YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 25

25
CAIBIDIOL XXV.
Parabal an deichniúbhar maighdean, agus na dtalant, agus tuairisg, ar an mbreitheamhantas déanach.
1Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deichniúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach i gcoinnibh an chéile agus na céile. 2Agus bhí cúigear acu ciallmhar, agus an cúigear eile gan chiall. 3Agus an cúigear a bhí gan chiall nuair a thógadar na lóchranna, níor thugadar oíle leó. 4Ach do thug an cúigear a bhí ciallmhar oíle leó i n-a n-árthaíbh i dteannta na lóchrann. 5Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha go léir, agus do thuiteadar ’n-a gcodladh. 6I lár na h-oidhche, ámhthach, do deineadh guth árd: Féach, tá an céile ag teacht; téighidh amach ’n-a choinnibh. 7Ansan d’eirigheadar na maighdeana san go léir agus chuireadar a lóchranna i dtreó. 8Agus dubhairt an chuid a bhí gan chiall leis an gcuid a bhí ciallmhar: Tugaidh dúinne cuid de’n oíle atá agaibh-se, mar tá ár lochranna ag dul i n-éag. 9D’fhreagair an mhuintir chiallmhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a dh’imtheacht chun na gceannaidhthe agus oíle cheannach daoibh féin. 10Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, thainig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus. 11Ar ball tháinig na maighdeana eile agus dubhradar: A Thighearna, a thighearna, osgail dúinne. 12Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh.
13Deinidh faire, d’á bhrígh sin, mar ní h-eól daoibh an lá ná an uair.
14Mar, ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh, 15Agus thug chúig talanta do dhuine acu agus dhá thalant do dhuine eile, agus talant do dhuine eile; do gach duine do réir a chumais oibre; agus d’imthigh láithreach. 16Agus d’imthigh an t-é a fuair na chúig talanta, agus d’oibrigh sé iad, agus dhein sé chúig talanta eile. 17Mar an gcéadna an t-é a fuair an dá thalant dhein sé dhá cheann eile. 18Ach an t-é a fuair an t-aon talant amháin d’imthigh sé agus dhein sé poll sa talamh, agus chuir sé airgead a thighearna i bhfolach. 19Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó. 20Agus tháinig an t-é a fuair na chúig talanta agus thug sé leis na chúig talanta eile, agus dubhairt: A Thighearna, thugais chúig talanta dhom. Féach, sin chúig cinn eile curtha leó agam. 21Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. 22Agus tháinig an fear a fuair an dá thalant agus dubhairt: A Thighearna, thugais dom dhá thalant; féach, sin dhá cheann eile curtha leó agam. 23Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. 24Ansan do tháinig an fear a fuair an t-aon talant amháin, agus dubhairt: A Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; bhaineann tú sa n-áit nár #25:24 .i. nár chuiris síol.chuiris, agus cruinnigheann tú sa n-áit nár sgaipis. 25Agus le h-eagla rómhat chuireas do thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin agat. 26Agus d’fhreagair a thighearna é, agus dubhairt leis: A dhroch-sheirbhísigh dhíomhaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuighim sa n-áit nár dheineas sgaipeadh ann. 27Bhí sé ceart agat, d’á bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt dos na bancairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinn mo chuid féin agus an t-úncumas. 28Tógaidh uaidh mar sin, an talant agus tugaidh é do’n t-é go bhfuil na deich dtalanta aige. 29Óir an t-é go bhfuil aige, tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige, togfar uaidh an rud a samhluightear a bheith aige. 30Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal.
31Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé gncathaoir a ghradaim; 32Agus cruinneófar ’n-a láthair i a geinte go léir; agus deighilfidh sé ó n-a chéile iad, mar dheighileann an t-aodhaire na caoire ós na gabhair; 33Agus cuirfidh sé na caoire ar a láimh dheis, agus na gabhair an a láimh chlé. 34Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain: 35Mar, #Isáias 58:7; Ezech. 18:7.bhí ocras orm, agus thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus thugabhair le n-ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair bheith istigh dom; 36Bhios nocht, agus chlúdabhair mé; bhíos breóite agus thánabhair am’ fhéachaint; bhíos sa phríosún agus thánabhair chúgham. 37Ansan freagaróchaid na fíoraoin é, agus déarfaid siad: A Thighearna, cathain a chonacamair-ne ocras ort, agus gur thugamair bia dhuit? Nó tart ort, agus gur thugamair deoch duit? 38Nó cathain a chonacamair ar fán tu, agus gur thugamair bheith istigh duit? nó nocht, agus gur chlúduigheamair thu? 39Nó cathain a chonacamair thu breóite, nó i bpríosún, agus gur thánamair chúghat? 40Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é. 41Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: #Salm 6:9.Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh; 42Mar, bhí ocras orm, agus níor thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus níor thugabhair deoch dom. 43Bhíos ar fán, agus níor thugabhair bheith istigh dom; bhios nocht, agus níor chlúdabhair mé; bhíos breóite, agus sa phríosún, agus níor thánabhair am’ féachaint. 44Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort? 45Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é. 46#Dan. 12:2.Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.

Currently Selected:

Maitiú 25: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in