Marcus 3
3
1Agus do chuaidh sé isteach aris sa tsionagóig; agus do bhí fear annsin ag a raibh lámh leis seargtha. 2Agus do bhíodar ag faire an leigheasfadh sé é, lá na sabóide: le súil go mbéadh cúis aca air. 3Agus adubhairt sé leis an bhfear ag a raibh an lámh sheargtha, Seas amach annso. 4Agus adubhairt sé leo, Cia aca is dleaghthach, an mhaith do dhéanamh, nó an t‐olc do dhéanamh, lá na sabóide? anam duine do shlánú nó do mhilleadh? Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost. 5Agus ag féachain dó go feargach ’n‐a thimcheall ortha, agus brón air mar gheall ar chruadhas a gcroidhe, adubhairt sé leis an bhfear: Sín amach do lámh uait. Do shín: agus do leigheasadh an lámh. 6Agus d’imthigh na Fairisínigh amach, agus ar an lathair do ghlacadar cómhairle le muinntir Ioruaith ’n‐a aghaidh, agus iad ag iarraidh slighe do cheapadh le n‐a mhilleadh.
7Acht d’imthigh Íosa agus a dheisceabail i dtreo na fairrge: agus do lean sluagh mór é ó’n nGalilé, 8agus ó Iúdaea, agus ó Iarúsalem, agus ó Idúmaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán, agus daoine as ceanntar Thuire agus Shídóine, thángadar ’n‐a sluagh mór chuige, nuair do‐chualadar tuairisc na ngníomh mór do bhí déanta aige. 9Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh bád beag do choimhéad i gcómhair dhó i gcómhnaidhe, mar gheall ar an sluagh, ar eagla go mbrúghfaidís é; 10óir do bhí sé tar éis mórán daoine do leigheas; ar chuma go raibh na daoine ar a raibh aicíd ar bith, go raibh siad ag brúghadh isteach air, ag cuimilt leis. 11Agus nuair do‐chíodh na spioraide neamh‐glana é, do shléachtaidír dó, agus do ghlaodhaidís amach agus adeiridís, Is tusa Mac Dé. 12Agus do chuir sé cosc leo go minic, gan leigean dóibh é d’fhoillsiú.
13Agus do chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus do ghlaodh sé chuige na daoine ba thoil leis: agus thángadar chuige. 14Agus do thogh sé dhá fhear déag le bheit ’n‐a fhochair, go gcuirfeadh sé amach ag seanmórú iad, 15agus go mbéadh ar a gcumas deamhain do chaitheamh amach: 16agus thug sé Peadar mar ainm ar Shíomón; 17agus Séamas mac Shebedé, agus Eoin dearbhráthair Shéamais, ortha‐san thug sé Bóanérges, is é sin, Mic tóirnighe: 18agus Aindrias, agus Pilib, agus Parthalán, agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeuis, agus Taddaeus, 19agus Síomón an Canáníteach, agus Iúdás Iscariót, an fear do bhraith é.
20Agus tháinig sé isteach i dtigh. Agus do chruinnigh an sluagh arís, i dtreo nárbh fhéidir dhóibh fiú biadh do chaitheamh. 21Agus nuair do‐chuala a cháirde é, do chuadar amach le breith air; mar adubhradar, Is ar mí‐chéill atá sé. 22Agus na scríobhaidhthe tháinig anuas ó Iarúsalem, adubhradar‐san, Atá Belsibub ann, agus is le cumhacht prionnsa na ndeamhan chaitheas sé na deamhain amach. 23Agus do ghlaodh sé chuige iad, agus adubhairt sé leo i samhlaoidibh, Cionnas is féidir le Sátan Sátan do chaitheamh amach? 24Agus má bhíonn ríoghacht deaghailte ’n‐a coinnibh féin, ní féidir do’n ríoghacht sin seasamh. 25Agus má bhíonn líon tighe deaghailte ’n‐a choinnibh féin, ní féidir do’n líon tighe sin seasamh. 26Agus má éirigheann Sátan ’n‐a choinnibh féin, agus é do bheith deaghailte ann féin, ní féidir dhó‐san seasamh, acht atá deireadh leis. 27Ní féidir d’aon duine dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a throscán d’fhuadach leis, muna gceanglaidh sé ar dtús an fear láidir: annsin sladfaidh sé a theach. 28Go fírinneach adeirim libh, Maithfear do chlannaibh daoine a bpeacaidhe go léir, agus gach dia‐mhasladh d’á ndéanfaid: 29acht cibé duine adéaras dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh seisean maitheamhnas choidhche, acht béidh sé cionntach i bpeacadh síorraidhe; 30óir adubradar, Is spioraid neamh‐ghlan atá ann.
31Agus tháinig a mháthair agus a dhearbhráithre: agus ’n‐a seasamh dhóibh amuigh, do chuireadar fios air, ag glaodhach air. 32Agus do bhí sluagh suidhte ’n‐a thimcheall: agus adubhradar leis, Féach, atá do mháthair agus do dhearbhráithre amuigh, agus iad ’gad’ lorg. 33Agus d’fhreagair sé iad agus adubhairt, Cia h‐iad mo mháthair agus mo bhráithre‐se? 34Agus ag dearcadh dhó thart ’n‐a thimhcheall ortha‐san do bhi ’n‐a suidhe ’n‐a thimcheall, adubhairt sé, Féachaidh, is iad sin mo mháthair agus mo bhráithre! 35Óir cibé duine do‐ghní toil Dé, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.
Currently Selected:
Marcus 3: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932