YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 9

9
CAIBIDIOL IX.
An t-Atharú gné ar Chríost. Deamhain bhalbha aige dá gcur amach as daoíne. Úmhaluígheacht aige dá theagasg. ⁊ sgannal do sheachnadh.
1Agus i gceann sé lá do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin agus do sheól sé iad, ’n-a n-aonar, suas ar chnoc árd, fé leith, agus d’athruigh a dhealbh os a gcómhair. 2Agus bhí a chuid éadaigh ag taithneamh chómh geal le sneachta, ar chuma ná féadfadh aon úcaire ar talamh iad do ghealadh. 3Agus do taisbeánadh dóibh Elias agus Maois agus iad ag caint le h-Íosa. 4Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A Mháighistir is maith an bhail orainne bheith anso; agus leis dúinn trí puible dhéanamh anso, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias. 5Óir ní fheidir sé cad a bhí aige dh’á rádh, mar bhíodar sgannruighthe le h-eagla. 6Agus tháinig sgamal agus clúduigh sé iad agus tháinig guth as an sgamal a dubhairt: Isé seo mo Mhac ró-ionmhuin: éistidh leis. 7Agus, láithreach, d’fhéachadar ’n-a dtímpal agus ní fheacadar aoinne a thuille ach Íosa amháin ’n-a bhfochair. 8Agus ag teacht anuas dóibh ó’n gcnoc, thug Íosa foláramh dóibh gan an radharc a chonacadar a dh’innsint d’aoinne go dtí go mbeadh Mac an Duine eirighthe ós na mairbh. 9Agus choimeádadar an focal san eatartha ’ghá fhiafraighe dh’á chéile cad é a bhrígh sin, Go mbeadh sé eirighthe ós na mairbh.
10Agus chuireadar ceist chuige, agus dubhradar: #Mal. 4:5.Cad chuige, má ’seadh, go ndeir na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis? 11Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: Nuair a thiocfaidh Elias ar dtúis cuirfidh sé gach nídh ’n-a cheart airís; agus conus mar atá #Isáias 53:3,4.sgríobhtha i dtaobh Mhic an Duine, go bhfuilingeóchadh sé mórán agus go dtabharfaí tarcuisne dhó. 12Ach deirim-se libh-se go dtáinig Elias cheana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh.
13Agus tháinig sé chun a dheisgiobul, agus chonaic sé sluagh mhór ’n-a dtímpal agus na Sgríbhneóirí ag aighneas leó. 14Agus, láithreach, nuair a chonaic na daoine go léir Íosa tháinig sgannra ortha agus uathbhás, agus do ritheadar chuige agus d’fháiltigheadar roimis, 15Agus d’fhiafraigh sé dhíobh: Cad é an ceisdiúchán é seo atá eadraibh? 16Agus d’fhreagair duine de’n tsluagh agus dubhairt sé: A Mháighistir, thugas liom anso ag triall ort mo mhac, mar tá deamhan balbh ann. 17Agus pé ball ’n-a mbeireann sé é bíonn sé ’ghá chaitheamh, agus cúbhar leis, agus a fhiacala ag díoscán, agus é d’á shnaoí amach. Agus d’iarras ar do dheisgiobulaibh é chur amach, agus níor fhéadadar é. 18Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Ó, a shliocht gan creideamh, cad é an fhaid a bheidh mé eadraibh? Cad é an fhaid a dh’fhuilingeóchad libh? Tugaidh chúgham-sa é. 19Agus thugadar chuige é. Agus chómh luath agus chonaic sé é d’oibrigh an deamhan ann, agus thuit sé ar an dtalamh ’ghá iomlosg féin agus cúbhar leis. 20Agus d’fhiafraigh sé de’n athair: Cad é an fhaid aimsire atá ó thárla so dhó? Agus dubhairt seisean: Ó bhí sé ’n-a leanbh; 21Agus is minic a chaith sé sa teine é, agus sa n-uisge, chun é mharbhú; ach má tá sé ar do chumas i n-aon chor, dein trócaire orainn agus fóir orainn. 22Agus dubhairt Íosa leis: Má’s féidir leat creideamhaint, tá gach nídh ar chumas an t-é a chreideann. 23Agus, láithreach, do sgread athair an bhuachalla, agus na deóra leis: Creidim, a Thighearna: fóir m’easba creidimh. 