YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 12

12
CAIBIDIOL XII.
Parabal an fhíonghuirt agus an lucht saothruighthe. Ceart Chéasair chun na cánach. Na Sadducínigh; i bpúnc. An chéad aithne; cianóg na baintríghe.
1Agus do chrom sé ar labhairt leó i soluídíbh: #Isáias 5:1.Do chuir duine fíonghort, agus dhein sé fál ’n-a thímpal, agus dhein sé clais ann chun an fhíona do bhrúth, agus chuir sé suas túr ann, agus do chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus d’imthigh sé i gcéin. 2Agus nuair a tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach ag triall ar an lucht saothruighthe chun toradh an fhíonghuirt d’fhághail ó’n lucht saothruighthe. 3Agus do rugadar ar an seirbhíseach, agus ghabhadar air, agus chuireadar chun siubhail folamh é. 4Agus airís chuir sé chúcha seirbhíseach eile; agus do ghoineadar é sin, sa cheann, agus thugadar tarcuisne dhó. 5Agus airís chuir sé seirbhíseach eile ag triall ortha: agus do mharbhuigheadar é féin; agus mórán eile; do ghabhadar ar chuid acu, agus do mharbhuigheadar cuid acu. 6Ach do bhí aige aon mhac amháin, ró-dhílis; agus chuir sé é sin chúcha sa deire, agus dubhairt sé Tabharfaid siad uraim dom’ mhac. 7Ach dubhairt an lucht saothruighthe le n-a chéile: Sidé an t-oighre; téanam, cuirimís chun bháis é, agus beidh an oighreacht againn. 8Agus do rugadar air, agus do chuireadar chun bháis é, agus chaitheadar lasmuigh de’n fhíonghort é. 9Cad a dhéanfaidh tighearna an fhíonghuirt sin? Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé díbheirg ar an lucht saothruighthe sin agus tabharfaidh sé an fíonghort d’á malairt.
10Agus an amhlaidh nár léigheabhair an scriptiúir seo, #Salm 117:22; Isáias 28:16.An chloch ná glacfadh na saoir, isí atá ’n-a cloich chinn cúinne; 11Isé an Tighearna do dein an nídh sin, agus is iongantach é i n-ár súilibh-ne? 12Agus bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul; óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin. Agus d’fhágadar é agus d’imthígheadar.
13Agus chuireadar chuige cuid de sna Fairisínigh agus de mhuintir Héróid chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint. 14Agus thánadar chuige agus dubhradar leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus ná fuil beann agat ar aoinne; mar ní féachann tú chun gnúise aon duine, ach slígh Dé do múineadh do reir fírinne. An dleaghthach cíos a dhíol le Caesar nó gan a dhíol? An dtabharfam é nó an gcoimeádfam é? 15Ach do chonaic sé an feall a bhí ionta, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith am’ brath? Tugaidh chugham píosa airgid go bhfeicead é. 16Agus thugadar chuige é. Agus dubhairt sé leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? Dubhradar leis: Le Caesar. 17Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: #Rómh. 13:7.Tugaidh, d’á bhrígh sin, do Chaesar na neithe is le Caesar, agus do Dhia na neithe is le Dia.
18Ansan tháinig chuige na Sadducínigh, daoine a shéanann aiseirighe na marbh, agus chuireadar ceist chuige agus dubhradar; 19A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn: #Deut. 25:5.Má gheibheann dritháir dhuine bás agus go bhfágann sé a bhean, agus ná fágann sé clann ’n-a dhiaidh, go nglacfaidh a dhritháir an bhean, agus go dtógfaidh sé clann d’á dhritháir. 20Ach bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan clann fhágáilt. 21Agus do ghlac an tarna duine acu í, agus fuair sé bás, agus níor fhág sé sin clann ach chómh beag. Agus an trímhadh fear ar an gcuma gcéadna. 