YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 11

11
CAIBIDIOL XI.
Críost do dhul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin asail. An easgaine aige á chur ar an gcrann fíge a bhí seasg, agus na daoine a bhí ag díol agus ag ceannach dá dtiomáint amach as an dteampul aige.
1Agus nuair a thánadar i n-aice Ierúsalem agus Bhetánia ag Cnoc na n-Ola-chrann, chuir sé chun siubhail beirt d’á dheisgiobulaibh, 2Agus dubhairt sé leó: Téighidh do’n bhaile úd thall os bhúr gcómhair, agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ann ceangailte, searrach nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é, agus tugaidh chúgham é. 3Agus má deir aoinne libh, Cad é sin agaibh ’á dhéanamh? abraidh: Teastuigheann sé ó’n dTighearna; agus leigfidh sé libh é, gan stad, anso.
4Agus d’imthigheadar, agus fuaradar an searrach ceangailte ag dorus, ar an dtaobh amuigh, i gcómhrac dá slíghe; agus do sgaoileadar é. 5Agus dubhairt cuid d’a raibh ’n-a seasamh ann: Cad ab áil libh ag sgaoileadh an tsiorraigh? 6Agus dubhradar-san leó mar a dh’órduigh Íosa dhóibh; agus do leigeadar leó é. 7Agus thugadar an searrach ag triall ar Íosa, agus chuireadar a mbrait anuas air, agus do shuidh sé air. 8Agus do leath a lán de sna daoine a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga de sna crannaibh agus do leathadar ar an slígh iad. 9Agus an mhuintir a bhí ar tusach agus ar deire bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: #Salm 117:26.Hósanna. 10Is beannuighthe an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna. Is beannuighthe ag teacht an rígheacht so ár n-athar Dáibhid. Hósanna ins na flathais is aoirde. 11Agus do chuaidh Íosa isteach i n-Ierúsalem agus isteach sa teampul; agus d’fhéach sé n-a thímpal ar gach nídh, agus nuair a bhí an tráthnóna ann chuaidh sé féin agus an dáréag amach go Betánia.
12Agus an lá n-a dhiaidh san, agus iad ag teacht ó Bhetánia, bhí ocras air. 13Agus chonaic sé, abhfad uaidh, crann fíge agus duilleabhar air, agus tháinig sé ag féachaint an bhfaghadh sé aon nídh air. Agus nuair a tháinig sé ní bhfuair sé aon nídh air ach na bileóga, mar ní raibh aimsir na bhfígí tagaithe. 14Agus d’fhreagair sé agus dubhairt sé leis an gcrann: As so amach go bráth airís nár ithidh duine toradh uait-se. Agus d’airigh a dheisglobuil é.
15Agus thanadar go Ierúsalem. Agus nuair a chuaidh sé isteach sa teampul do chrom sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do chomáint amach as, agus ar na bórdaibh a leagadh ar lucht an airgid do shóinseáil, agus ar na cathaoireacha do leagadh ar lucht na gcolúr a dhíol. 16Agus ní lamhálfadh sé d’aoinne árthach a bhreith leis tríd an dteampul. 17Agus bhí sé ag teagasg, agus dubhairt sé leó: Ná fuil sgríobhtha: #Isáias 56:7; Ierem. 7:11.Tabharfar tigh chun úrnuighthe do sna geintibh go léir ar mo thigh-se? Ach tá cuinigéar bitheamhnach déanta agaibh-se dhe. 18Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag éisteacht leis, agus bhíodar ag machtnamh féachaint conus a thiocfaidís ar é mharbhú; óir bhí eagla acu roimis, mar bhí na daoine go léir ag déanamh iongna d’á theagasg.
19Agus nuair a tháinig an tráthnóna d’imthigh sé amach as an gcathair.
20Agus nuair a bhíodar ag gabháil thar an áit ar maidin chonacadar an crann fíge agus é feóchta go préamhachaibh. 21Agus chuímhnigh Peadar, agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, an crann fíge gur chuiris an mhallacht air, féach, tá sé feóchta. 22Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Bíodh creideamh Dé agaibh. 23Go deimhin a deirim libh, an t-é a déarfaidh leis an gcnoc so: Tógtar thu agus caithtear sa bhfaraige thu, agus ná staonfaidh sé ’n-a chroidhe, ach go gcreidfidh sé go ndéanfar an rud adeir sé, déanfar é dhó. 24Deirim libh d’á bhrígh sin: An uile rud ar domhan a bheidh agaibh ’á iarraidh i nbhúr n-úrnuighthe, creididh go bhfaghaidh sibh é agus gheobhaidh sibh é. 25Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se. 26Agus mura maithfidh sibh-se, ní lúgha ’ná mar a mhaithfidh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.
27Agus thánadar airís go Ierúsalem. Agus nuair a bhí sé ag siubhal istigh sa teampul tháinig chuige uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí, 28Agus dubhradar leis: Cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo do dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás chun iad a dhéanamh? 29Agus d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt: Cuirfead-sa, leis, aon cheist amháin chúghaibh-se, agus tugaidh freagra orm, agus ansan neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. 30An baisteadh a dhein Eóin ar bh’ ó neamh é nó ó dhaoine? Tugaidh freagra orm. 31Ach do chromadar ar machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é, déarfaidh sé, Cad ’n-a thaobh, má ’seadh, nár chreideabhair é? 32Agus má deirimíd gur bh’ ó dhaoine é, is baoghal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáidh dáiríribh ab eadh Eóin. 33Agus d’fhreagradar agus dubhradar le h-Íosa: Ní fheadramair. Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.

Currently Selected:

Marcus 11: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in