24Agus nuair a chonaic Íosa an tsluagh ag cruinniú do smachtuigh sé an annsprid truaillighthe, agus dubhairt: A annsprid bhodhar, bhalbh, órduighim duit imtheacht amach as san, agus gan teacht isteach ann airís. 25Agus do sgread sé, agus d’oibrigh sé é go h-ana-dhian, agus d’imthigh sé amach as; agus bhí sé mar a bheadh sé marbh, i dtreó go ndubhairt a lán: Tá sé marbh. 26Ach do rug Íosa ar láimh air, agus do thóg sé suas é; agus d’eirigh sé. 27Agus nuair a chuaidh sé isteach sa tigh d’fhiafraigh a dheisgiobuil dé, a gan fhios: Cad ’n-a thaobh nár fhéadamair-ne é chur amach? 28Agus dubhairt sé leó: Ní féidir do’n sórd san dul amach le h-aon nídh ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.
29Agus d’imthigheadar ó’n áit sin, agus chuadar tríd an nGaililí; agus níor bh’áil leis a fhios a bheith ag aoinne. 30Agus bhí sé ag teagasg a dheisgiobul, agus ’ghá rádh leó: Tabharfar Mac an Duine i lámhaibh daoine, agus cuirfid siad chun báis é, agus tar éis a mharbhuighthe eireóchaidh sé an treas lá. 31Ach níor thuigeadar an chaint, agus bhí sgáth ortha é cheistiú. 32Agus thánadar go Capharnaum. Agus nuair a bhíodar sa tigh d’fhiafraigh sé dhíobh: Cad a bhí ar siubhal agaibh fan bhóthair? 33Agus níor labhradar; óir bhíodar ag diospóireacht, fan bhóthair, féachaint cé ’cu dhíobh ba mhó.
34Agus do shuidh sé, agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus dubhairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne bheith i n’fhear thosaigh, isé ar deire ar fad, agus ’n-a sheirbhíseach ag cách. 35Agus do rug sé ar leanbh, agus chuir sé ’n-a sheasamh é i lár baill eatartha; ansan do thóg sé an leanbh i n-a ucht agus dubhairt sé leó: 36An t-é a ghlacfaidh am’ ainim-se leanbh mar an leanbh so, is mise a ghlacann sé; agus an t-é a ghlacfaidh mise, ní mise a ghlacann sé, ach an t-é a chuir uaidh mé.
37Agus d’fhreagair Eóin é, agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, ach ní ghabhann an duine sin linne, agus do choisgeamair é. 38Agus dubhairt Íosa [leis]: Ná coisgidh é; #1 Cor. 12:3.mar ní’l aon duine a dhéanfadh mírbhuilt am’ ainim-se agus a dh’fhéadfadh droch-fhocal a rádh orm go luath. 39Óir, an t-é ná fuil i nbhúr gconnibh tá sé libh.
40Óir, aoinne thabharfaidh le n-ól daoibh, am’ ainim-se, ó’s le Críost sibh, fiú cupán uisge, go deimhin a deirim libh, ní bheidh sé gan a thuarasdal. 41Agus aoinne thabharfaidh droch-shampla do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó dá gcurtí bró mhuilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige.
42Agus má thugann do lámh sgannal duit, gearr anuas díot í; óir is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh ’ná dul, agus dhá láimh ort, isteach i n-ifreann, sa teine nách féidir a mhúchadh, 43An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. 44Agus má thugann do chos sgannal duit, dein í ghearradh díot; is maith an rud dul go beatha shíoruidhe agus tu bacach, seachas tu chur go h-ifreann na teine gan múchadh, agus do dhá chois agat, 45#Isáias 66:24.An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. 46Agus má thugann do shúil sgannal duit, strac amach í; is maith an mhaise dhuit dul go flathas Dé ar leath-shúil seachas tu chur go h-ifreann na teine, agus dá shúil ionat, 47An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. 48#Lebhit. 2:13.Óir sáilfar gach n-aon le teine, agus sáilfar gach ídhbirt le salann. 49Is maith an rud salann; ach má bhíonn an salann leamh cad leis go ndéanfaidh sibh deighbhlasta é? Bíodh an salann ionaibh, agus bíodh an tsíothcháin eadraibh.

Currently Selected:

Marcus 9: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in