YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 10

10
CAIBIDIOL X.
Nídh dosgaoilte an pósadh. Nídh contabhartach an saidhbhreas. Árdmhian chlainne Sebedé. Radharc á thabhairt do dhall.
1Agus d’fhág sé an áit sin, agus tháinig sé go críochaibh Iúdaéa, lastall de’n Iórdan, agus bhailigh na daoine chuige airís. Agus mar ba ghnáth leis, do theagaisg sé airís iad. 2Agus tháinig na Fairisínigh agus chuireadar an cheist chuige, ’ghá thriail: An dleaghthach do duine a bhean phósta do chur uaidh? 3Agus ’ghá bhfreagradh dubhairt sé: Cad a dh’órduigh Maois daoibh? 4Agus dubhradar: #Deut. 24:1.Do cheaduigh Maois Litir imtheachta do sgrí dhi agus i chur chun siubhail. 5Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe iseadh do sgríbh sé an aithne sin daoíbh-se. 6I dtusach, ámhthach, #Gen. 1:27.do chruthuigh Dia iad firean agus bainean: 7Mar gheall air sin #Gen. 2:24; 1 Cor. 7:10.fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, 8#1 Cor. 6:16.Agus beid siad ’n-a mbeirt i n-aon fheóil: I gcás nách dhá fheóil iad feasda ach aon fheóil amháin. 9Dá bhrígh sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é.
10Agus ’n-a dhiaidh san, sa tigh, do cheistigh a dheisgiobuil é ar an nídh gcéadna; 11Agus dubhairt sé leó: Aon duine chuirfidh uaidh a bhean agus do phósfaidh bean eile, deineann sé adhaltranas ’n-a coinnibh. 12Agus má chuireann bean a fear uaithi agus fear eile do phósadh, deineann sí adhaltranas.
13Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh chuige chun go gcuirfeadh sé a lámh ortha. Agus bhí na deisgiobuil ag cosg na ndaoine a bhí ’ghá dtabhairt chuige. 14Agus chonaic Íosa iad, agus ghlac sé díombádh, agus dubhairt sé leó: Leigidh chúgham na leanbhaí, agus ná bídhidh ghá gcosg, óir is d’á leithéidí sin flathas Dé. 15Go deimhin a deirim libh, an t-é ná glacfaidh rígheacht Dé ar nós leinbh, ní raghaidh sé isteach ann. 16Agus do ghlac sé chuige in’ ucht iad, agus chuir sé a lámha ortha, agus bheannuigh sé iad.
17Agus chuaidh sé amach ar an mbóthar, agus do rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n-a láthair, agus d’fhiafraigh sé dhe: A Mháighistir mhaith, cad a dhéanfad ionus go mbeadh an bheatha shíoruidhe agam? 18Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm? Ní maith aoinne ach Dia amháin.#10:18 Ver. 18. Ní maith aoinne ach Dia amháin. .i. Ní maith aoinne ann féin, go h-iomlán, agus ’n-a bhithinn féin, ach Dia amháin. má’s maith aon duine is tré mhaitheas Dé is maith é. 19Is eól duit na h-aitheanta: #Exod. 20:13.Ná dein drúis, Ná dein marbhú, Ná dein guid, Ná dein fiadhnaise bhréige, Ná dein feall, Tabhair onóir do t’athair agus do d’mháthair. 20Agus d’fhreagair an duine agus dubhairt sé: A Mháighistir, táid na neithe sin go léir coimeádta agam ó m’óige. 21Ansan d’fhéach Íosa air, agus thug sé grádh dhó, agus dubhairt sé leis: Tá aon nídh amhain i n-easnamh ort: imthigh agus díol a bhfuil agat agus tabhair dos na bochtaibh é, agus beidh saidhbhreas ar neamh agat; agus tar agus lean mise. 22Agus do chuir an chaint sin buairt ar an nduine, agus d’imthigh sé fé bhrón; mar duine ab eadh é go raibh a lán saidhbhris aige.
23Agus d’fhéach Íosa ’n-a thímpal agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Nách deacair do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! 24Agus do chuir a chaint uathbhás ar na deisgiobuil. Ach d’fhreagair Íosa airís, agus dubhairt sé leó: A chlann ó, nách deacair do dhaoine go bhfuil a mainighín a’ saidhbhreas dul isteach i rígheacht Dé! 25Is usa do chamal dul tré chró snáthaide ’ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. 26Agus is amhlaidh a mhéaduigh an iongna ortha, agus dubhradar eatartha féin: Má seadh cé fhéadfaidh dul saor? 27Agus d’fhéach Íosa ortha, agus dubhairt: Ní’l san ar chumas daoine, ach tá sé ar chumas Dé; óir is féidir le Dia gach nídh a dhéanamh.
