YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 13

13
CAIBIDIOL XIII.
An íde a bhí le teacht ar an dteampul, agus na cómharthaí atá le teacht roim lá an bhreitheamhantais.
1Agus nuair a bhí sé ag dul amach as a dteampul dubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis: Féach, a Mháighistir, cad iad mar chlocha agus cad é mar dhéanamh! 2Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Chíonn tú na h-oibreacha móra san go léir? Ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh gan leagadh.
3Agus bhí sé ’n-a shuidhe ar Chnoc na n-Olachrann ar aghaidh an teampail, agus bhí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ghá fhiafraighe dhe, ar leithligh: 4Innis dúinn, cathain a thiocfaidh na neithe seo? agus cad é an cómhartha a bheidh air, nuair a thosnóchaid na neithe seo go léir ar theacht chun cinn. 5Agus do chrom Íosa, ’ghá bhfreagradh, ar a rádh leó: #Ephes. 5:6; 2 Tess. 2:3.Seachain agus ná mealladh aoinne sibh.
6Óir tiocfaidh a lán daoine am’ ainim-se, agus déarfaid siad, Is mise é; agus meallfaid siad a lán. 7Ach nuair a dh’aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh, ná bíodh eagal oraibh, óir ní foláir iad san a bheith ann; ach ní hé au deire fós é. 8Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta, agus beidh luasgacha talmhan go tiugh ann, agus gorta. Tusach na buartha iad san. 9Ach féachaidh chúghaibh féin. Óir tabharfaid siad i láthair na gcómhairlí sibh, agus sgiúrsálfar sibh ins na sinagógaibh, agus seasóchaidh sibh i láthair ríghthe agus uachtarán mar gheall orm-sa, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. 10Agus ní foláir ar dtúis an soisgéal do chraobhsgaoileadh chun na ngeinte go léir. 11Agus nuair a thabharfaid siad leó sibh chun sibh a thabhairt ar láimh, ná bacaidh a bhreithniú roim ré cad déarfaidh sibh; ach an rud a tabharfar daoibh an uair sin, abraidh é; óir ní sibh-se a labhrann, ach an Spioraid Naomh. 12Óir déanfaidh an dritháir feall báis ar a dhritháir, agus an t-athair ar a mhac; agus eireóchaidh an chlann i n-aghaidh a n-athar agus a máthar, agus imireóchaid siad bás ortha. 13Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ ainim-se. Ach an t-é a bheidh seasamhach go deire isé a raghaidh slán.
14Ach nuair a chífidh sibh #Dan. 9:27.gráin an léirsgriosa ’n-a seasamh sa n-áit nach dual (an t-é a léigheann tuigeadh sé), ansan an mhuintir atá i n-Iúdaéa teithidís chun na gcnoc. 15Agus an t-é bheidh ar #13:15 .i. buaic mar úrlár a bhíodh ar thighthibh ann.bhuaic a thíghe ná tagadh sé anuas sa tigh agus na téigheadh sé isteach chun ruda bhreith as an dtigh; 16Agus an t-é a bheidh sa pháirc ná filleadh sé a d’iarraidh a bhrait. 17Agus is mairg do lucht clainne d’iompar agus do lucht clainne dh’oileamhaint ins na laethibh sin; 18Agus bídhidh ag guidhe gan iad a bheith sa gheimhre. 19Óir beidh ins na laethibh sin cruadhtan ná raibh a leithéid ann ó thusach an chruithniú a chruithnigh Dia go dtí anois, agus ná bheidh. 20Agus mura gcioruigheadh an Tighearna na laethanta ní bheadh dul as ag feóil ar bith; ach ar son na bhfíoraon atá toghtha aige do chioruigh sé na laethanta. 21Agus anois má deir aoinne libh, Féac, tá Críost anso; féac, tá sé ansúd: ná creididh. 22Óir eireóchaid críosdana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí uatha agus iongnaí, chun na bhfíoraon féin do mhealladh, dá mb’fhéidir é. 23Tugaidh-se aire, d’á bhrígh sin; féach, tá gach nídh innste agam daoibh roim ré.
24 # Isáias 13:10; Ezech. 32:7; Ióel 2:10. Ach ins na laethibh sin, tar éis na buartha san, dorchóchaidh an ghrian agus ní thabharfaidh an ghealach a solus, 25Agus beidh na réilte ag tuitim as an spéir, agus beidh na cómhachta atá ins na flathais d’á suathadh. 26Agus ansan chífid siad Mac an Duine ag teacht ins na sgamalaibh, le mórán cómhacht’ agus glóire. 27Agus ansan cuirfidh sé a aingil amach agus cruinneóchaidh sé a fhíoraoin ó sna cheithre gaoithibh, ó fhíor-imeall an tailimh go fíor-imeall neimhe. 28Fóghlumuidh ó’n gcrann fíge soluíd. Nuair a bhíonn a géag bog agus an duilleabhar tagaithe is eól daoibh an samhradh bheith i n-achmaireacht. 29Mar sin daoibh-se nuair a chífidh sibh na neithe seo ag teacht chun cinn, bíodh fhios agaibh é bheith ins na dóirsibh buailte libh. 30Go deimhin a deirim libh, ní h-imtheóchaidh an tsliocht so go dtagaid na neithe seo go léir chun cinn. 31Raghaidh spéir agus talamh ar neamhnídh, ach ní raghaidh mo bhréithre-se ar neamhnídh.
32Ní fios d’aoinne, ámhthach, an lá san ná an uair, d’á mb’iad na h-aingil ins na flathais iad, nó an Mac,#13:32 Ver. 32. nó an Mac, — Ní ’ghá rádh é go bhfuil Mac Dé gan aon eolus ar lá an bhreiteamhantais, ach ’ghá rádh ná raibh an t-eólus aige le teagasg dúinne i n’ oide againn; nídh nár mhaith dhúinn. ach do’n Athair. 33Tugaidh aire, deinidh faire agus úrnuighthe; óir ní fios daoibh cathain a bheidh an t-am ann. 34Ar nós duine a d’fhág a thigh agus d’imthigh i gcéin, agus a thug d’á sheirbhíseachaibh déanamh gach oibre, agus a dubhairt leis an ndóirseóir faire dhéanamh; 35Deinidh-se faire, d’á bhrígh sin, (óir ní fios daoibh cathain a thiocfaidh an tighearna, um thráthnóna, i lár na h-oidhche, ar ghlaodach an choiligh, nó ar maidin) 36Le h-eagla, nuair a thiocfadh sé, gur i nbhúr gcodladh a gheobhadh sé sibh. 37Agus an rud a deirim libh-se deirim le gach aoinne é: Deinidh faire.

Currently Selected:

Marcus 13: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in