22Agus do ghlac an mórsheisear í ar an gcuma san, agus niór fhágadar clann. I n-a ndiaidh go léir do fuair an bhean bás. 23D’á bhrígh sin, nuair thiocfaidh an aiseirighe, agus nuair a dh’eireóchaid siad go léir, cé ’cu dhíobh gur leis an bhean? Óir bhí sí ’n-a mnaoi ag an mórsheisear. 24Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Nác é atá ’búr gcur amú gan eólus a bheith agaibh ar an scriptiúir, ná ar chómhachtaibh Dé? 25Óir, nuair a dh’eireóchaid siad ó sna mairbh ní bheidh pósadh ná tabhairt le pósadh feasta, ach beid siad ar nós na n-aingeal ins na flathais. 26I dtaobh na marbh, ámhthach, go n-eireóchaid siad, nár léigheabhair i leabhar Mhaoise, conus mar adubhairt Dia leis as an dtor: #Exod. 3:6.Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib. 27Ní do dhaoine marbha is Dia é ach do dhaoine atá beó. D’á bhrígh sin is mór atáthaoi-se amú.
28Agus tháinig chuige duine de sna Sgríbhneóiribh a bhí ag éisteacht leó-san ag déanamh an aighnis, agus nuair a chonaic a fheabhas do fhreagair sé iad, d’fhiafraigh sé dhe cad í an chéad aithne de sna h-aitheantaibh go léir. 29Agus d’fhreagair Íosa é: Isí an chéad aithne dhíobh go léir: #Deut. 6:4.Clois, a Israéil, is aon Dia amháin do Thíghearna Dia-se; 30Agus grádhfaidh tú do Thighearna Dia ód’ chroídhe go h-iomlán, agus ót’ anam go h-iomlán, agus ót’ aigne go h-iomlán, agus ód’ neart go h-iomlán. Siní an chéad aithne. 31Agus is cosmhail léi an tarna h-aithne; #Lebhit. 19:18.Grádhfair do chómharsa mar thu féin. Ní’l aithne eile is mó ná iad san. 32Agus dubhairt an Sgríbhneóir leis: Maith, a Mháighistir. Do labhrais fírinne, aon gur b’eadh Dia, agus ná fuil ann ach é. 33Agus é ghrádhú ó chroidhe go h-iomlán, agus ó thuisgint go h-iomlán, agus ó anam go h-iomlán, agus ó neart go h-iomlán, agus an chómharsa do ghrádhú mar dhuine féin. Is mó san ’ná gach ídhbirt agus ’ná gach ofráil. 34Agus nuair a chonaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar, dubhairt sé leis: Ní’lir-se abhfad ó rígheacht Dé. Agus mór leómhaigh aoinne é cheisdiú as san amach.
35Agus bhi Íosa ag teagasg sa teampul agus dubhairt sé: Conus adeir na Sgríbhneóirí gur mac do Dháibhid Críost? 36Óir deir Dáibhid féin, sa Spioraid Naomh, #Salm 109:1.Dubhairt an Tighearna lem’ Thighearna, Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid mar thaca féd’ chosaibh. 37Mar sin, tugann Dáibhid féin a Thighearna air, agus conus atá sé ’n-a mhac aige? Agus d’éist an pobul mór leis agus áthas ortha.
38Agus dubhairt sé leó agus é ’gha dteagasg: Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i n-éadaighibh fada, agus go ndéanfaí úmhlú dhóibh i n-áit an mhargaidh; 39Agus suidhe ins na cathaoireachaibh uachtair ins na sinagógaibh, agus ins na h-ineadaibh tusaigh chun búird; 40Ithid siad #12:40 .i. a saoghaltas.teaghlacha na mbaintreach ar sgáth úrnuighthe fada: Gheobhaid siad san an bhreith is truime.
41Agus do shuidh Íosa i n-aice áite an chiste, agus thug sé fé ndeara conus a chuireadh na daoine airgead isteach ann, agus do chuir a lán daoine saidhbhire mórán isteach ann. 42Agus do tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóig, ’sé sin feóirling. 43Agus ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh gur mó a chuir an bhaintreach bhocht dhealbh so isteach sa chiste ’ná mar a chuir aoinne eile d’ár chuir rud ann; 44Óir do chuir an chuid eile ann as a bhflúirse, ach do chuir sí seo ann, d’á dealbhas, a raibh aici, a cuid an tsaoghal.

Currently Selected:

Marcus 12: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in