28Agus do chrom Peadar ar a rádh: Féach, d’fhágamairne gach aon rud agus do leanamair tusa. 29Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt. Go deimhin adeirim-se libh-se, níl aon duine a dh’fhágfaidh a thigh, ná a dhritháracha, ná a dhriféaracha, ná a athair ná a mháthair, ná a chlann, ná a chuid tailimh, ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, 30Ná faighidh a chéad oiread sa n-aimsir seo anois, tighthe, agus dritháracha agus driféaracha, agus máithreacha, agus clann, agus talamh, mar aon le crádh; agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht. 31Óir #Mait. 19:30.beidh mórán d’á bhfuil ar tusach ar deire, agus d’á bhfuil ar deire ar tusach.
32Agus bhíodar ar an slígh ag dul suas go Ierúsalem; agus bhí Íosa rómpa amach, agus bhí iongna ortha, agus bhíodar ag teacht ’n-a dhiaidh agus eagal ortha. Agus do tog sé an dáréag airís, agus chrom sé ar a dh’innsínt dóibh cad a bhí le tuitim amach dó: 33Féach, támíd ag dul suas go Ierúsalem, agus tabharfar Mac an Dúine suas d’uachtaránaibh na sagart, agus do sna Sgríbhneóiribh, agus dos na seanóiribh, agus daorfaid siad chun báis é, agus tabharfaid siad suas do sna geintibh é; 34Agus déanfaid siad magadh faoi, agus caithfid siad seilí air, agus sgiúrsálfaid siad é, agus marbhóchaid siad é; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.
35Agus tháinig chuige Séamus agus Eóin, clann Sebedé, agus dubhradar: A Mháighistir, is mian linn go ndéanfá dhúinn pé nídh a dh’iarrfimíd ort. 36Agus dubhairt seisean leó: Cad ba mhaith libh a dhéanfainn daoibh? 37Agus dubhradar-san: Tabhair dúinn go suidhfeadh duine againn ar do láimh dheis, agus an duine eile ar do láimh chlé, ad’ ghlóire. 38Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní h-eól daoibh cad tá agaibh ’á iarraidh. An féidir libh an chailís a dh’ól atá agam-sa ’á dh’ól, nó sibh a bhaisteadh sa bhaisteadh seo i n-a bhfuilim-se am’ bhaisteadh? 39Agus dubhradar: Is féidir. Agus dubhairt Íosa leó: Is fíor go n-ólfaidh sibh an chailís atá agam-sa d’á ól, agus go mbaistfar sibh sa bhaisteadh ’n-a mbaistear mise: 40Ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h-agam atá san a thabhairt daoibh, ach do’n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe dhóibh.
41Agus nuair airigh an deichniúbhar é thosnuigh fearg ar theacht ortha chun Séamuis agus chun Eóin. 42Ach do ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt sé leó: #Lúc. 22:25.Chíonn sibh, an mhuintir a samhluightear a bheith os cionn na ngeinte, go mbíonn smacht acu ortha, agus tá cómhacht agá bpriúnsaíbh os a gcionn. 43Ní mar sin, ámhthach, daoibh-se, ach an t-é gur mian leis bheith os bhur gcionn. beidh sé ’n-a sheirbhíseach agaibh; 44Agus an t-é gur mian leis bheith ar tusach eadraibh, beidh sé ag friothálamh ar gach aoinne. 45Óir níor tháinig Mac an Duine ionus go ndéanfaí friothálamh air, ach ionus go ndéanfadh sé friothálamh, agus chun go dtabharfadh sé a anam féin mar cheannach ar a lán daoine.
46Agus thánadar go Ierichó. Agus nuair a bhí sé féin agus a dheisgiobuil ag dul amach a’ Ierichó agus mórán daoine i n-aonfheacht leó, bhí an dall, Bar-Timéus, mac Timéi, ’n-a shuidhe i n-aice an bhóthair agus é a d’iarraidh déarca. 47Agus nuair airigh sé gur bh’é Íosa Nasareit a bhí ann, chrom sé ar ghlaodhach agus ar a rádh: A Íosa, a Mhic Dáibhid, dein trócaire orm. 48Agus bhí a lán daoine ag bagairt air éisteacht. Ach b’shin mar ba mhó a ghlaoidh seisean: A Mhic Dáibhid, dein trócaire orm. 49Agus do stad Íosa, agus dubhairt sé glaodhach ar an nduine. Agus ghlaodhadar ar an ndall agus dubhradar leis: Glac misneach; eirigh; Tá sé ag glaodhach ort. 50Agus chaith sé dhe a bhrat agus do phreab sé ’n-a shuidhe, agus tháinig sé ag triall ar Íosa; 51Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat a dhéanfainn duit? Agus dubhairt an dall: Radharc a thabhairt dom, a Thighearna. 52Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí radharc aige láithreach, agus do lean sé é sa tslígh.

Currently Selected:

Marcus 10: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in