Marcus 12
12
1Agus do thosnuigh sé ar labhairt leo i samhlaoidibh. Do chuir duine áirithe fíon‐ghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do rinne sé clais ann le h‐aghaidh daibhche an fhíona, agus do thóg se túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile. 2Agus nuair tháinig an séasúr, do chuir sé searbhónta chum na scológ, chum cuid de thoradh an fhíon‐ghuirt d’fhágháil ó na scológaibh. 3Agus do rugadar air, agus do ghabhadar air, agus do chuireadar uatha folamh é. 4Agus arís do chuir sé searbhónta eile chuca; agus do ghoineadar eisean sa gceann, agus thugadar tarcuisne dhó. 5Agus do chuir sé duine eile chuca; agus do mharbhadar é: agus a lán eile; do ghabhadar ar chuid aca, agus do mharbhadar cuid eile. 6Do bhí aige aon mhac amháin, ionmhain: agus do chuir sé eisean chuca sa deireadh mar an gcéadna, ’g‐a rádh, Do‐bhéarfaid urraim dom’ mhac. 7Acht adubhairt na scológa le n‐a chéile, Is é seo an t‐oighre; téanam, marbhaimís é. Agus béidh an oigheacht againne. 8Agus do rugadar air, agus do mharbhadar é, agus do chaitheadar as an bhfíon‐ghort amach é. 9Créad do‐ghéanas tighearna an fhíon‐ghuirt annsin? tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na scológa, agus do‐bhéarfaidh sé an fíon‐ghort do dhaoinibh‐eile. 10An é nár léigheabhar an scrioptúir seo:
An chloch d’ar dhiúltaigh na saoir,
Atá cloch chinn chúinne déanta dhí:
11Is é an Tighearna do rinne é
Agus is iongnantach é in ár súilibh?
12Agus do bhíodar ag iarraidh faille chum greim d’fhágháil air, acht do bhí eagla an phobail ortha; óir do thuigeadar gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin: agus d’fhágadar é agus d’imthigheadar.
13Agus do chuireadar chuige cuid de na Fairisíneachaibh, agus de mhuinntir Ioruaith, chum go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt. 14Agus nuair thángadar, adubhradar leis, A Mháighistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus nach bhfuil beann agat ar aoinneach: óir is cuma leat pearsa aon duine, acht múineann tú slighe Dé de réir na fírinne. An dleaghthach cáin do thabhairt do Chéasar, nó gan a tabhairt? 15An dtiubhraimíd i, nó nach dtiubhraimíd? Acht d’aithin seisean a gcealg, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm? tabhraidh pinginn chugam go bhfeicead í. 16Agus thugadar chuige í. Agus adubhairt sé leo, Cia leis an íomháigh agus an scríbhinn seo? agus adubhradar leis, Le Céasar. 17Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar, agus do Dhia na neithe is le Dia. Agus do b’iongnadh mór leo é.
18Agus tháinig Saddúicínigh chuige, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann; agus d’fhiafruigheadar de, ’g‐a rádh, 19A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus dá bhfágadh sé bean ’n‐a dhiaidh, agus nach bhfágfadh sé clann, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair. 20Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ann: agus do phós an chéad duine aca bean, agus fuair sé bás gan sliocht d’fhágáil; 21agus do ghlac an dara duine aca í, agus fuair seisean bás gan sliocht d’fhágáil; agus an treas duine mar an gcéadna: 22agus do ghlac an móir‐sheisear í gan sliocht d’fhágáil. I n‐a dhiaidh sin fuair an bhean féin bás. 23Nuair thiocfas an aiséirghe, cia aca dhíobh gur leis an bhean? óir do bhí sí ’n‐a mnaoi ag an móir‐sheisear. 24Adubhairt Íosa leo, Nach é an t‐adhbhar atá ag bhúr gcur amugha, gan eolas do bheith agaibh ar na scrioptúiribh, ’ná ar chumhacht Dé? 25Óir, nuair éireochas siad ó na marbhaibh, ní bhéidh daoine ag pósadh ná ag tabhairt le pósadh; acht bhéidh siad mar na h‐aingil ins na flaitheasaibh. 26Acht i dtaobh na marbh, go n‐aiséirigheann siad; nár léigheabhar i leabhar Mhaoise, mar a dtráchtar ar an sceich, cionnas do labhair Dia leis, ’g‐a rádh, Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Iosóig, agus Dia Iácóib? 27Ní h‐é Dia na marbh é, acht Dia na mbeo: d’á bhrigh sin, atá sibh‐se amugha go mór.
28Agus tháinig chuige duine de na scríobhaidhthibh do bhí ag éisteacht leis an diospóireacht do bhí eadortha, agus ó do bhí a fhios aige a fheabhas d’fhreagair sé iad, d’fhiafruigh sé dhe, Créad í an phríomh‐aithne de na h‐aitheantaibh uile? 29Agus d’fhreagair Íosa, Is í an phríomh‐aithne dhíobh uile, Éist, a Israel; is aon Dia amháin do Thighearna‐sa: 30agus grádhfaidh tú an Tighearna do Dhia ó do chroidhe go h‐iomlán, agus ó t’anam go h‐iomlán, agus ó t’inntinn go h‐iomlán, agus ó do neart go h‐iomlán. 31Is í an dara h‐aithne, Grádhfaidh tú do chómharsa mar tú féin. Ní fhuil aithne eile is mó ’ná iad so. 32Agus adubhairt an scríobhaidhe leis, Is fíor dhuit é, a Mháighistir, is maith adubhrais gurab aon Dia amháin é; agus nach bhfuil ann acht é: 33agus a ghrádhadh ó’n gcroidhe go h‐iomlán, agus ó’n dtuigsin go h‐iomlán, agus ó’n neart go h‐iomlán, agus an chómharsa do ghrádhadh mar an duine féin, gur mó sin go mór ’ná na h‐íodhbartha dóighte agus na h‐ofrála go léir. 34Agus nuair do chonnaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar, adubhairt sé leis, Ní fhuilir‐se i bhfad ó ríoghacht Dé. Agus níor lámh aon duine ceist do chur air as sin amach.
35Agus ag teagasc d’Íosa sa teampall, adubhairt sé, Cionnas adeir na scríobhaidhthe gur mac do Dháibhi Críost? 36Adeir Dáibhi, féin tríd an Spiorad Naomh:
Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa,
Suidh ar mo láimh dheis,
Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fá bhonn do chos.
37Goireann Dáibhi féin Tighearna dhe; agus cionnas atá sé ’n‐a mhac aige? Agus d’éist an sluagh go fonnmhar leis.
38Agus sa teagasc dó adubhairt sé, Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áit na margadh, 39agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus ins na fleadhannaibh: 40iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; do‐gheobhaid‐sean an breitheamhnas is truime.
41Agus do shuidh sé os cómhair an chiste, agus thug sé fá deara cionnas do chuireadh na daoine airgead isteach sa gciste: agus do chuir a lán daoine saidhbhir mórán isteach ann. 42Agus tháinig baintreabhach bhocht amháin, agus do chuir sise isteach ann dá chianóig, do‐ghní feoirling. 43Agus do ghlaodh sé chuige a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Is mó do chuir an bhaintreabhach bhocht so isteach ’ná iad‐san uile d’á bhfuil ag cur nidh ann: 44Óir is d’á n‐acfuinn do chuireadar‐san ann acht do chuir sise ann, d’á dealbhas, a raibh aici, a cuid de’n tsaoghal.
Currently Selected:
Marcus 12: ATN1951
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932