YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 11

11
1Agus nuair do bhíodar ag teacht i n‐aice Iarúsalem, agus do shroicheadar Bétfagé agus Bétánia ag cnoc na nOla‐chrann, do chuir sé beirt d’á dheisceablaibh uaidh agus adubhairt sé leo, 2Téighidh go dtí an baile beag úd thall os bhúr gcómhair: agus nuair rachas sibh isteach ann, do‐geobhaidh sibh ceangailte ann searrach nár shuidh aon duine riamh air; scaoilidh é, agus tabhraidh libh é. 3Agus má adeir aoinneach libh, Cad chuige a bhfuil sibh ’g‐a dhéanamh? abraidh‐se leis, Teastuigheann sé ó’n Tighearna; agus cuirfidh sé ar ais annso é ar an láthair. 4Agus d’imthigheadar, agus fuaradar an searrach ceangailte ag an doras amuigh sa tsráid; agus do scaoileadar é. 5Agus adubhairt daoine áirithe d’á raibh ’n‐a seasamh annsin, Créad atá agaib d’á dhéanamh ag scaoileadh an tsearraigh? 6Agus adubhradar‐san leo fá mar adubhairt Íosa leo: agus do leigeadar dóibh imtheacht. 7Agus thugadar an searrach chum Íosa, agus do chuireadar a mbrait air; agus do shuidh seisean air. 8Agus do leath a lán daoine a mbrait ar an slighe; agus do leath daoine eile géaga do ghearradar de na crannaibh. 9Agus na daoine do bhí ar tosach rómpa, agus na daoine do bhí ag leanamhain ’n‐a ndiaidh, do ghlaodhadar,
Hósanná;
Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna!
10Is beannuighthe an ríoghacht atá ag teacht, ríoghacht ár n‐athar Dáibhi!
Hósanná ins na flaitheasaibh is aoirde!
11Agus do chuaidh sé isteach i nIarúsalem, isteach sa teampall; agus iar bhféachain ’n‐a thimcheall ar gach nidh dhó, ó do bhí an tráthnóna ann, do chuaidh sé amach go Bétánia i n‐éinfheacht leis an dá‐réag.
12Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin, nuair tháinig siad amach as Bétánia, do bhí ocras air. 13Agus do chonnaic sé i bhfad uaidh crann fige agus duilleabhar air, agus tháinig sé d’fhéachain an bhfuigheadh sé aon nidh air: agus nuair tháinig sé chuige, ní fhuair sé acht duilleoga air; óir ní raibh séasúr na bhfige ann. 14Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leis, Nár ithidh aon duine toradh uait‐se ó’n am so go deoidh. Agus do‐chuala a dheisceabail é.
15Agus thángadar go h‐Iarúsalem: agus do chuaidh sé isteach sa teampall, agus do thosnuigh sé ar an dream do bhí ag díol agus ag ceannach sa teampall do thiomáin amach as, agus do leag sé ar lár búird luchta an airgid do mhalairt, agus suidheacháin luchta na gcolm do dhíol; 16agus ní leigfeadh sé d’aon duine soitheach d’iomchur tríd an teampall. 17Agus thug sé teagasc, agus adubhairt sé leo Nach bhfuil scríobhtha, Goirfear dem’ thigh‐se teach urnuighthe le h‐agaidh na gcineadh uile? acht atá uachais bitheamhnach déanta agaibh‐se dhe. 18Agus do‐chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe é, agus do bhíodar ag iarraidh caoi d’fhágháil le n‐a mhilleadh: óir do bhí eagla ortha roimhe, de bhrigh go ndearna an sluagh uile iongnadh d’á theagasc.
19Agus nuair tháinig an tráthnóna, d’imthigh sé amach as an gcathair.
20Agus ag gabháil thairis dóibh ar maidin, do chonnacadar an crann fige agus é feoighte ó fhréimh. 21Agus ag cuimhniú do Pheadar air, adubhairt sé leis, A Mháighistir, féach, an crann fige do mhalluighis, atá sé feoighte. 22Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Bíodh creideamh Dé agaibh. 23Adeirim libh go fírinneach, Cibé duine adéarfas leis an sliabh so, Tógtar thú, agus caithtear thú sa bhfairrge, gan aon amhras do bheith ’n‐a chroidhe aige, acht go gcreideann sé go dtiocfaidh an nidh adeir sé chum críche; béidh sé aige. 24D’á bhrigh sin adeirim libh, Cibé nidh ghuidheas agus iarras sibh, creididh go bhfuair sibh é, agus do‐gheobhaidh sibh é. 25Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr seasamh ag déanamh urnuighthe, má bhíonn nidh ar bith agaibh i n‐aghaidh aon duine, maithidh dhó é; ionnas go maithfeadh bhúr n‐Athair atá ar neamh bhúr gcionntaí dhaoibh‐se mar an gcéadna.
27Agus thángadar go h‐Iarúsalem arís: agus ag siubhal dó sa teampall, tháinig chuige uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus na seanóirí: agus adubhradar‐san leis, 28Créad é an t‐ughdarás atá agat chum na neithe seo do dhéanamh? agus cia thug an t‐ughdarás duit chum na neithe seo do dhéanamh? 29Agus adubhairt Íosa leo, Cuirfead‐sa ceist amháin oraibh, agus tabhraidh freagra orm, agus inneosfad‐sa dhaoibh cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh. 30Baisteadh Eoin, arabh ó neamh é nó ó dhaoinibh? Tabhraidh freagra orm. 31Agus do‐rinneadar‐san diospóireachth le n‐a chéile, ’g‐á rádh. Má adeirmid, Ó neamh; adéarfaidh seisean, Má ’seadh, cad chuige nár chreideabhar é? 32Acht má adeirmid, Ó dhaoinibh, do bhí eagla an phobail ortha: óir do bhí na daoine uile ar aon aigne gurbh fháidh Eoin dá ríribh. 33Agus d’fhreagradar Íosa, agus adubhradar, Ní fhuil a fhios againn. Agus adubhairt Íosa leo, Ní mó inneósad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughoarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh.

Currently Selected:

Marcus 11: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in