfidh sé cruinneófar an chine dhaona go léir chuige ann, fé mar a cruinnightear na fiolair chun na h-áite ’n-a mbíonn an corpán.
29 # Isáias 13:10; Ezech. 32:7. Agus láithreach tar éis trioblóide na laethanta san doircheófar an ghrian, agus ní tabharfaidh an ghealach a solus, agus tuitfid na réalta as an spéir, agus beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh;#24:29 Ver. 29. na réalta .i., na lasracha solais i bhfuirm réaltan. 30Agus ansan chífar cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treabha an domhain go léir, #Apoc. 1:7.agus chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam.#24:30 Ver. 30. cómhartha .i., cruis chéasta Chríost. 31#1 Cor. 15:52; 1 Tess. 4:11.Agus cuirfidh sé a aingil amach, le trúmpa agus le guth árd: agus cruinneóchaid siad a fhíoraoin ós na cheithre gaoithibh, ó uachtar na bhflathas go dtí a n-íochtar. 32Foghlumuighidh soluíd ó’n gcrann fíge. Nuair a bhíonn a ghéag bog, agus a dhuilleabhar tagaithe amach, tá fhios agaibh an samhradh bheith i n-achmaireacht. 33Mar sin daoibh-se, nuair a chífidh sibh na neithe seo uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i n-aice libh, ins na dóirsibh. 34Go deimhin adeirim libh, ní imtheóchaidh an tsliocht so go dtiocfaid na neithe seo go léir cun cinn. 35Raghaidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.#24:35 Ver. 35. Raghaidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh, .i., atharófar iad i ndeire an tsaoghail agus déanfar neamh nua agus talamh nua dhíobh.
36I dtaobh an lae sin, ámhthach, agus na h-uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na bhflathas féin iad, ach ag an Athair amháin. 37Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh bheidh teacht Mhic an Duine. 38Mar a bhíodar ins na laethanta roimis an ndílinn ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá ’na ndeaghaidh Nóe isteach sa n-arc, 39Agus ní raibh fhios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí chun siúbhail iad go léir; sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. 40Ansan beidh beirt i bpáirc: Tógfar duine agus fágfar duine. 41Beidh beirt bhan ag meilt le muileann: Tógfar bean agus fágfar bean. 42Deinidh faire, d’á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a thiocfaidh bhúr dTighearna. 43Ach bíodh fhios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear an tighe cad é an uair a bheadh an bitheamhnach le teacht, go deimhin do dhéanfadh sé faire, agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh isteach. 44D’á bhrígh sin, bídhidh-se, leis, ollamh, mar an uair nách eól daoibh iseadh atá Mac an Duine le teacht.
45Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóibh do réir aimsire? 46#Apoc. 16:15.Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h-oibre sin. 47Go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé os cionn a choda go léir é. 48Ach má deir an droch-sheirbhíseach san ’n-a chroidhe féin: Tá mo thighearna ag déanamh ríghnis de teacht; 49Agus má dhírí-gheann sé ar a chómh-sheirbhíseacha do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól i bhfochair lucht meisge; 50Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin an lá nách dóigh leis, agus an uair nach eól dó; 51Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.

Currently Selected:

Maitiú 24: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in