YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 4

4
CAIBIDIOL IV.
Parabal an churadóra. An stoirm d’á ciúnadh ag Críost.
1Agus do thosnuigh sé airís an theagasg i n-aice na faraige, agus do chruinnigh sluagh mhór chuige, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur shuidh sé ann, agus bhí an tsluagh i n-aice an uisge, ar an dtalamh tirim. 2Agus thug sé mórán teagaisg dóibh i soluídíbh, agus dubhairt leó sa teagasg:
3Éistidh liom: Féach, chuaidh curadóir amach ag cur síl. 4Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de’n tríol i n-aice an bhóthair, agus tháinig éanlaithe an aéir agus d’itheadar é. 5Agus do thuit tuille dhe ar áit i n-a raibh iomad cloch, agus ní raibh puínn ithreach aige ann, agus d’fhás sé suas go tapaidh mar ní raibh an ithir doimhinn. 6Agus nuair a dh’eirigh an ghrian tháinig an brothall air, agus toisg gan an phréamh a bheith aige d’fheóch sé. 7Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh, agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus níor thug sé toradh uaidh. 8Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh fhóghanta, agus d’fhás sé agus d’éirigh sé, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fó thríochad, cuid de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad. 9Agus dubhairt sé: An t-é go bhfuil cluasa air chun cloisint cloiseadh sé.
10agus nuair a bhí sé i n’aonar d’fhiafruigh an dáréag a bhí i n’fhochair fios na soluíde dhe. 11Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se eólus d’fhághail ar rúndiamh raibh rígheachta Dé, ach do’n mhuíntir sin atá lasmuigh, deintear gach nídh i soluídíbh; 12#Isáias 6:9.I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dóibh.#4:12 Ver. 12. ag féachaint dóibh go bhfeicfidís — Mar dhibhfeirg ortha toisg a súile a bheith dúnta go toilteanach acu, chimeád Dia uatha, fé mar a bhí tuillte acu an solus agus na grásta a bhí le fághail acu dá n-úmhluíghdís iad féin, agus thabharfadh na grásta san agus an solus san chun a leasa iad. 13Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh ná tuigeann sibh an tsoluíd sin? Má seadh, conus a thuigfidh sibh na soluídí go léir? 14An t-é a chuireann an síol isé an briathar a chuireann sé. 15An mhuintir i n-aice an bhóthair, sin iad an mhuintir, nuair a curtar an briathar agus go gcloisid siad é, go dtagann an namhaid láithreach agus go dtógann sé chun siubhail an briathar a cuireadh mar shíol ’n-a gcroidhthibh. 16Agus mar an gcéadna an mhuintir a ghlacann an síol ins na clochaibh, siniad an mhuintir, nuair a dh’airighid siad an briathar, a ghlacann láithreach é le h-áthas, 17Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach. 18Agus tá daoine agus glacaid siad an síol ameasg; na sgeach; siniad na daoine a dh’éisteann leis an mbriathar, 19Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus #1 Tim. 6:17.mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é. 20Agus an mhuintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh’éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thríochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad.
21Agus dubhairt sé leó: An chuige thagann an lóchrann soluis chun go gcurfí fé bhéal árthaigh é, nú fé leabaidh? Nách anáirde ar choinnleóir a curtar é? 22Óir ní’l rud i bhfolach ná tabharfar chun soluis, agus níor deineadh rún de ach i dtreó go nochtfaí e. 23Má tá cluasa chun aireachtaint ag aoinne airigheadh sé.
24Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh’airigheann sibh. An tómhas ’n-a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas ’n-a dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis. 25Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar tuille dhó, agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige.
26Agus dubhairt sé: Sin mar atá rígheacht Dé, fé mar a chaithfeadh duine an síol sa talamh, 27Agus go mbeadh sé ag dul a chodladh agus ag eirighe gach n-oídhche agus gach lá, agus go mbeadh an síol ag préamhú agus ag fás a gan fhios dó. 28Óir tugann an talamh a thoradh i n-aisge, an geamhar ar dtúis, ansan an dias, ansan an t-arbhar iomlán sa déis. 29Agus nuair a thugann sé an toradh uaidh, cuireann seisean an corán ann láithreach mar tá an fóghmhar buailte leis.
30Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígheacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam i gcomparáid é? 31#Mait. 13:31; Lúc. 13:19.Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talamh gur lúgha é ’ná aon tsíol eile d’á bhfuil sa talamh, 32Agus nuair a curtar é, agus go n-eirígheann sé, go mbíonn sé níos mó ’ná aon ghlasara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó go bhféadaid éanlaithe an aeir cómhnuidhe dhéanamh fé n-a sgáth.
33Agus i mórán soluídí de’n tsórd san do labhair sé leó an briathar fé mar a dh’fhéadadar éisteacht leis. 34Agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; ach do mhínigh sé gach aon rud d’á dheisgiobulaibh i leith taoibh.
35Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an déanaighe ann: Téighmís anonn treasna. 36Agus chuireadar uatha na daoine agus thógadar leó é, mar a bhí sé, isteach sa luing, agus bhí loingeas eile i n’fhochair. 37Agus d’eirigh stoirm mhór ghaoithe, a bhí ag cur na dtonn isteach sa luing i dtreó go raibh an long d’á líonadh. 38Agus bhí sé féin i ndeire na luinge, agus é ’n-a chodladh ar adhart; agus dúisighid é, agus deirid: A Máighistir, an cás leat é go bhfuilimíd d’ár mbáthadh? 39Agus d’eírigh sé agus do smachtuigh sé an ghaoth agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí ciúin. 40Agus do tháinig ciúnas mór. Agus dubhairt sé leó-san: Cad fá an t-eagla so oraibh? Ná fuil creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cé h-é seo dar leat, go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?

Currently Selected:

Marcus 4: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in