YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 3

3
CAIBIDIOL III.
An lámh a bhí feóchta dá leigheas ag Críost. An dáréag dá dtoghadh aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus an diamhasla acu á dhéanamh.
1Agus chuaidh sé isteach airís sa tsinagóig, agus bhí duine ann agus bhí lámh leis feóchta. 2Agus bhíodar ag faire air, féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas sa trabbóid, i dtreó go gcuirfidís ’n-a leith é. 3Agus dubhairt sé leis an bhfear: Seasaimh amach anso i lár baill. 4Agus dubhairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaghthach, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine do shaoradh nó do mhilleadh? Níor labhradar-san focal. 5Agus d’fhéach sé ’n-a thímpal ortha go feargach, agus bhí brón air mar gheall ar an gcroidhe bheith chómh dall acu, agus dubhairt sé leis an bhfear: Sin do lámh. Do shín; agus bhí an lámh leighiste. 6Agus d’imthigh na Fairisínigh amach láithreach agus chuadar féin agus muintir Héróid i gcómhairle ’n-a choinnibh féachaint conus a thiocfadh leó é mhilleadh.
7Ach d’imthigh Íosa agus a dheisgiobuil chun na faraige; agus do lean pobul mór é a’ Gaililí agus a’ Iúdaéa, 8Agus a’ Ierúsalem, agus a h-Idúméa, agus ó’n dtaobh thall de’n Iórdan, agus muintir na mball tímpal Tuíre agus Sídóin, suathantais daoine a tháinig ag triall air nuair airigheadar a ghníomhartha. 9Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil long bheag a choimeád dó, mar gheall ar an sluagh, le h-eagla go mbrúthfaidís é. 10Óir bhí mórán daoine aige ’á leigheas, agus bhí na daoine go raibh aon ghearán ortha ag brúth isteach air a d’iarraidh teangabháil leis; 11Agus na h-annspridí truaillighthe, nuair a chídís é, do shléachtaidís dó, agus deiridís go h-árd: 12Is tusa Mac Dé. Agus thugadh sé órdú dian dóibh gan é dh’fhoillsiú. 13Agus chuaidh sé suas ar an gcnoc agus do ghlaoidh sé chuige na daoine ba thoil leis féin, agus thánadar chuige.
14Agus shocaruigh sé ar dháreág a bheith i n-a fhochair, agus go gcuirfeadh sé ag craobhsgaoileadh iad. 15Agus thug sé cumas dóibh ar ghalaraibh do leigheas agus ar dheamhnaibh do chur amach. 16Agus thug sé Peadar mar ainim ar Shímón. 17Agus Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir, agus thug sé Bóanerges ortha, sé sin maca tóirthnighe. 18Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteach, 19Agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.
20Agus thánadar chun an tighe, agus tháinig an tsluagh airís i dtreó nár bh’fhéidir dóibh fiú bia do chaitheamh. 21Agus nuair airigh a mhuíntir féin é do chuadar amach chun beirthe air. mar dubhradar: Is as a mheabhair atá sé. 22Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierúsalem, #Mait. 9:34.dubhradar gur bh’é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach. 23Agus do ghlaoidh sé chuige iad, agus do labhair sé leó i soluídíbh: Conus fhéadfadh Sátan Sátan do chur amach? 24Agus má bhíonn rígheacht deighilte ’n-a coinnibh féin ní féidir do’n rígheacht san seasamh: 25Agus má bíonn teaghlach ag gabháil i gcoinnibh a chéile ’n-a chodaibh ní féidir do’n teaghlach san seasamh; 26Agus má eirigheann Sátan ’n-a choinnibh féin, tá se ’n-a chodaibh ranntha, agus ní féidir dó seasamh, agus tá deire leis. 27Ní féidir do dhuine dul isteach i dtigh fir láidir agus a chuid d’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal an dtúis, agus ansan féadfaidh sé a thigh do robáil. 28#Mait. 12:31; Lúc. 12:10; 1 Eóin 5:16.Go deimhin adeirim libh, maithfar do’n chine daona gach peacadh agus gach diamhasla d’á ndéanfaid siad; 29Ach an t-é a dhéanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maitheamhnachas go deó aige le fághail, ach beidh sé ciontach i bpeacadh shíoruidhe. 30Mar go ndubhradar: Is annsprid truaillighthe atá aige.
31Agus tháinig a mháthair agus a bhráithre agus bhíodar ’n-a seasamh amuigh, agus chuireadar teachtaireacht isteach ag glaodhach air. 32Agus bhí na daone ’n-a suidhe ’n-a thimpal, agus dubhradar leis: Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh agus iad at’ lorg. 33Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: Cé h-iad mo mháthair-se agus mo bhráithre? 34Agus d’fhéach sé ’n-a thimpal ar an muintir a bhí tímpal air agus dubhairt: Siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. 35Óir, an t-é a dhéanfaidh toil Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.

Currently Selected:

Marcus 3: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in